Seanad Éireann - Volume 158 - 10 March, 1999

Irish Language: Statements.

Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Éamon Ó Cuív): Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Seanad as ucht an deis labhairt leis an Teach tráthnóna maidir le ceist na Gaeilge agus ceist na Gaeltachta. Is maith an tráth é seo, tráth na Féile Pádraig, don Seanad a bheith ag cur na ceiste seo. Ba mhaith liom moladh a thabhairt dóibh as ucht é sin a dhéanamh.

Is féidir linn pobal na tíre a roinnt i gceithre chuid: iad siúd ar cuma leo an Ghaeilge a bheith ann nó as – cuid bheag den phobal iad seo; an dara dream ná iadsan nach bhfuil an Ghaeilge acu ach atá báúil lei agus a mbraitheann gur cuid den oidhreacht í; an triú dream ná iadsan a bhfuil tuiscint agus léamh na Gaeilge acu ach gan cumas iontach labhartha acu; agus an ceathrú dream – is í an Ghaeilge an teanga a úsáideann siad ó lá go lá.

Creidim go bhfuil bunáite an phobail sna trí dhream deiridh, sé sin, braitheann an pobal trí chéile gur chuid thábhachtach den oidhreacht choiteann í an Ghaeilge. Mar sin ba mhaith le daoine go mbeadh an Ghaeilge mar chuid slán de shaol an náisiúin seo.

Deirtear go bhfuil os cionn milliún duine sa tír seo san aicme sin – go bhfuil Gaeilge éigin acu, a thuigeann í agus go bhfuil cumas éigin cainte acu iontu. Tá dream ann a úsáideann an Ghaeilge go laethúil agus don chéad uair tá slat tomhais againn maidir leis an uimhir daoine atá i gceist ansin.

Má dhéantar coigeartú do ghasúir scoile a deir go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá ach nach labhraíonn taobh amuigh den seomra ranga í, áir[719] ítear go bhfuil thart idir 115,000 agus 120,000 á labhairt go laethúil mar ghnáth-theanga. Tá suas le leathchéad míle eile a labhraíonn go seachtainiúil nó go míosúil í agus má chuirtear i dtéarmaí páirceanna peile é, tá lán Pháirc an Chrócaigh agus Bóthar Lansdún de dhaoine ann a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil mar ghnáth-theanga.

Don chéad uair faoi cheann cúig bliana beimid in ann a thriail cén méadú atá tagtha ar an líon sin daoine agus creidim gur méadú a bheas ann agus feicfimid freisin cén chaoi a bhfuil polasaí an Rialtais ag dul i bhfeidhm ar cheist na Gaeilge.

De bharr an duairceas a bhíonn ar dhaoine i leith na Gaeilge go minic, iad siúd atá ar a son agus iad siúd atá ina haghaidh, ba mhaith liom a rá anseo nach bhfuil an Ghaeilge i mbaol a básaithe. Is teanga bheo í ar féidir a úsáid i ngach réimse den saol idir theicneolaíocht nuachumarsáide agus na réimsí sin den saol a bhfuil daoine á húsáid lena n-aghaidh ar feadh na mílte bliain.

Nil aon amhras orm ach go mairfidh an Ghaeilge agus go dtiocfaidh méadú ar an líon daoine a labhraíonn go rialta í.

Ceann de na seoda náisiúnta is luachmhaire atá againn is ea í. Is díol spéise an méid spéise atá á léiriú inti ag ollscoileanna ar fud na cruinne ó tharla gurb í an teanga scríofa is sine san Eoraip atá fós á labhairt ag pobal daoine.

Ócáid í seo a thugann deis dom cur síos ar a bhfuil ar bun i mo Roinnse ar son na Gaeilge ó ceapadh mar Aire Stáit mé, obair chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn.

Ní bhaineann an chéad ghné eile leis an nGaeilge ach baineann sé leis an nGaeltacht agus b'fhéidir go dtaispeánann sé an bealach chun dul chun cinn. Ba é an chéad chinneadh a rinneadh beagnach nuair a tháinig an Rialtas seo i gcumhacht ná Rannóg na n-Oileán a aistriú ó Roinn an Taoisigh isteach go dtí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Oileán. Bhí tionchar nach beag aige sin ar an gcaoi a rabhthas ag déileáil leis na trí cheathrú de phobal na n-oileán atá ina gconaí ar na hoileáin Ghaeltachta. Go dtí sin bhí Roinn an Taoisigh ag plé leo trí Bhéarla. Go tobann bhí Roinn Stáit le hairgead ag plé le pobal na n-oileán trí Ghaeilge. Ar go leor bealaí eile, ó tharla go raibh cúram na Gaeltachta agus na n-oileán Gaeltachta ar an Roinn sin le fada an lá, luígh an socrú sin le réasún freisin.

