Seanad Éireann - Volume 159 - 19 May, 1999

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill, 1999: Second and Subsequent Stages.

Question proposed: “That the Bill be now read a Second Time.”

Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Éamon Ó Cuív): Is é an cuspóir atá leis an mBille gairid seo – an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1999 – ná an tréimhse ama incheadaithe is faide idir thoghcháin d'Údarás na Gaeltachta a mhéadú ó cúig bliana go dtí cúig bliana agus sé mhí.

Go bunúsach mar sin is é atá i gceist ná foráil shimplí a chur isteach sna hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 to 1993, a thabharfaidh níos mó solúbachta don Aire feasta i dtaca le dáta thoghchán an údaráis.

I 1989 agus i 1994 reachtáladh toghchán an údaráis ar an lá céanna leis na toghcháin Eorpacha. I mbliana tárlaíonn sé go bhfuil tréimhse níos faide ná cúig bhliain idir na Toghcháin Eorpacha is déanaí agus an ceann atá le bheith ar siúl i mbliana (9 Meitheamh 1994: 11 Meitheamh 1999). Mar sin, lasmuigh d'aon chúis eile, bheadh gá le leasú a dhéanamh san Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, chun toghchán an údaráis a reachtáil ar an lá céanna leis na toghcháin Eorpacha.

Bhí sé mar aidhm agam go mbeadh reachtaíocht leasaithe a dhéanfadh athstruchtúrú ar bhord an údaráis rite in am chun toghchán an údaráis a chur ar siúl, faoi réir socraithe nua toghchánaíochta, in Aibreán/Bealtaine na bliana seo [791] nó fiú ar an lá céanna leis na Toghcháin Eorpacha agus áitiúla – 11 Meitheamh. Ar chúinsí a mhínóidh mé ar ball níl sé sin indéanta anois. Is léir nach féidir cloí leis an dáta 8 Meitheamh nó fiú leis an dáta 11 Meitheamh más toghchán faoin struchtúr nua atá le bheith ann don údarás. Feictear domsa go gcaithfear a bheith praiticiúil faoi dháta toghchán an údaráis agus sna cúinsí go léir measaim go n-aontóidh an Seanad gur socrú réalaíoch é an toghchán sin a chur siar.

Maidir le toghchán an údaráis a reachtáil ar dháta ar leith ó na Toghcháin Eorpacha agus áitiúla tá sé ráite gur cur amú airgead an cháiníocóra é sin. Ní aontaím leis an dearcadh sin. Faoi mar is eol don Seanad ritheadh Toghchán 1979 agus 1984 an údaráis leis féin. Is ó 1989 ar aghaidh a ritheadh an toghchán ar an lá céanna le toghcháin eile. Glacaim leis go mbeidh costais bhreise ann má bhíonn toghcháin an údaráis ar siúl ar dhátaí ar leith ó thoghcháin eile ach ní suim shubstaintiúil bhreise a bheidh i gceist. Ní aontaím ach an oiread leis an dearcadh gurbh fhearr toghchán an údaráis a chur ar siúl sa samhradh seachas san fhómhar nó sa gheimhreadh. Is i rith an tsamhraidh a bhíonn cuid mhaith de mhuintir na Gaeltachta an-ghnóthach le cúrsaí iascaireachta agus feilméireachta, coláistí samhraidh, turasóirí, srl., agus, mar gheall air sin, b'fhearr leo i mo thuairim go reachtálfaí toghchán an údaráis ag tráth eile den bhliain.

Táimse féin den tuairim gur maith an rud é toghchán an údaráis a bheith ar siúl ar dháta ar leith ó thoghcháin eile chun deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta díospóireacht cheart a bheith acu maidir leis na ceisteanna tábhachtacha a bhaineann leis an údarás, leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Ní féidir é sin a dhéanamh i gceart má tá toghcháin eile ar siúl ar an la céanna. Bheadh sé sin níos deacra fós i mbliana os rud é go bhfuil na toghcháin áitiúla le bheith ar siúl freisin in éineacht leis na toghcháin eorpacha. Ní miste a rá freisin go bhfuil moltaí an Rialtais maidir le hathsctructúrú a dhéanamh ar an údarás fógraithe go poiblí agus go bhfuil pobal na Gaeltachta ag tnúth leis na socraithe nua. Ní bheadh sé ceart ná ciallmhar mar sin, dar liom, an toghchán a reachtáil faoin seanstruchtúr toghchánaíochta. Ar an taobh eile den scéal, d'ainneoin toghchán na bliana seo den údarás a chur siar, ní bheidh cosc ann amach anseo an toghchán sin a chur ar siúl ar an dáta céanna leis na toghcháin Eorpacha nó ar an dáta céanna le toghcháin eile fad is atá sin laistigh den tréimhse in alt 28 den reachtaíocht.

Leis an mBille gairid seo ina Acht agus leis an mBille cuimsitheach a fhoilseofar go luath rite roimh shos an tsamhraidh bheadh na socraithe toghchánaíochta nua atá luaite agam i bhfeidhm in am chun toghcháin don údarás a chur ar siúl san fhómhar. Ní féidir liom a rá ag an bpointe seo cén uair go díreach san fhómhar a bheidh an [792] toghchán sin ar siúl. Déanfar an dáta a fhógairt i dtráth chuí. Beidh gá le leasú a dhéanamh sna Rialacháin a bhaineann le toghchán an údaráis chun iad a thabhairt suas chun dáta agus tá an obair sin idir lámha freisin.

Mar a dúirt mé níos luaithe san óráid seo is fearr gur faoin struchtúr nua toghchánaíochta a reachtálfaí an chéad toghchán eile don údarás. Ba mhaith liom anois cúpla focal a rá faoin athstruchtúrú atá i gceist. Faoi mar is eol on Seanad, ní foláir, tá an Rialtas tar éis toiliú le moltaí ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán maidir le hathstruchtúrú a dhéanamh ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Tá obair ar siúl i gcónaí chun críoch a chur le dréachtú Bille a dhéanfaidh leasú substaintiúil ar na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 to 1993, chun feidhm a thabhairt do chinnidh an Rialtais i dtaobh na ceiste. Is iad na leasaithe maidir le hathstruchtúrú de atá i gceist sa Bhille cuimsitheach ná: líon na gcomhaltaí tofa ar an údarás a mhéadú; toghcheantar ar leith a bheith ann do gach contae Gaeltachta; agus na coistí réigiúnda de chuid an údaráis a chur ar bhonn reachtúil.

Níl i gceist agam tuilleadh a rá faoi na leasaithe sin inniu mar tá mé ag súil leis go bhfoilseofar an Bille cuimsitheach go luath. Beidh deis againn ansin díospóireacht leathan a bheith againn maidir le ról an údaráis, maidir leis an méid atá bainte amach ag an eagraíocht ó bunaíodh é beagnach fiche bliain ó shin agus, ar ndóigh, maidir leis na moltaí sonracha a bheidh sa Bhille.

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag tnúth leis an díospóireacht sin. Níl aon amhras orm ach go mbeidh tuairimí fiúntacha le nochtú ag an Seanad faoi mholtaí an Rialtais. Is trua nach bhfuil an Bille cuimsitheach réidh agus gur gá an Bille gairid atá os ár gcomhair inniu a thabhairt isteach. Go príomha is í an chúis nach bhfuil an Bille cuimsitheach ullamh ná go raibh ar an bhfoireann sa Roinn atá ag plé leis an reachtaíocht sin tús áite a thabhairt don obair a bhain leis an bhForas Teanga Thuaidh Theas sa chéad ráithe den bhliain seo

Molaim an Bille don Seanad.

Mr. McDonagh: Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Teach seo agus is mian liom a rá nach bhfuil mo pháirtí in aghaidh an Bhille seo. Go deimhin, aontaím leis an mBille chomh fada agus a théann sé fada go leor im thuairimse. Níl aon trioblóid agam leis an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit maidir le toghchán an údaráis a chur siar agus gan iad a chur ar siúl an lá céanna leis na toghcháin Eorpacha agus na toghcháin áitiúla.

Ach b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá gcuirfeadh an tAire sin in iúl dúinn níos luaithe mar bhí daoine amuigh ansin ag ullmhú do thoghcháin an údaráis. Tá cuid díobh sin san iomaíocht do na toghcháin áitiúla. Dá mbeadh fhios acu go raibh na toghcháin don údarás le cur siar seans nach mbeadh siad san iomaíocht do na toghcháin áiti[793] úla. Anois tá a gcuid pleananna ar seachrán, mar a déarfá.

Tá seans ann go mbeidh daoine ag fáil suíocháin sna toghcháin áitiúla agus nach rachaidh siad ar aghaidh ar chor ar bith do na toghcháin d'Údarás na Gaeltachta. B'fhéídir go mbeadh sé níos fearr don Aire an scéal a thabhairt dúinn faoi na toghcháin sé mhí nó bliain ó shin. Tá súil agam go mbeidh seans againn anois plé a dhéanamh ar an údarás nuair a bheas an toghchán seo ag seasamh ar a bhonnaí féin ionas go mbeidh caint againn ar gach gné a bhaineann le saol na Gaeltachta.

Tá súil agam go mbeidh an córas láidir i bhfeidhm tar éis an toghcháin seo. Tá imní ar dhaoine go mbeidh réigiúin á gcur i bhfeidhm agus mar sin nach mbeidh an cumhacht céanna ag an “umbrella body” agus a bhí roimhe seo.

Caithfidh an chumhacht a bheith ag an údarás, a bhfuil obair iontach déanta aige le fada an lá chun fostaíocht a chur ar fáil. Tá na mílte ag obair i scéimeanna agus i bpoist a fuair airgead ón údarás. Ní chóir an chumhacht a bhriseadh suas i measc réigiúin.

Táimid an-bhródúil as obair an údaráis i nGaeltacht Chonamara – nuair a bhí an tAire Stáit agus mé inár mball de Chomhairle Chontae na Gaillimhe rinneamar an-chuid ar son na Gaeltachta. Ar an gcomhairle contae, chuir muintir na Gaeltachta a n-aidhmeanna chun tosaigh agus rinneamar ar an gcomhairle chontae an rud céanna agus rinneadh sár-obair ar son na Gaeltachta.

Tá sé tráthúil anois amharc a thabhairt ar chumhachtaí agus ar fheidhmeanna an údaráis. Tá an bord le méadú ó thriúr déag go dtí seisear déag, duine ón Roinn Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta agus Oileán, duine ón Roinn Airgeadais agus comhairleoir.

Tuigim go mbeidh an t-údarás nua níos daonlathaí agus go mbeidh seans ag na Gaeltachtaí beaga nach raibh éinne ar an mbord acu go dtí seo, duine a thoghadh dó. Is mór an trua nár chuamar níos faide agus scrúdú a dhéanamh ar chumhachtaí an bhoird.

Is eol dúinn na cumhachtaí atá ag an mbord faoi láthair – tionscail a bhunú agus tacú leis an nGaeilge agus leis an gcultúr. Tá sé tábhachtach go mbeadh cumhachtaí aige maidir le bóthair agus infrastruchtúr. Ba chóir go mbeidh bóthar ceart ag dul isteach chuig gach mór-Ghaeltacht agus is cuimhin liom na tuairimí a bhíodh ag an Aire Stáit faoi seo nuair a bhí sé ar an gcomhairle chontae liom, a rá go mba chóir dúinn níos mó a chaitheamh ar bhóithre Chonamara. Tá muinín agam as an aire go ndéanfaidh sé é seo anois agus fadhb na “potholes” a leigheas.

Is trua nach bhfuil sé beartaithe leis an mBille seo níos mó cumhachtaí a thabhairt don údarás sa ghné seo. Tá a fhios againn gur Bille teoranta é seo agus go bhfuil sé d'aidhm aige ballraíocht an údaráis a mhéadú agus is maith sin.

[794] Beidh cúigear ó Ghaeltacht na Gaillimhe ar an mbord ach ba chóir go mbeadh duine nó beirt sa bhreis ar sin ann, go háirithe ó chuid de na hoileáin mhóra amach ón gcósta sin.

B'fhéidir go bpléfadh an tAire Stáit an cheist seo agus níos mó baill a chur ar an mbord ó na hoileáin. Bhí cruinnithe againn ar Inis Meáin agus Inis Oírr agus ar Inis Bo Finne agus tá fonn ar dhaoine ansin a bheith ar bhord mar seo.

De réir an Bhille tá an toghchán á chur siar sé mhí agus beidh seans againn roimhe sin plé a dhéanamh ar an mBille cuimsitheach atá le teacht. Aontaím leis an mBille seo agus tá mé ag súil go smaoineoidh an tAire ar mhuintir na n-oileán ar chur ar an mbord seo.

Labhrás Ó Murchú: Fáiltím roimh an Aire Stáit anseo agus faoin soiléiriú atá déanta aige inniu ar an mBille. Tá mé cinnte go bhfuil gach duine sásta an toghchán a chur siar go dtí go mbíonn am againn plé ceart a dhéanamh againn ar an mBille cuimsitheach ionas go mbeidh seans ag an bord atá ag teacht inteach tabhairt faoi na dualgais éagsúla a bheidh sa Bhille sin.

Tugann an mhoill tábhacht faoi leith don údarás leis mar go mbeidh seans sa toghchán sin díriú ar an nGaeltacht agus cúrsaí na Gaeltachta a phlé go mion. Rachaidh sé seo chun tairbhe do mhuintir na Gaeltachta.

I gcónaí ghlacamar go raibh an Ghaeltacht tábhachtach – is minic a tugadh “tobar na Gaeilge” uirthi. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin fíor níos mó leis an athrú atá tagtha ar an saol leis na gaelscoileanna agus Teilifís na Gaeilge. Is fearr gan a bheith ag brath go hiomlán ar an nGaeltacht chun an Ghaeilge a shlánú.

Is cruthú ann féin í an Ghaeltacht gur féidir don Ghaeilge a bheith mar ghnáth-theanga laethúil ag daoine áirithe. Aon duine a thug cuairt ar Ghaeltacht riamh agus go raibh dea-thoil acu i leith na Gaeilge, tháinig siad abhaile le muinín astu féin agus as polasai ghluaiseacht na Gaeilge agus polasaí an Stáit.

Táimid faoi chomaoin ag muintir na Gaeltachta as an fhíorfháilte a chuireadar roimh dhaoine ar mhórán nó ar bheagán Gaeilge i gcónaí. Nuair a bhí óg agus gan Gaeilge agam, bhí muintir na Gaeilge thar a bheith foighneach liom agus is dóigh gur mar sin atá fós. Ollscoil na Gaeilge a bhí sa Ghaeltacht mar ní amháin go mbíodh an teanga a fhoghlaim agus á labhairt ann ach bhíodh fealsúnacht agus traidisiúin na Gaeilge á phlé ann freisin mar aon le litríocht á chothú agus díospóireachtaí á thógáil idir an mhuintir ann agus Gaeilgeoirí lasmuigh. Tháinig daoine abhaile le dearcadh nua ar cad a bhí indéanta don Ghaeilge agus is iad muintir na Gaeltachta a chuir an tseirbhís sin ar fáil.

Beidh Bille cuimsitheach ag teacht níos déanaí ina ndéanfar plé ar an bhforbairt atá beartaithe don údarás. Ní bhaineann an Bille seo díreach leis an mBille cuimsitheach agus dúirt an tAire Stáit [795] go dtabharfar aitheantas do gach Gaeltacht trí thoghcheantar a chur ar fáíl dóibh. Tá níos mó i gceist ansin ná díreach toghchánaíocht – aithníonn sé go bhfuil gach Gaeltach difriúil ó chéile cé go bhfuil rudaí comónta ag baint leo uilig. Is minic a bhíonn riachtanais ar leith ag gach ceantar ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh na heacnamaíochta agus cúrsaí sóisialta. Is fearr féachaint ar gach Gaeltacht mar chás ann féin. Chualamar inniu faoi riachtanaisí Chonamara agus tá riachtanaisí eile ag an Rinn agus an Gaeltacht Ráth Cairn agus mar sin de.

Tuar dóchais is ea gach Gaeltacht nuair atáimid ag iarraidh an timpeallacht a Ghaelú. Is beag cabhair eile a bheas ann don Ghaelú sin agus tá mé cinnte go leanfaidh an Roinn orthu a bheith flaithiúil don Ghaeilge. Tá an-deathoil ann anois don Ghaeilge – tríocha bliain ó shin, is minic a bhí daoine diúltach i leith na Gaeilge ach bhí daoine ag éirí éadóchasach ina leith. Inniu, tá feabhas mór ar an scéal sin agus aon chabhair a thugtar don Ghaeltacht is cabhair don Ghaeilge freisin é.