Ach is iontach go deo an tionchar atá ag an athrú seo ar an bpobal Gaeltachta. An té a bhfuil an sparán aige, bíonn tionchar aige agus ba trí mheán an sparáin a cuireadh an Béarla chun cinn cuid mhór sa chéad seo caite, Mar sin ní dochar ar bith go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn ar an mbealach céanna.

Nuair a chuaigh mé isteach sa Roinn, chuir mé ar ais cuid mhaith de na scéimeanna Gaeltachta a raibh meas ag an bpobal orthu. Is minic a deir daoine liom, cén bhaint atá ag infrastruchtúr leis an nGaeilge. Ar ndóigh an dream atá ag cur seirbhísí ar fáil agus atá ag obair ar mhaithe leis [720] an bpobal de réir mar a fheiceann an pobal féin é, más Roinn Stáit le Gaeilge é, níl amhras ar bith ann go mbíonn tionchar nach beag aige sin ar intinn an phobail agus tagann an pobal leis an gcineál sin tuairimíochta.

Le rófhada, bhí an Ghaeilge imeallaithe sa nGaeltacht ó lár shaoil agus chúraimí an phobail.

Tá feabhas curtha agam freisin ar scéim Labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus arís, is le meas agus muinín an phobail i dtodhchaí na Gaeilge a thaispeáint a rinneadh é sin. Mar an gcéanna leis an aithbhreithniú atá beagnach críochnaithe ar na coláistí Gaeilge.

Tá go leor cainte le gairid maidir le bás na Gaeltachta. Bhí na daonáirimh go dtí seo bunaithe ar chumas labhartha na Gaeilge. Ó thús an chéid seo caite is é an t-iontas go bhfuil an Ghaeltacht ann ar chor ar bith agus cé chomh seasamhach is atá sí ainneoin an brú eacnamaíochta agus an brú cultúrtha le fada an lá.

Le gairid tá daoine ag moladh réitigh fíorshimplí ar fhadbhanna na Gaeltachta: ag iarraidh léarscáileanna a ath-tharraingt agus ceantair a chaitheamh amach as na Gaeltachtaí. Ach ní dóigh liom go bhfuil na daoine sin ag déanamh staidéar ar an figiúirí mar atá siad. Chuir mise an dua orm féin breathnú ar na figiúirí Gaeltachta agus bhunaigh mé an slat tomhais ar an méid daoine ar fud na tíre a deir go bhfuil siad ag labhairt Gaeilge. An áit ab fhearr ná Tiobrad Árann thuaidh, áit a deir 12 .9 faoin gcéad den phobal go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil. D'úsáid mé an áit ab fhearr taobh amuigh den Ghaeltacht mar shlat tomhais agus bhreathnaigh mé ar na ceantair Ghaeltachta bunaithe ar na ceantair toghcháin. Agus is beag ceantar nach raibh líon na gcainteoirí Gaeilge os cionn an fhigiúir sin. I gcuid de na ceantair, go deimhin, ní raibh sé mórán níos airde ná é ach is beag ceantar a bhí chomh híseal nó níos ísle ná an cheantar ab fhearr taobh amuigh den Ghaeltacht.

Tá cuid de na ceantair seo scoite amach – ceantair ar nós Ríon ó gCuanach a bhfuil 60 faoin gcéad den phobal ag labhairt na Gaeilge i lár an phobail sin; áiteanna eile ar nós Múscraí agus Ráth Cairn; agus áiteanna ar nós Uíbh Ráthach atá faoi ionsaí, agus nach dearnadh cóiríocht cheart le haghaidh scolaíocht iriamh ann. Fós feicimid i lár an cheantair sin go bhfuil 30 faoin gcéad den phobal – dhá oiread an uimhir is airde taobh amuigh den Ghaeltacht – a deir go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil.