Beidh ar ár gcumas forbairt níos mó a dhéanamh toisc maoin a bheith curtha ar fáíl don Ghaeltacht. Nílim ag caint ar na coláistí samhraidh amháin ná ar chúrsaí cultúrtha agus faoin nGaeltacht a bheith mealltach do dhaoine ar gach cúis.

Ní aon mhaitheas leanúint leis an seanchóras – ní hionann sin agus vóta muiníne. Tá sé thar am scrúdú a dhéanamh ar an gcóras mar a bhí ionas gur féidir modhanna nua-aimseartha a úsáid agus a bheith ciallmhar ó thaobh oibre de. Ní hé an t-idéalachas amháin atá ag teastáil ach dáiríreacht faoi chur chun cinn na Gaeilge agus go mbeimid sásta éisteach le daoine nach bhfuil ar an tuairim chéanna linn féin. Nuair a leathnaítear an díospóireacht amach is féidir dea-thoil a fháil ó dhaoine nach gcreideann i gcur chun cinn na Gaeilge agus leis an stádas méadaithe atá ag an tír seo anois is féidir féachaint ar an teanga mar chuid de réimse níos leithne. Bhí an t-ádh liomsa anois labhairt le daoine óga a chuaigh amach ón dtír seo agus gan aon ró-Ghaelachas ag baint leo a chonaic conas mar a bhí ó thaobh cúrsaí teanga i dtíortha eile na hEorpa – an Fhraincis mar shampla – thángadar ar ais le tírghrá nua agus iad sásta féachaint as an nua ar ár gcultúr agus ar ár n-oidhreacht. Bheadh an pobal an-sásta dá mbeadh tacaíocht an Stáít don Ghaeilge le tabhairt faoi deara.

Ba chóir go mbeadh na ceartanna céanna ag muintir na Gaeltachta agus atá ag daone in aon chuid eile den tír. Tá fostaíocht ag teastáil chun maireachtaint, tá saol sóisialta sásúil ag teastáil, go háirithe ón aos óg, tá struchtúr ceart saoil ag teastáil ann agus chuige sin tá airgead ag teastáil.

Ba chóir an díospóireacht a dhíriú ar chearta an phobail sin agus ní ar an nGaeilge amháin agus is cuimhin liom gur deineadh é sin ar an “Late Late Show” nuair a bhí an t-aerphort i gCnoc [796] Mhuire á phlé. Bhí daoine i gcathracha a cheap nár chóir aon airgead a chaitheamh ar aerphort nach mbeadh baint aige le cathair. Ach ag an am gcéanna bhí na milliún á gcaitheamh ar an gcóras DART i mBaile Átha Cliath. Dúradh go raibh sé sin ag teastáil ó mhuintir na cathrach ach tá na háiseanna céanna ag teastáil ó mhuintir Mhuigh Eo. Tá daoine ag teacht ar ais go Muigh Eo gach deireadh seachtaine agus ag filleadh ar a gcuid oibre ar an Luan agus ag caitheamh airgid ann fad a bhíonn siad ann. Tá gá le bheith i bhfad níos leathanaigeantí mar gheall ar an gceist seo – má chabhraíonn áiseanna le timpeallacht na Gaeilge comh maith leis an eacnamaíocht is amhlaidh is fearr é.

Aontaím leis an straitéis atá i gceist leis an mBille seo – ní bheadh sé cóir dul ar aghaidh go dtí go mbíonn an Bille cuimsitheach ar fáil. Nuair a thagann sé, is féidir le muintir an Tí seo an-obair a dhéanamh ar son na Gaeltachta trí phlé dhomhain a dhéanamh ar a bhfuil ann.

Mr. Ryan: Tá rud éigin cinniúnach faoin mhoill atá á cur ar thoghcháin an údaráís. Go leor de na rudaí atá geallta ag an Aire, tá moill futhu. Smaoiním ar an mBille Teanga, ar an mBille cuimsitheach sa chás seo agus tá sé léite agam go bhfuil an tAire ag smaoineamh ar athstaidéar a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta ach tá moill ann faoi. Tá moill ar obair a dhéanfaí ar chaighdeán na Gaoluinne sna Gaeltachtaí – táim buartha faoin athrú atá ag teacht ar an teanga iontu. Athraíonn teangacha agus athraíonn ceol agus ní féidir iad a choimeád in iarsmalann ach tá rud nua ag tarlú nach maith liom.

Is cosúil gur diúltaíodh don iarratas á tháinig ó Theilifís na Gaeilge do tuilleadh airgid agus tá sé sin náireach. Is ar an Rialtas atá an dualgas. Tá maoiniú i bhfad níos flaithiúla ag S4C sa Bhreatain Bheag. Tá ag éirí go maith le Teilifís na Gaeilge ach amháín nach bhfuil dóthain airgid aici chun an córas a leathnú amach. Tá an stáisiún sin agus Raidió na Gaeltachta bunaithe ar phrionsabal na craoltóireachta poiblí agus ba chóir an t-airgead cuí a chur ar fáil chun go mbeadh an tseirbhís go maith.

Iarraim ar an Aire Stáit smaoineamh faoi mhúineadh na Gaoluinne. Nuair a bhí an tAire Stáit ar Choiste na Gaoluinne deich mbliana ó sin, bhí sé buartha faoi seo freisin. Tá daoine ann a bhfuil an-imní orthu, fiú sna gaelscoileanna, go bhfuil Gaoluinn líofa lofa á labhairt ag an daltaí ansin. Níl blas leis ná foclóir atá leathan go leor. Tá sé in am dúinn freisin féachaint ar an bpolasaí faoina múintear An Caighdeán Oifigiúil sna scoileanna go léir. Is iontach an gheit a bhaintear as leanaí Chorcaí nuair a théann siad go Ciarraí agus fiú tar éis blianta a chaitheamh i ngaelscoil ní thuigeann siad focal a deirtear leo. Ní mar sin a ba chóir don chóras a bheith. Ba chóir dúinn glacadh leis go bhfuil difríochtaí idir an Ghaoluinn a mhúintear sna scoileanna agus an Ghaoluinn a úsáidtear [797] sna Gaeltachtaí agus ba chóir Gaoluinn an cheantair sin a mhúineadh i scoileanna an cheantair sin.

Ní oireann na teorainneacha Gaeltachta atá ann anois don Ghaoluinn – tá siad míchruinn. Tá áiteacha sna Gaeltachtaí, mar a thaispeáin Donncha Ó hÉallaithe in alt a scríobh sé do Chuisle, atá in ainm is a bheith ina nGaeltachtaí ach tá uimhir na ndaoine atá ag labhairt Gaoluinn ansin níos lú ná mar atá in áiteacha sa Ghalltacht. Ní haon dea-chomhartha é sin don phobal – nílimid ach ag ligean orainn gur Gaeltachtaí iad áiteacha atá níos Gallda ná áíteacha i lár na tíre.

Ceangailte leis sin tá ceist ann an mairfidh na Gaeltachtaí agus is do phobal na Gaeltachtaí an cinneadh sin. Tá contradictory signals ag teacht uathu. Tá comharthaí ann go bhfuil an pobal sin níos féin-mhuiníní ná mar a bhí riamh ach tá comharthaí eile sa saol eacnamaíochta go bhfuil daoine á rá go gcuireann an Ghaeilge isteach ar an turasóireacht. Tá roinnt mhaith siopaí i nGaeltacht Chiarraí mar atá i nGaeltacht Chonamara nach féidir a bheith ag brath ar fhreagra Gaoluinn á fháil iontu. Sin athrú a tharla le déanaí. Níl daoine sásta a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge.

Ach nuair is toil le daoine óga sa Ghaeltacht, labhrann siad Gaeilge eatarthu féin, cé go ligeann siad orthu go minic nach bhfuil siad sásta í a labhairt. Ag cluichí a mbíonn foireann na Gaeltachta ag imirt iontu, is minic a chloistear Béarla agus Gaeilge ón bhfoireann sin. Ba chóir dúinn ceist a chur ar mhuintir na Gaeltachta an dteastaíonn uathu a bheith ina nGaeltacht.

Níl an Ghaeltacht chomh lag anois is a deirtí – tá breis is 20,000 sa bhfíorGhaeltacht a labhraínn Gaoluinn gach lá. Ach ar an dtaobh eile de, sna háíteacha ina bhfuil níos mó ná 80 faoin gcéad den phobal ag labhairt na Gaoluinne, tá na háiteacha seo scartha amach óna chéile agus in áiteacha níl fíorGhaeltacht ann a thuilleadh. Níl ach dhá electoral districts i gCiarraí ina bhfuil níos mó ná 80 faoin gcéad de na daoine sásta a rá go labhraíonn siad Gaeilge gach lá.

Ba chóir a bheith macánta faoi seo. Ní hé go bhfuilimid i gcoinne nó ar son na Gaeltachta agus caithfimid tosú le rudaí mar atá siad. Caithfimid a fháil amach cad iad na bacanna atá ann – mar shampla má chuirtear múinteoir Gaeltachta ar an bpainéal, toisc laghdú a theacht ar uimhreacha i scoil, ní sa Ghaeltacht i gcónaí a chuirtear an múinteoir sin ag múineadh. Is minic go gcuirtear go dtí an bréagGhaeltacht í – tá fíorGhaeltacht, breacGhaeltacht agus an ceann is measa, bréagGhaeltacht, ann – agus ní oireann sé d'éinne go bhfuil a leithéid ar siúl.

Tá sé tábhachtach go bhfuil an toghchán á chur ar athló ar na cúiseanna a luaigh an tAire Stáit agus freisin dá mbeadh sé ar siúl ar an lá céanna leis an toghcháin eile, bheadh daoine ag dul isteach ag vótáil agus gan a fhios acu go dtí an lá sin gur sa Ghaeltacht a bhí siad ag cónaí. Bheadh sé seo fíor timpeall na Gaillimhe agus thart ar an [798] Daingean chomh maith agus b'fhéidir leis i mBaile Bhúirne, Bhí ball tofa den Údarás ag caint ag cruinniú i mBaile Bhúirne agus iarradh air labhairt as Béarla de bhrí go raibh daoine ag an gcruinniú nach raibh a ndóthain Gaeilge acu len é a thuiscint.

Leis an athrú seo, is iad muintir na fíorGhaeltachta is mó a bheidh páirteach san toghcháin seo nuair a thiocfaidh siad. Ní dóigh liom go dtabharfaidh na daoine sin ar imeall na Gaeltachta mórán aird orthu. Is cuma cén páirtí lena mbainfidh na daoine a thoghfar – daoine a bhfuil baint acu leis na Gaeltachtaí agus spéis acu iontu a bheas sna daoine seo.

Tá mé ag súil leis an mBille cuimsitheach ach níor chuala mé aon ní faoi chumhachtaí méadaithe don Údarás. Táimid fós ag iarraidh dul ón undemocratic centralism atá againn sa tír seo – níl an Roinn Airgeadais sásta cumhacht a thabhairt d'éinne atá taobh amuigh den gcóras lárnach. Ba chóir go mbeadh gach rud a bhaineann leis na Gaeltachtaí faoi smacht an Údaráis – bóithre, tionscail, turasóíreacht, oideachas. sláinte agus mar sin de. Autonomy atá ag teastáíl don Ghaeltacht agus an t-Údarás céanna i gceannas ar gach rud ionas go mbeadh aigne phobal na Gaeltachta dírithe ar na hinstitiúidí a bhaineann leis an nGaeltacht agus an fhreagarthacht go léir ag Údarás amháin. Chinnteodh sé seo go gcuirfí gach seirbhís ar fáil trí Ghaoluinn ann ag daoine a bhfuil cumas maith Gaoluinne acu.

Mr. Bonner: Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus mo bhuíochas dó as ucht gach atá sé ag déanamh fá choinne phobal na Gaeltachta agus na n-oileán. Tá díomá orm nach bhfuil i gcúraimí na Gaeltachta ach roinn bheag den Roinn Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta agus Oileán. Ba cheart go mbeadh roinn faoi leith ann do chúrsaí Gaeltachta mar tá a lán rudaí sa Ghaeltacht faoi chúram na Roinne sin – cúrsaí tionscail mar shampla – agus tá mé ag súil leis an lá go mbeidh cúrsaí Gaeltachta faoi chúram Aire amháin,

De réir an Bhille seo, méadófar an tréimhse idir thoghchaín don Údarás ó cúig bliana go dtí cúig bliana go leith. Mar atá ráite ag an Aire Stáit, tá athstruchtúrú á dhéanamh ar bhord an Údaráis agus ní bheidh an reachtaíocht réidh go dtí an fhómhar. Tuigim an chúis leis an mBille seo cé nach n-aontaím leis an toghchán don Údarás a bheith ann gan na toghcháin Eorpach agus áitiúil ar an lá céanna.

Is mór an trua nach bhfuil an Bille cuimsitheach réidh. Cé gur fíor gur maith an rud é an toghchán seo a bheith ar siúl ar lá faoi leith chun seans a thabhairt do mhuintir na Gaeltacht machnamh ar na ceisteanna a bhaineann leo féin, measaim nach mbeidh mórán suime ag daoine sa toghchán seo nuair nach mbeidh an toghcháin seo ar siúl ar an lá céanna. Beidh céadchodán níos lú ag caitheamh a gcuid vótaí nuair nach mbeidh ann ach an t-aon toghchán amháin.

[799] É sin ráite, tá mé ag fanacht go géar ar an mBille cuimsitheach ata geallta. Tá moltaí an Rialtais faoin athstruchtúrú fógraithe go poiblí agus is mó an tsuim i measc phobal na Gaeltachta sna hathruithe seo agus bhí díospóireacht ghéar ann nuair a foilsíodh na moltaí. Táimid uilig ag fanacht anois ar an small print sa reachtaíocht agus ar na socruithe nua.

Tá a fhios againn go n-ainmneoidh an Rialtas triúr ball tofa as seo amach. B'fhearr liom féin nach mbeadh aon bhall ainmnithe ann agus go mbeadh muintir na Gaeltachta ábalta na baill uilig a thoghadh. Tá sé ráite go mbeidh méadú ar líon na gcomhaltaí tofa, go dtí a sé déag, agus is maith sin.

Beidh toghcheantar fé leith ann d'achan contae. Tá díomá orm nach mbeidh ach ceithre bhall ag Gaeltacht Thír Chonaill. Tá an Ghaeltacht sin iontach mór cé nach bhfuil an daonra céanna ann is atá i nGaeltachta na Gaillimh – tá an achar talún i bhfad níos mó ann agus é scaipthe ar fud an chontae uilig.

An deacracht atá agam féin ná nach mbeidh seans ag an Ghaeltacht Lár agus Gleann Cholmcille agus áiteacha mar iad baill tofa a bheith acu féin cé go bhfuil cuóta ann idir an dá cheantar sin. De bharr an chórais, ní bheidh siad riamh in ann baill a thoghadh.

Beidh trí bhall ag Baile Ghib, Ráth Cairn agus An Rinn, cé nach bhfuil ach daonra de 1,500 in achan áit. Tá daonra de 6,000 idir an Ghaeltacht Lár agus Gleann Cholm Cille agus daonra chomh mór ann idir cheantair bheaga eile i dTír Chonaill is atá i gceann ar bith de na ceantair bheaga atá scaipthe ar fud na tíre.

B'fhéidir go mbreathnódh an tAire Stáit ar an gceist seo arís agus uimhir na mball do Thír Chonaill a mhéadú. Munar féidir, tá súil agam go mbeidh suíochan aonair ann d'áiteacha áirithe taobh istigh de na contaetha, mar atá acu sa Bhreatain.

Aontaím lena bhfuil á dhéanamh chun na coistí réigiúnacha a chur ar bhonn reachtúil. Is féidir i bhfad níos mó a dhéanamh ag an leibhéal áitiúil, mar atá cruthaithe ag an struchtúr seo.

Tá tacaíocht an Rialtais don Ghaeltacht le feiceáil go soiléir sa soláthar airgid atá curtha ar fáil don Údarás agus do na scéimeanna Gaeltachta sa Roinn. Gabhaim buíochas leis as an bhfógra a rinne sé inné faoi na bealtaí príomháideacha i dTír Chonaill.