Ainneoin easpa pleanáil cheart teangan sa nGaeltacht, bhí tionchar nach beag ag an aitheantas Gaeltachta ar an nGaeilge a choiméad á labhairt sna ceantair sin. In ionad a bheith á gcaitheamh amach, ní mór dúinn treisiú ar ár n-iarrachtaí teangan agus forbartha sna pobail seo.

Ní ar an bpobal atá an locht má tá meath ag teacht ar an teanga. Feidhmíonn an pobal de réir brúanna a thagann ón taobh amuigh. Tá cuid mhaith brúnna ag teacht ón Stát féin ainneoin Roinn na Gaeltachta a bheith ann. Tá an Státchóras trí chéile neamhairdeallach ar riachtanais na gcainteoirí Gaeilge. Níl le déanamh agam ach [721] breathnú ar mo cheantar féin áit a ndéantar plé leis an bpobal ag an iliomad seirbhísí Stáit le dream gur fearr i bhfad an Ghaeilge atá acu ná an Béarla, trí Bhéarla. Is léir an tionchar atá aige sin ar an bpobal.

Tá brúnna ann ó na meáin chumarsáide, tá easpa fostaíochta ann a bheadh bunaithe ar an nGaeilge mar acmhainn ag cur as don nGaeltacht. Tá dianobair ar siúl agam féin agus ag mo Roinn chun pleananna gearrthéarma agus fadtéarma a réiteach le pleanáil eolaíoch teangan a chur ar bun agus freisin leis an teanga Ghaeilge a úsáid mar uirlis forbartha sa Ghaeltacht.

Táimid ag plé le Ranna Stáit eile le bheith cinnte má tá muide ag plé le hábhair sa Ghaeltacht trí Ghaeilge nach mbeidh na Ranna Stáit eile ag brú scéimeanna den chineál céanna trí Bhéarla sa Ghaeltacht. Molaim an Rannóg Spóirt a tháinig ar chomhréiteach le deireadh le mo Roinnse go bhfágfaí cúrsaí spóirt agus caithimh aimsire sa nGaeltacht faoi chúram na Roinne s'againnse seachas faoin Roinn sin ó thaobh deontais chaipitil de.

Tá socrú den chineál céanna déanta leis an Roinn Fiontair agus Fostaíochta – is í Roinn an Gaeltachta agus ní na CB a bheith ag plé le pobal na Gaeltachta maidir le forbairt na Gaeltachta.

Tá gach cosúlacht ann gur cuma le cuid de na comhairlí contae stádas Gaeltachta a bheith ag ceantair taobh istigh dá gcontaetha. Agus má leanann cuid de na comhairlí contae leis na polasuithe pleanála atá acu, go mór mór iad siúd a bhfuil Gaeltachtaí acu ar imeall bhailte móra. Is féidir leo an Ghaeltacht sin a scrios nuair nach gcuirtear cúinsí pleanála san áireamh i gcúrsaí pleanála.

Tá mé ag déanamh teagmhála leis na comhairlí contae agus ag cur ar a súilibh dóibh gur orthu a bheas an milleán agus an fhreagracht má chailleann ceantar stádas Gaeltachta de thoradh easpa pleanála.

Tá mé cinnte gur dearmad nó neamhaird a bhí i gceist sna cásanna sin seachas plean meáite ar thaobh na gcomhairlí agus beidh mé ag súil le gníomh.

Beidh mé ag leagan amach critéir teangan agus sainmhíniú d'úsáid na teanga sa Ghaeltacht amach anseo. Beidh mé ag rá leis na pobail go bhfuil na spriocanna teanga sin le baint amach agus nach bhfuil bunús go fadtéarmach le ceantair a bheith taobh istigh den Ghaeltacht muna bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt iontu ná mar atá á labhairt taobh amuigh de. Beidh cinntí le déanamh ag na pobail sin a dteastaíonn uathu fanacht taobh istigh den teorainn.