Is le cúrsaí tionsclaíochta is mó atá an t-Údarás ag plé go dtí seo – tá jab an-mhaith déanta acu ann. I dTír Chonaill tá an t-ionad tionsclaíoch i nGaoth Dóbhair a bhuíochas do Roinn na Gaeltachta. Bhunaigh Gaeltarra Éireann aerphort Dhún na nGall agus ní bheadh an t-aerphort sin ann dá mbeimis ag brath ar an IDA agus ar Údaráis mar iad.

Ba mhaith liom dá mbeadh an tAire Stáit sásta cúraimí turasóireachta sa Ghaeltachta a chur faoi [800] chúram an Údaráis as seo amach mar níl na ceantair Ghaeltachta ag fáil cothrom na Féinne ón Roinn Turasóireachta. Molaim an Bille.

Mr. Chambers: Fáiltím roimh an mBille seo. Tá sár-obair á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta. I welcome this Bill. The 1997 annual accounts of Údarás na Gaeltachta indicate a positive, progressive strategy and structure for the Gaeltacht areas that have addressed constructively its obligations as a statutory body. The members of the board, including the chief executive and staff, have established themselves as prime movers of development within the Gaeltacht areas. The job creation programme has been extremely successful. Of a total of 1,073 jobs, 60 per cent were within the established structure of factories and businesses. They have exceeded their targets and while this is a good economic time, it shows that Údarás is focused positively on the regeneration of the Gaeltacht areas. The overall programme dealing with youth, culture of language, tradition, technology and educational development takes a comprehensive approach. I welcome the focus on the European sector and the substantial funding under the INTERREG, Youthreach and other programmes which support the development throughout the sector by Údarás na Gaeltachta. I welcome this Bill because it is more comprehensive and refers to the overall development of Údarás na Gaeltachta which has functioned well and has a great track record.

Some of the programmes outlined in the report should focus on co-operation with local authorities. For example, the Baile Beo programme provides many small towns and villages with a great opportunity for planning renewal, urban renewal and various other schemes. After looking at the financial structures of county councils, in conjunction with Údarás na Gaeltachta, I think a lot more progress could be made in those areas. Any improvement measures would have a definite impact.

Údarás na Gaeltachta addressed its peripherality difficulties in a direct manner. It is time the State and the Department of the Environment and Local Government played a more positive role in dealing with the peripherality aspect. The Government should examine what has happened in Gaeltacht areas and deal with the region's peripherality by investing in infrastructure and roads. Údarás na Gaeltachta may have had its failures but it has had to deal with difficult situations. Its track record and value for money to the State are second to none. The Government should look at it like that, particularly when it considers the rural development programme which will affect every rural area. The Government should recognise the work carried out by Údarás na Gaeltachta and the positive changes it has achieved.

I welcome the technological advancement in the area and the retraining opportunities available to [801] unemployed people or anyone seeking employment. This is a welcome measure in an ever changing society. The board of Údarás has adapted to any changes and taken every opportunity to avail of funding to deal with these situations.

With regard to partnership boards, they have worked well even though they were experimental programmes. Meitheal Forbartha Teoranta has worked with limited resources and limited target areas and showed us that we need specific targeting of resources in order to continue and expand existing developments. There should be focused, targeted investment in existing businesses that reside in the peripheral areas. Businesses located in Gaeltacht areas have a limited turnover and profit margin due to the amount of business available. As a result of MFT's work, we can see there is a need for focused investment. It would act as an inducement for the ordinary residential business people in Gaeltacht areas. Many of those areas were not included in the tax incentive scheme which attracted substantial investment to other parts of the country. We need to encourage that investment and encourage the people who reside in the Gaeltacht areas, create jobs and provide services for local people. Opportunities do exist in any new considerations for development.

Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Éamon Ó Cuív): Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as ucht fáilte a chur roimh an mBille agus as ucht an méid atá ráite acu. Ar ndóigh, beidh díospóireacht níos cuimsithí againn nuair a thiocfaidh an Bille cuimsitheach faoi bhráid an tSeanaid.

Thóg an Seanadóir Mac Donncha ceist maidir le dáta an toghcháin. Dúirt mé arís agus arís eile ar Raidió na Gaeltachta gurb é sprioc an Rialtais ag tús an earraigh go mbeadh na toghcháin go léir ar an lá céanna ach sa gcás nach raibh sé sin indéanta go gcaithfí iad a chur siar agus chuir mé an fainic sin ann i gcónaí mar bhí amhras ann iriamh go dtarlódh sé.

An rud a chuir an lúb ar lár sa scéal ar fad ná gur tháinig an Bille a bhain leis an bhForas Trasteorann ar aghaidh i bhfad níos sciobtha ná mar a bhímid ag ceapadh agus bhí orainn an fhoireann an-bheag atá againn a bhí ag obair ar Bhille an Údaráis a chur i leataobh agus a chur ar obair ar Bhille an Fhorais Thrasteorann. Ar an bpointe go raibh a fhios agam nach n-éireodh liom an spriocdháta a bhaint amach, chuir mé é sin in iúl go poiblí. Cuireann sé iontas orm go ndéarfadh éinne go bhfuil daoine ag ritheacht sna toghcháín áitiúla nach ritheadh dá gceapfadh siad go mbeadh toghchán an Údaráis níos deireannaí i mbliana. Bhí sé le tuiscint ó thús muna mbeadh toghchán an Údaráis ar an lá céanna go mbeadh sé am éigin eile i mbliana.

Ceann de na chéad cheisteanna a chuir mise ar an Údarás nuair a bhí mé ag smaoineamh ar Bhille cuimsitheach a thabhairt isteach ná an raibh aon chumhacht nach raibh acu a chaithfí a [802] scríobh isteach in Acht. Sé sin, an raibh laincisí reachtúla ann maidir le cumhachtaí an Údaráis in aon rud.

An freagra a tháinig ar ais ón Údarás agus a chaithfeadh duine a theacht air, dá léifeadh siad Acht Údarás na Gaeltachta, 1979, ná nach bhfuil aon laincis san Acht maidir le cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás. Is faoi chinneadh Rialtais é sin ach níl aon bhac san Acht mar atá sé.

Maidir le hinfrastruchtúr na Gaeltachta, shílfeá ón dream a oibríonn trí Ghaeilge nach bhfuil aon Roinn Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta agus Oileán ann, nach bhfuil oifig sna Forbacha, nach ndéanann oifigí an údaráis i gCiarraí, Gaillimh agus Tír Chonaill a gcuid oibre trí Ghaeilge. Déanann agus obair an-mhaith. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do na státseirbhísigh atá ag plé leis na ceisteanna seo.

Tá baint nach beag an Roinn le cúrsaí infrastruchtúir sa Ghaeltacht. Ó tháinig mé isteach mar Aire Stáit, le tacaíocht ón Aire, tá i bhfad níos mó airgid caite ar infrastruchtúr na Gaeltachta ná mar a caitheadh riamh. Mar shampla, tá ag éirí thar cionn le scéim na gcéibheanna beaga agus tá moladh mór ag teacht chugam ó chuile thaobh polaitíochta agus ó chuile Ghaeltacht ina taobh. Tá caoi á chur ar chéibheanna anois a bhí fágtha ansin le fada an lá.

Tá fógraithe agam go bhfuil scéim céibheanna straitéiseacha á réiteach ar fud na Gaeltachta agus tá iarrtha agam ar na comhairlí contae ar fad moltaí cinnte a chuir faoi mo bhráid. Tá mé tar éis teorainneacha airgid a chur leis ionas go mbeidh an scéim inoibrithe agus go ndéanfar é a airgeadú. Tá an t-airgead agam le dul ar aghaidh leis sin agus tá súil agam nach fada uaim anois moltaí faoi chéibheanna straitéiseacha i chuile Ghaeltacht a chinnteoidh go dtiocfaidh fás ar thionscal na mara – an turasóireacht agus an iascaireacht agus an feirmeoireacht éisc. Is minic sa tír seo go ndéantar faillí i gcúrsaí mara agus tá go leor de chósta na hÉireann taobh istigh de na Gaeltachtaí.

Maidir le ceist na mbóithre, bhí deireadh le scéim na mbóithre áise. Ní amháin gur tugadh ar ais é ach anuraidh caitheadh i bhfad níos mó ar bhóithre áise agus ar athnuachan baile sa nGaeltacht ná mar a caitheadh iriamh cheana. Thionscnaigh mé obair athnuachan baile ar scála réasúnta mór sa nGaeltacht mar go bhfuil sé tábhacht go dtiocfadh fás fisiciúil ar an nGaeltacht, le go dtuigfeadh muintir na Gaeltacht nach áit í an Ghaeltacht atá ag fáil bháis.

Tógadh ceist maidir le hionadaithe ó na hoileáin ar Údarás na Gaeltachta. Is féidir linn é seo a phlé nuair a bhíonn an Bille cuimsitheach faoi bhráid an Tí. Níl freagra éasca ar an gceist seo. Bhreathnaigh mé ar na hoileáin agus chuir mé an cheist orm féin – an fearr go mbeadh ionadaí na n-oileán i gContae na Gaillimhe ag baint leis an gcontae? Níl aon amhras ann nó go mbeadh toghlacht comhdhéanta de na hoileáin – dála an scéil, níl Inis Bó Finne sa nGaeltacht – ach tá cuid de na hoileáin seo fíorbheag ó thaobh daonra de. Ina leithéid de chás, is duine ó Oileán [803] Árainn a thoghfaí go deo na ndeor. Tar éis tamaill is dóigh liom go dtiocfadh ionadaíocht chugam ó Thír Chonaill á rá go mb'fhearr leo go mbeadh duine as Tír Chonaill ag déanamh ionadaíocht thar a gceann agus an rud céanna ó mhuintir Chorcaí. Mar sin, chinn mé agus ghlac an Rialtas leis gur ar bhonn contae a bheadh an rud seo briste síos.

Thóg an Seanadóir Ó Cnáimhsí ceist faoi cén fáth ar tugadh minimum de dhuine amháin do chuile chontae Gaeltachta. Dá leanfainn an coibhneas a ba ghá chun é sin a dhéanamh ar fud na Gaeltachta b'fhéidir go mbeadh céad nó níos mó ar bhord an Údaráis.

Údar simplí a bhí le sin. Mar ionadaí do Chontae na Gaillimhe rinne mé ionadaíocht thar cinn do leithéidí Árainn agus Litir Mealláin agus an ceantar sin ar fad. Mar ionadaí do Ghaillimh bhí sé de bhuntáiste agam gurbh leis an chomhairle chontae amháin a bhí mé ag plé, agus mar an gcéanna leis an gcoiste réigiúnach agus leis an feidhmeannaigh tithíochta amháin a bhí mé ag plé leo. Níorbh amhlaidh don dream a bhí tofa do Ghaillimh, Muigh Eo agus Contae na Mí. Mar a tharla ní raibh aon fhadhb acu ionadaíocht a dhéanamh ar son na Gaillimhe ach nuair a bhí Contae na Mí i gceist ní raibh deis acu riamh aithne a chur ar an gcóras rialtais áítiúil sa chontae sin. Mar sin bhí easnamh ann.

De bharr go bhfuil an oiread sin tionchair ar chontaetha sa tír seo, chreid mé gur chóir go mbeadh ionadaí amháin ar a laghad as chuile chontae. É sin déanta, ní fhéadfainn leanacht ar aghaidh leis an gcoibhneas sin nó bheadh an bord i bhfad ró-mhór. Tá 24,000 i nGaeltacht Thír Chonaill. Má roinntear é sin ar a ceathair, beidh ionadaí ann do gach 6,000 duine. Is ar mhuintir Ghleann Cholmcille agus an Ghaeltacht Láir a bheas an milleán muna dtoghann siad duine mar tá cuóta iomlán eatarthu. Mar dhuine atá ag cónaí i gceann de na ceantair is scoilte amach i gcontae na Gaillimhe, má leantar an loighic atá á chur faoi mo bhráid anois, ní amháin nár cheart go mbeadh mise tofa ar an gcomhairle chontae ach ní bheinn i nDáíl Éireann go deo. Taobh ó dheas díom tá an loch, taobh ó thuaidh agus ó thoir díom tá Contae Muigh Eo agus taobh thiar díom tá an fharraige. Níl ach míle vóta sa cheantar ina bhfuilim, a shíneann fiche míle ar fhad.

Ach ar ndóigh ní mar a chéile a vótáileann daoine agus beidh an-iontas orm mura mbeidh duine tofa ón nGaeltacht Lár agus ó Ghleann Cholmcille in éineacht. Beidh a fhios againn ar ball cé aige a bhí an ceart.

Bhí áthas orm gur thacaigh an Seanadóir Ó Murchú agus Seanadóírí eile leis an díospóireacht. Ní aontaím go ndéanfar dearmad ar an toghchán seo. B'fhéidir i measc daoine taobh amuigh de shaol na Gaeltachta go mbeidh sé sin fíor ach le Raidió na Gaeltachta agus Teilifís na Gaeilge ann, creidim go mbeidh díospóireacht iontach bríomhar ann ar cheist na Gaeilge agus ceist na Gaeltachta.

Is buntáiste a bheas ann má bhíonn an saol an-[804] ciúin faoin am go dtagann an toghchán seo. Beidh deis ag na meáin agus ag an bpobal díriú ar an bhfeachtas ar bhealach nár rinneadh riamh cheana. Buntáiste eile a bheas ann má tá cuid mhaith den díospóireacht i dteanga na Gaeilge mar is iad an dream atá ag labhairt Gaeilge sa Ghaeltacht a chuirfidh spéis ann.

D'ardaigh an Seanadóir Ó Riain go leor ceisteanna agus ba mhaith liom cúpla ceann a fhreagairt. Tá moill ar an mBille Teanga agus ar Bhille an Údaráis ach tá míniú an-simplí ar an scéal. Tá níos mó reachtaíochta á réiteach agus súil agam cuid mhaith de a fhoilsiú i mbliana. Tá níos mó reachtaíochta idir chamáin ag an Roinn anois ag buíonn an-bheag sa Roinn ná mar a ritheadh ó 1956 i leith agus Acht na bliana sin san áireamh. Nuair a bheidh tréimhse an Rialtais seo thart, beidh sé le maíomh agam gur cuireadh tríd níos mó reachtaíocht bhunúsach shubstaintiúil i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta i mo thréimhse ná ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956. Sin níos mó i gceithre bliana ná mar a bhí le ceathracha bliain.

Socraíodh go mbeadh córas agus díospóireacht an-bhunúsach ann agus go rachfaí i gcomhairle le Bord na Gaeilge, an t-Údarás, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus eile faoin mBille Teanga. Rinneadh é sin agus bhí comhdháil idirnáisiúnta teangan i gceist. Caithfear cuimhneamh leis an mBille Teanga go bhfuiltear ag caint faoi píosa reachtaíocha as an nua uilig. Bhreathnaigh muid ar an hAchtanna Teanga ar fad ach ní raibh aon cheann acu feiliúnach ann féin do chás na hÉireann, Is gearr anois go mbeimid ag cur meamram faoi bhráid an Rialtais maidir leis an mBille sin agus beidh an chéad chéim substaintiúil tógtha.

Tháinig an Bille Thuaidh Theas aniar aduaidh orainn agus tá go leor le réiteach maidir leis an bhforas thuaidh theas. Ritheadh an reachtaíocht tríd an Teach cheana agus bhí go leor cruinnithe i gceist i réiteach an Bhille sin chun teacht ar chomhfhoirmle le muintir an Tuaiscirt. An chuid sin den Bhille a bhaineann leis an nGaeilge agus le háisíneachtaí teanga, is sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán a réitíodh iad.

I gcás an Údaráis, is síneadh ama sé mhí atá i gceist againn. Níl againn ach go dtí 9 Nollaig chun an toghcháin a reachtáil. Chuige sin caithfidh Bille an Údaráis a bheith rite roimh shos an tsamhraidh. Ní raibhamar in ann a chinntiú go mbainfimid sprioc an 9 Meitheamh amach ach nílimid ag caint ach ar mhí nó beagán lena chois go dtí go mbeidh an Bille sin foilsithe agus Achtaithe roimh shos an tsamhraidh.

Maidir le caighdeán na Gaeilge sa Ghaeltacht, tá brúnna ar theangacha mionlaigh ar fud na hEorpa. Má tá réiteach ag éinne scríobh amach dom é agus achtóidh mé amárach é.