Beidh mé ag déanamh preasráiteas faoi seo níos déanaí tráthnóna: tá sé i gceist agam coiste comhairleach a bhunú d'óige na Gaeltacht agus is í an aidhm a bheas aige ná comhairle a chur ormsa mar Aire Stáit ag deireadh na Mílaoise seo agus ag tús na Mílaoise nua céard a ba cheart a dhéanamh leis an nGaeltacht a fhorbairt mar Ghaeltacht. I measc na dtéarmaí tagartha a bheas acu beidh riachtanaisí teanga na Gaeltachta le béim faoi leith ar mhúineadh na teanga i measc [722] na n-óg; na meáin chumarsáide agus riachtanaisí daoine óga; riachtanaisí oideachais sa Ghaeltacht; conas daoine óga a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí pobail; agus na seirbhisí agus deiseanna fostaíochta atá riachtanach le daoine óga a spreagadh le fanacht sa nGaeltacht. Freisin, beifear ag féachaint cad é an bealach is éifeachtaí chun cabhair Stáit a thabhairt d'eagrais Ghaeltachta go mór mór ó thaobh struchtúrú agus airgeadú. Beidh na hógeagraíochtaí san áireamh ach ní bheidh sé dírithe orthu siúd amháin.

Tá súil agam mar sin glúin óg de mhuintir na Gaeltachta a thabhairt isteach in obair na Gaeltachta. Ag éirí as moltaí an choiste seo a bheas ag feidhmiú i gcomhairle liomsa beimid in ann aghaidh a thabhairt ar an todhchaí agus fios againn go raibh an dream is tábhachtai ar fad páirteach san obair.

Maidir le cúrsaí reachtaíochta, is é an t-aon Bhille a bhí ar na bucáin nuair a tháinig mé isteach mar Aire Stáit ná Bille Tithíochta (Gaeltachta). Ó shin i leith tá trí Bhille nua á réiteach, ceann amháin a bheas faoi bhráid an tSeanaid amárach agus beidh tuilleadh le rá agam faoi ar ball beag.

Is é an Bille is mó agus is tábhachtaí a thiocfaidh ar aghaidh i gcúrsaí teanga ná Bille na Gaeilge, a thabharfaidh stádas reachtúil don teanga, stádas a bhí i gceist i gcónaí de reír na forála sa Bhunreacht ach nár cuireadh ar fáil go dtí seo.

Tá Bille nua Údarás na Gaeltachta le teacht go gairid mar aon le Bille Foras Trasteorann atá mar shlánchuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Maidir leis an mBille Teanga, tar éis go bhfuil seasamh bunreachtúil ag an nGaeilge mar an phríomh-theanga agus an chéad teanga oifigiúil, is féidir a rá go fíreannach dá dtiocfadh stróinséar isteach sa tír go mbeadh iontas uirthi nó air gurb amhlaidh atá. Tugann roinnt eagraíochtaí aitheantas di ach is minic nach ndéantar na rudaí is lú agus is simplí ó thaobh na Gaeilge de. Ní féidir cur ina luí ar chuid de na heagrais Stáit go bhfuil sé de cheart ag muintir na Gaeltachta rudaí ar nós comharthaíochta dhátheangach a bheith acu.

Beidh Bille Teangan ann agus beimid ag teacht i dtreo atá coiteann i dtíortha mar an Bhreatain Bheag agus Ceanada agus do leor de thíortha na hEorpa, sé sin, go bhfuil aitheantas oifigiúil agus reachtaíocht dá bharr ag níos mó ná teanga amháin. Go speisialta, caithfear cosaint a thabhairt don teanga is laige de na teangacha sin in aon tír amháin.

Is eisceacht muide. Táimid gar do Shasana ach faraor géar nach mbreathnaímid go minic ar chás na Breataine Bige. Ní ghlacaimid leis gur féidir le pobail dhátheangacha a bheith ann agus nach fadhb ar bith gach comhartha phoiblí a chur suas sa dá theanga oifigiúil. Is minic nach dtuigeann daoine go mba chóir foirmeacha caighdeánacha a chur ar fáil sa dá theanga. Beidh cumhachtaí sa mBille seo a chinnteoidh go dtarlóidh na rudaí seo agus nach gcaithfidh lucht na Gaeilge a bheith ina gcancaráin ag iarraidh bunseirbhísí agus go [723] mbeidh an rud go léir oibrithe amach ar bhealach meáite réasúnta.

Ar an dtaobh eile de, beidh an Bille seo réalaíoch. Ní éileoidh sé seirbhís trí Ghaeilge ó chuile státseirbhíseach. Dá bhféadfaí é sin a chur i bhfeidhm ní bheadh aon ghá le Bille Teanga mar chruthódh sé go raibh chuile dhuine dátheangach.

Beidh pleanáil cheart i gceist anseo agus cuirfear na seirbhísí ar fáil sa chaoi is go mbainfear an leas is fearr is féidir as an nuatheicneolaíocht.