Ní mar sin atá. Tá céimeanna praiticiúla á ghlacadh agam. D'fhógair mé le déanaí go mbeidh campaí samhraidh ann don chéad uair riamh do ghasúir na Gaeltachta a bhainfidh leas oifigiúil as airgead na Gaeilge a caitheadh i gcónaí go dtí seo [805] ar ghasúir taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá daoine ag bogadh isteach sa Ghaeltacht agus gan Gaeilge acu agus caithfear rud éigin a dhéanamh faoi.

Is fada uainn é ó bhíodh gasúir na Gaeltachta ag sábháil an fhéir agus ag baint móna i rith an tsamhraidh – in ionad sin tá siad uilig ag dul ar champaí. Níl slí níos fearr le Gaeilge a shealbhú taobh amuigh den seomra ranga ná trí spraoi, spórt, ealaín agus na rudaí sin.

Táthar ag caint le scoileanna Gaeltachta faoi chúntóirí teanga mar atá acu i gCorca Dhuibhne a chur isteach sna Gaeltachtaí eile.

Tá obair ar bun ar phleanáil teanga sa Ghaeltacht. D'éirigh duine a raibh páirt mhór aige san obair sin tinn ach tá sé ag teacht chuige féin agus leanfar leis an obair arís go luath.

Caithfear tabhairt faoi cheist teorainneacha na Gaeltachta. Rinne Donncha Ó hÉallaithe obair mhaith ar an ábhar seo agus phlé mé an cheist leis. Le déanamh cinnte go mbeidh an t-eolas is cuimsithí dá raibh ar fáil iriamh ag Aire ar fáil agam, labhair mé leis an CSO agus d'iarr mé orthu figiúirí a chur ar fáil ná amháin do na Gaeltachtaí ach figiúiri comparáideacha do chuile toghcheantar sa tír uilig. Rinneamar cúpla dréacht. D'iarr Donncha Ó hÉallaithe ar chóir díreach daoine os cionn 19 mbliana a thógáil san áireamh. Ar chóir na gasúir scoile a thógáil san áireamh? Céard faoi na gasúir idir trí bliana agus ceithre bliana. Ceisteanna iontach spéisiúla ab ea iad seo. Thriáil muid é le chuile dhuine a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá agus fuair mé baile fearainn i gContae na hIar-Mhí ina ndúirt níos mó ná 50 faoin gcéad de na daoine go raibh said ag caint Gaeilge chuile lá. Léim mo chroí le háthas go dtí go bhfuair mé amach go raibh scoil chónaithe sa bhaile sin.

Tá na figiúirí atá ag teacht amach an-spéisiúil. Ach níl siad baileach ar an léamh a bhí ag Ó hÉallaithe ar na figiúirí a bhí aige siúd ar bhonn náisiúnta. Ceann de na ceisteanna a chuireamar ná cé mhéad daoine fásta atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Fuair mé liosta de na DDs a bhfuil níos mó ná 10 faoin gcéad acu ag labhairt Gaeilge chuile lá taobh amuigh den Ghaeltacht agus tharla go raibh chuile cheann acu ar imeall na Gaeltachta. Bhí cuid den DD taobh istigh den Ghaeltacht agus cuid de taobh amuigh. I gcás amháin ni raibh duine ar bith ag labhairt na Gaeilge go laethúil sa chuid sin den DD a bhí laistigh den Ghaeltacht agus bhí 15 faoin gcéad den dream taobh amuigh den Ghaeltacht ag maíomh go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil. Cuirfidh na mapaí eolas fíorchruinn ar fáil.

Mr. Ryan: An bhfoilseofar é sin?

Éamon Ó Cuív: Cinnte. Tá go leor oibre déanta air seo. Beidh na staitisticí seo úsáideach do phlé chuimsitheach. Tá na staitisticí ag teacht leis an [806] eolas atá againn sa Roinn faoin scéim Labhairt na Gaeilge.

Taispeánann sé go bhfuil roinnt ceantair ann atá mar an gcéanna ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus áiteacha taobh amuigh den Ghaeltacht. Taispeánann sé freisin nach bhfuil áit ar bith ann taobh amuigh den Ghaeltacht a bhfuil fíorchuid Gaeilge á labhairt inti. Tá níos mó daoine ag labhairt Gaeilge i bhformhór na gceantar Gaeltachta ná mar atá in aon áit eile faoin dtír agus seo í an áit ina éiríonn an fhadhb.

Is dóigh le daoine nár chóir áit a áireamh mar Ghaeltacht muna bhfuil 80 faoin gcéad den mhuintir ann ag labhairt Gaeilge go laethúil. Má fhaighimid amach nach bhfuil aon áít sa tír taobh amuigh den Ghaeltacht a bhfuil níos mó ná deich faoin gcéad ag labhairt Gaeilge inti, céard a dhéanfar le háit a bhfuil 30 faoin gcéad den phobal ag labhairt Gaeilge inti taobh istigh den Ghaeltacht? Caithfear an cheist a chur, má théitear siar sách fada roimh bhunú Roinn na Gaeltachta, céard a choinnigh idir trí agus deich n-oiread Gaeilge sna ceantair seo thar na ceantair taobh amuigh? Caithfidh sé gurb é an stádas Gaeltachta, is cuma cé chomh bacach is a bhí sé. Ar chóir an stádas sin a bhaint díofa nó láidriú ar phleanáil teanga sa Ghaeltacht? Creidim féin sa dara rogha.

Maidir leis na ceantair sin nach bhfuil aon Ghaeilge fágtha iontu – agus bheadh eolas ag an Seanadóir Mac Donncha agus agam féin ar chuid de na ceantair sin, faraor géar – caithfidh siad cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad chun iarracht a dhéanamh. Leagfar síos critéir shoiléire. Caithfimid abhanntrachtaí iomlána scoile a thógáil agus beidh ar na pobail sin cinneadh a dhéanamh. Tá an cheist seo á brú ar aghaidh – caithfear an t-eolas a chur ar fáil do dhaoine – ach níl aon tarraingt siar uaidh. Feicfear torthaí móra ar an obair sin i mbliana. Níl an cheist chomh contráilte is a bhreathnaigh sé ar chéad amharc.

Luadh daoine nach bhfuil sásta a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus Gaeilge acu. Tá casaoid orm faoi dhaoine a labhraíonn Béarla lena ngasúir nuair a bhíonn Gaeilge bhreá acu. Tarlaíonn sé seo ar mhíthuiscint éigin fós go mb'fhéidir nach mbeidh Béarla ag na gasúir. Is dócha go bhfanann cuimhní pobail i bhfad. Meon é atá greannta go láidir i gcuid de phobail na Gaeltachta.

Ach is é mo thaithí ag taisteal na Gaeltachta, go dtagann muintir na Gaeltacht chugamsa lena gcuid gnó mar tá Gaeilge agam. Má tá an fhadhb sin ann caithfear tabhairt faoi ach ní dóigh liom go bhfuil sé an-coitianta.

Maidir le ceist na mbóthar mór, tá feidhm, cúram agus freagracht ag mo Roinn as cúrsaí infrastruchtúir na Gaeltachta go pointe áirid. Tá sé tábhachtach go mbeadh infrastruchtúr sásúil ag an nGaeltacht. Ní gá an cumhacht áirid sin a thabhairt don Údarás ó tharla go bhfuil cuid de [807] sa Roinn ach ba mhaith liom treise a chur le stádas na Roinne maidir leis an gceist seo.

Tá roinnt mhaith airgid á chaitheamh againn ar infrastruchtúir agus tá cás an-láidir déanta againn go háírithe i gcomhthéacs an phlean náisiúnta atá á réiteach go mbeadh bóthar mór amháin ag dul isteach is amach as chuile Ghaeltacht sa tír. Tuigeann an Seanadóir Ó Cnáimhsí go bhfuil dhá bhóthar fíorthábhachtacha ina cheantar féin – an bóthar ar chúl an Earagaill a gcloisim an oiread sin cainte faoi agus an bóthar náisiúnta a théann ó dheisceart an chontae suas trí Ghaoth Dóbhair agus ar aghaidh go Litir Ceanainn. I Muigh Eo ní oirfeadh sé an iomarca deifir a bheith ar an Seanadóir Chambers ag dul ó Baile Uí Fhiacháin go Béal a' Mhuirthead scaití, nó isteach go hAcaill, fiú nuair is bóthar náisiúnta é.

Tá gá leis sin agus beimid ag obair air agus tá súil agam go mbeidh an t-airgead ar fáil dó. Tá súil agam freisin go bhfeicfimid feabhas nach beag ar infrastruchtúr na Gaeltachta sna cúig bliana romhainn.

Is fiú freagraí iomlána a thabhairt ar cheisteanna na Seanadóirí. Luaigh an Seanadóir Ó Cnáimhsí Roinn ann féin don Ghaeltacht mar a bhí ann tráth. Tá an Roinn mar atá sé anois ag obair go maith agus tá sé níos fusa do Roinn cuíosach mór teacht ar acmhainní airgid. Chomh maith leis sin, tá chuile chúnamh le fáil agam ón Aire de Valera i leith na hoibre seo. B'fhéidir gur mise is minice a fheictear ag caint ar chúrsaí Gaeltachta mar is iad mo chúram ach tá a tacaíocht sise agam ag bord an Rialtais agus laistigh den Roinn. Ní fhéadfainn an obair seo a dhéanamh gan tacaíocht ó mo chomhleacaí sinsearach.

D'fhéadfainn cumhachtaí turasóireachta a thabhairt don Údarás amárach. Go gairid tar éis dom a bheith tofa mar Aire Stáit, chuir mé an cheist; cad iad na cumhachtaí atá ag SFADCO nach bhfuil ag an Údarás i dtaobh turasóireacht sa Ghaeilge? An freagra a fuair mé ná gurb é an chumhacht is mó atá ag SFADCO ná cumhacht airgeadais maidir le ERDS. Bhí an tréimhse sin beagnach rite ach beidh mé ag tógáil na ceiste i gcomhthéacs an phlean náisiúnta nua go mba cheart go mbeadh comhionannas ann idir fhreagracht SFADCO agus an Údaráis i gcúrsaí turasóireachta. Dul chun cinn mór a bheadh ann an comhionannas sin a bhaint amach.

Ó tharla gurb iad na coláistí Gaeilge agus gach a ghabhann leo an tionscal turasóireachta is mó sa Ghaeltachta, is gearr uainn anois cúpla rud atáimid ag plé leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a réíteach agus foilseofar cinnithe maidir leis an aithbhreithniú atá déanta ar na coláistí Gaeilge.

Senator Chambers also mentioned MFG and the targeting of resources. The Leader programme in the Gaeltacht and on the islands will continue in the same way as in the rest of the country. In other words, whatever is decided for [808] Leader nationally will be decided in the context of the Gaeltacht and the islands also. I am pleased that there is a special dedicated Gaeltacht Leader programme. We must ensure that the Gaeltacht Leader has the same relationship to the Údarás as the non-Gaeltacht Leader has to the other authorities in their areas, such as the county enterprise boards and the county councils. That is important.

It is amazing in politics that if you do nothing at least nobody will criticise you but if you do something, everybody is on your back from every angle because you are either doing it too quickly or too slowly. We are all familiar with this. One of the things we decided, about which a few people have been upset, is that there was a need for rationalisation in terms of Gaeltacht grants and that the CEBs were superfluous to the needs of the Gaeltacht, which already has the Údarás, MFG, CUMAS Teo., etc. It is not fair to have all these bodies to which people must apply one after another for an array of grants. When a person is finished, he or she has a pain in the head because each body advises that it is best to apply to all the other bodies. Rationalisation is probably the most difficult thing to achieve. Normally when we go about rationalisation, we create one body to subsume all the other bodies. I do not believe in that approach. If the CEBs can do something which the Údarás cannot do, rather than leaving them deal with the odd case – they deal with few Gaeltacht cases – it would be much more sensible to give the remit, functions and powers to the Údarás to do the same things which a CEB may do and create the one-stop-shop which we profess to want but which, in reality, we rarely deliver. The Department is working on that and it has conducted an analysis of the different powers. I would hope that we would achieve that particular result and that the people of the Gaeltacht would not have to go to an extra body to do something which a proper Údarás should be able to do for them in the first place.

It is important in the context of national planning that, in terms of the Gaeltacht, we always consider that there is a unique Department which is area as opposed to function specific and similarly that there is an authority with elected members which is area specific also. Therefore, when we are giving new functions to other bodies in the Gaeltacht we should try to give it to the Gaeltacht specific bodies. I accept the point Senator Ryan made about new powers. It has been proven that there has been a general failure of bodies, which are not Gaeltacht specific, to provide services and do their internal business in Irish. The Department is in a happy position. The Department deals with all islands, Gaeltacht and non-Gaeltacht. Even in dealing with the non-Gaeltacht islands all the internal work is done through the medium of Irish. I praise and compliment my civil servants for this. The non-Gael[809] tacht island people are not complaining about the efficiency of the islands section of the Department. They are quite happy that it is done in that way. Obviously in those terms it is a slow job. Anybody who says that this is easy within the plethora of Government agencies is wrong, but I agree we must look at things being Gaeltacht specific in the overall planning because it gives a focus and strength to the language.

There were other issues raised about the teaching of Irish, etc.

Is iad seo freagracht an Aire Oideachais. Luaigh an Seanadóir Ó Riain Gaeilge líofa agus Gaeilge lofa. Ceann de na fáthanna nár cuireadh muide ag scoileanna lánGhaeilge nuair a bhíomar óg ná go raibh faitíos ar m'athair gurb in díreach a thárlódh. Níl a fhios agam an raibh sé ceart nó mícheart. D'éírigh liom an Ghaeilge a thabhairt liom réasúnta maith ar an mbealach sin.

Mr. Ryan: Mise mar an gcéanna.

Éamon Ó Cuív: Ach é sin ráite, caithfimid a admháil go bhfuil ag éirí leis na scoileanna lánGhaeilge déanamh cinnte go bhfuil líofacht Ghaeilge ag daoine nach mbeadh sé acu dá mbeidís ag dul ag scoileanna neamhGhaeltachta, go mór mór nuair a ghlacaimid leis go bhfuil caighdeán na Gaeilge titithe i ngo leor scoileanna faoin dtír.

Is trua gur mar sin atá, agus nach féidir brath ar chóras na ngnáthscoileanna chun an Ghaeilge a thabhairt do na páistí go cruinn. Tá éileamh ó thuismitheoirí do scoileanna lánGhaeilge ach tá gá le bheith airdeallach maidir le caighdeán agus líofacht agus nathanna cainte na Gaeltachta.

Bíonn spraoi agam ó am go chéile ag iarraidh ar chainteoirí duchais i dtuaisceart Chonamara an bhfuil leaganacha acu atá ag muintir dheisceart Chonamara. Tá cuid de na ráitis seo an-logánta agus is mar sin atá sé ar fud na tíre. Déantar beagán áibhéile scaití idir an Ghaeilge a mhúintear sna scoileanna agus an Ghaeilge a labhartar sa Ghaeltacht. Ach is leis an fhoghraíocht seachas an fhoclaíocht atá an deacracht, cosúil le nílisam, nilisat, in ionad níl a fhios agam, níl a fhios agat. Bhí mé caillte an chéad uair a chuala mé é sin. Ach téann daoine i gcleachtadh air tar éis tamaill mar a tharla i mo chás féin.

Glacaim fíorbhuíochas leis na Seanadóirí go léir – díospóireacht bhríomhar ar Bhille sé líne. Tá súil agam go mbeidh díospóireacht bhríomhar eile againn ar an mBille cuimsitheach agus faoin am sin beidh tuilleadh rudaí curtha i gcrích agam agus foilsiú déanta ar na léarscáileanna seo.

Question put and agreed to.

Bill put through Committee, reported without amendment and received for final consideration.

Question proposed: “That the Bill do now pass.”[810]

Labhrás Ó Murchú: Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht teacht leis an mBille seo agus as a phleananna a chíoradh linn freisin.

Mr. Ryan: Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an bhfreagra cuimsitheach a thug sé don díospóireacht. D'fhreagair sé ceisteanna nach raibh aon bhaint acu leis an mBille ach a bhí súimiúil ag an am gcéanna.

Mr. McDonagh: Tá mé fíorbhuíoch den Aire Stáit, Bhí díospóireacht bhreá againn ar Bhille an-ghairid agus tá mé ag súil le ceann níos faide ar an mBille cuimsitheach. Tá súil agam go mbeidh an t-ádh leis an Údarás nua.

Question put and agreed to.

Sitting suspended at 4.45 p.m. and resumed at 6 p.m.