Má scríobhaim chuig Roinn Stáit ar bith, ba chóir go mbeadh dream ann go lárnach, ar fáil ar ríomhphost, a bheadh in ann litir ar bith a aistriú go Gaeilge don té nach raibh Gaeilge acu agus go bhféadfadh an té a bheas ag freagairt na litreach an freagra a chur ar ais chuig aistritheoir chun go mbeadh leagan Gaeilge ar fáil don comhfhreagraí. Rudaí nach raibh indéanta fiche bliain ó shin, tá siad thar a bheith indéanta anois agus níl móran costais ag baint leo.

Maidir le fógraí taifeadta ar eitleáin agus ar fóin níl aon chúis nach mbeadh siad dátheangach. Pléifidh mé na gnóthaí seo go mionn uair eile.

Ó thaobh an fhoras trasteorann, tá ríméad orm gur roghnaíodh an Ghaeilge mar cheann de na chéad sé fhoras a bhunófar in éineacht leis an Ultais. Is maith go raibh an Ghaeilge mar dhlúthchuid den Chomhaontú ar Aoine an Chéasta, agus go mbeidh aitheantas ag an nGaeilge nach raibh aici ó Thuaidh go dtí seo agus b'fhéidir nach raibh aici ó Dheas ach aon oiread. Molaim chuile dhuine a bhí páirteach san obair sin.

Athróidh sé seo saol na Gaeilge faoin dtír. Níor aithin an Ghaeilge riamh aon teorainn agus don chéad uair go hinstitiúideach beimid in ann ag an leibhéal is airde Rialtais ar an dá thaobh den teorainn, ceist na Gaeilge a tharraingt le chéile faoin aon chaipín amháin.

Tá imní ar chuid de na heagrais ach sílim nach gá é. Deis as an nua í seo agus muide a chreideann in athaontú síochánta na tíre, ba cheart go bhfeicfimid go gcaithimid a bheith groíúil sna réitigh a dhéanfaidh muid. Trí obair in éineacht lena chéile, éireoidh linn cuid de na haidhmeanna comónta atá againn a chur chun cinn.

Tá an Roinn páirteach freisin in iomairt Cholmcille agus tá spéis faoi leith agam féin ann ó tharla go bhfuil sé ag déanamh rud nach ndearnadh ón séú céad déag. Go minic déantar dearmad go raibh Gaeilge caighdeánach á labhairt ó thuaisceart na hAlban go deisceart na hÉireann agus a bhí iontuigthe do na pobail sin go léir go dtí an t-am sin. Trí iomairt Cholmcille beidh nasc nua á cheangail againn lenár gcairde Gaelach in Albain agus molaim an díogras atá siadsan ag caitheamh leis an iarracht seo agus go mór mór an tAthair Brian Wilson a thionscnaigh an iomairt.

Tá méadú as cuimse tagtha ar chiste na Gaeilge agus ainneoin an rud a deirtear sna meáin, ní chuirtear aon phingin ar ais sa Státchiste as an gciste sin. Tá tacaíocht leanúnach á tabhairt do Raidió agus do Theilifís na Gaeilge agus fás ag teacht orthu. Is dóigh liom go bhfuil clár cuimsi[724] theach á leanúint ag an Rialtas i dtaca le pobal na Gaeilge de.

I welcome this debate, particularly as Seanad Éireann had the foresight to have this debate around St. Patrick's Day because at this time of the year we are all the more conscious of the importance of our separate identity.

The argument has been made in the past that those of us who spoke Irish felt that those who did not speak Irish were less Irish in some way. I reject that argument. However, there is no doubt that the weakening of any aspect of our identity, that is music, games, culture, art or language, on a corporate or national basis – not on an individual basis; not to measure one against the other but on a national basis – is not the loss of the individual but the loss of our nation. It is important that we debate these issues because in this world of mass consumerism we must work at the protection of diversity, identity and culture because it is through those values that we get satisfaction out of life.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat, a Leas-Chathaoirligh, as ucht am breise a thabhairt dom agus gabhaim buíochas le Seanad Éireann – an áit a tháinig mé don chéad uair mar Bhall den Oireachtas – as ucht deis a thabhairt dom labhairt ar a bhfuil ar bun ag an Rialtas maidir leis an nGaeilge and leis an nGaeltacht.

Mr. O'Dowd: Fáiltím roimh an Aire go dtí an Teach. Bhí mé ag éisteacht go géar leis na rudaí tábhachtacha a bhí á rá aige. Labhraím anseo in áit an tSeanadóir McDonagh nach bhfuil in ann bheith i láthair.

Caithim tréimhse gach bliain i nGaeltacht Chiarraí agus is breá liom an áit. Caithim cuid mhaith ama ansin ag caint leis na daoine atá ag dul in aois anois, cosúil liom féin. Tá an Ghaeilge beo láidir i nGaeltacht Chorcha Dhuibhne agus is é mo thuairim go mairfidh sí amhlaidh. Ar ndóigh, admhaím nach bhfuil eolas ná taithí agam ar na Gaeltachtaí eile.

Tuigim na fadhbanna atá ag muintir na Gaeltachta. Tá pobal na Gaeltachta suite i bhfad ó na bailte móra, áit a bhfuil na postanna. Is í an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge an t-aon rud atá acu. Ó bunaíodh an Stát tá sé mar pholasaí ag an Stát agus ag an Roinn Oideachais, ach go háirithe, an Ghaeilge a chothú agus cabhrú leis na daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. Déantar sin trí dheontaisí a thairiscint chun tithe a thógáil agus ar fáthanna eile. Rud fiúntach é sin a choimeádann an Ghaeltacht le chéile agus níl aon easaontas idir na Páirtithe ar an gceist sin.

San am atá thart, bhíodh fadhb mhór ag daoine óga nach mbíodh in ann postanna a fháil sa Ghaeltacht nuair a d'fhás siad suas. Bhíodh orthu imeacht go dtí na bailte móra nó thar lear agus is minic nach mbíodh Béarla maith acu. Ní minic a tharlaíonn a leithéid anois. Tá Gaeilge agus Béarla ar a dtoil ag na páistí Gaeltachta a bhfuil aithne agam orthu. Rud maith é seo agus tá súil agam go mairfidh sé amhlaidh. Níl fáth ar bith nach mbéadh Béarla agus Gaeilge ag gach éinne [725] ag fás aníos, is cuma an sa Ghaeltacht nó sa ghalltacht a thógtar é. Daichead bliain ó shoin tugadh na “Connemaras” orthu siúd nach raibh ach Gaeilge acu agus bhíodh sé an-deacair ar na daoine sin postanna a fháil. Sa lá atá inniu ann tá Gaeilge agus Béarla ag aos óg na Gaeltachta.

Cuireann an Ghaeltacht an bóthar idir an Daingean agus Trá Lí i gcuimhe dom. Níl feabhas ar bith tagtha ar an dá rud le daichead bliain ach tá siad ann i gcónaí agus táimíd fós ag caint mar gheall orthu. The Gaeltacht reminds me of the road between Tralee and Dingle. The road has changed very little over the years. It needs a great deal of investment but small pieces of essential maintenance are done to it every year and so it survives.

People in Gaeltacht areas are, in general, located on the west coast and physically isolated from the commercial activities of cities. Many difficulties are associated with that economic situation. In the main, young people are obliged to leave Gaeltacht areas to get jobs. Successive Governments have helped to maintain Gaeltacht communities. They have strengthened them and preserved the traditions of the communities in so far as the people in those communities wished while modernising them at the same time. The provision of special grants for the establishment of industry in Gaeltacht areas is a good and proper policy. It is a great advantage to someone such as myself to visit the Gaeltacht and to hear Irish spoken.

I pay tribute to the tremendous work of Raidio na Gaeltachta in keeping the small rural and often isolated Gaeltacht communities together. Raidio na Gaeltachta was well in advance of other local radio stations. No matter where one is in the country one can tune into the station and hear the local news from one's own parish. Raidio na Gaeltachta has kept communities alive and has proved a very useful investment.

I am not so convinced of the effectiveness of Teilifís na Gaeilge. Although I watch the station, the people I speak to in the Gaeltacht very rarely do so. In one sense, Teilifís na Gaeilge has isolated Irish from the wider community. I would prefer to see more investment in Irish language programmes on RTE than in Teilifís na Gaeilge. Gaeltacht communities will live regardless of Teilifís na Gaeilge. Local radio is helping to keep them alive. I would like to see more mainstream Irish language programmes on the RTE channels while I accept that there is a very important role to be played by Teilifís na Gaeilge.

In my experience, young people do not watch Teilifís na Gaeilge. They watch MTV and every other station in preference to Teilifís na Gaeilge. The State might consider investing in cultural activities in Irish for young people. I am afraid Senator Ó Murchú may not agree with me but I am convinced that the State should spend money promoting today's popular youth culture and modern dramas in the Irish language. We must catch the eyes and ears of young people.

We must promote a broader definition of Irish[726] ness and of Irish culture than the old traditional one. We must bring the Irish language and culture to young people so that ceol agus caint as Gaeilge will not be out of place on MTV. Irish must be a living language with meaning for young people. This need not detract from the traditions of the Gaeltacht and of the Irish language.

I am old enough to remember the days of an Ghaeilge éigeantach, or compulsory Irish. We knew that we would fail the leaving certificate if we failed Irish. This had a negative influence on teaching Irish. Many people turned against the whole idea of Irish as the traditional language of the country. Changes in education have been good and positive in that regard. There is now far more respect for the teaching of Irish and Irish studies and culture. We must have confidence in our culture and traditions because, while they are unique and attractive, we cannot impose them on people – they must want them.

Tá sé an-tábhachtach béim a chur ar mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna agus teangacha seachas Gaeilge agus Béarla a theagasc sna bunscoileanna freisin. Sin é an sórt saoil a bheas ag na daoine óga agus molaim go ndéanfaí iarracht ar sin. Thabharfadh sé níos mó eolais do dhaoine óga ar fhoghlaim teangacha.

Those are some of the views, which may not be part of the mainstream. I am very committed to the idea that the Gaeltacht will live and that the teaching of Irish and the future of our culture is in good hands. However, we must change how we look at things. Part of the problem has been that we have become too insular in our views, too isolated from mainstream thought and, in particular, too far removed from young people.

I support the allocation of as much money as possible to the Gaeltacht. However, we need a change in policy direction. Perhaps it is happening as I speak – I am not up to date with every movement in this area. I live and work in an east coast, urban, working class environment where people have no real interest in Irish. When those children are at school and being prepared for jobs, they must be given something that is tangible, real and meaningful in their lives. Irish must be made tangible, real and meaningful to them.

D'fhiafraigh an Seanadóir McDonagh dom cúpla focal a rá ar a shon agus tá mé chun iad a léamh anois don Teach. When it comes to solving the decline of the Irish language, many say it would be helpful if more devolution and power were given to Údarás na Gaeltachta. Conradh na Gaeilge has promoted the idea of cuntóirí scoile, where Irish speakers would be employed to assist teachers in Gaeltacht schools, giving teachers more time to deal with new children in the school who mainly use English. There has been an influx of people into the Gaeltacht, which is a good thing, but many of them do not have great language skills. The provision of cuntóirí scoile, as proposed by Conradh na Gaeilge, would help greatly in that area. There is a need for much heavier investment in this area.

[727] A bill of rights would be of enormous benefit, as would conducting State services through Irish, which would enable people to conduct their daily business through the medium of Irish without any difficulty. At the moment, services are not provided through Irish and people do not have the time or energy to look for them.

There is a problem with regard to Irish at the moment. Irish language activists were greatly concerned by the recent survey which showed that less than one-quarter of the Gaeltacht population now lives in areas where Irish could be regarded as the dominant community language. The author of the recent report, Mr. Donacha Ó hEallaithe, is now spearheading a campaign to examine the boundaries of existing Gaeltacht areas. Several people are working towards forming a lobby group in regard to Irish in Gaeltacht areas and they are particularly focusing on a realistic redrawing of the boundaries. At present, areas are included in the Gaeltacht where no more Irish is spoken than in north Tipperary or Leitrim. There are areas in Galway city, and east of the city, which are designated as Gaeltacht areas, although Irish is no longer spoken there.

This Gaeltacht designation means that people there are entitled to vote in Údarás elections, the body responsible for the industrial and economic development of Gaeltacht areas. In Galway city and places such as Claregalway about 10,500 people are entitled to vote in the Údarás elections, which is more than the population of the entire Munster Gaeltacht. According to the author of the recent report, that is not democratic.

However, despite the lobby groups' call for a new Gaeltacht and a deferral of the Údarás elections until the boundaries are redrawn, the Minister of State, Deputy Ó Cuív, insists on going ahead with the elections under the present circumstances, stating that the redrawing of boundaries in isolation would not benefit the language and would have an adverse effect on families in Gaeltacht areas who speak Irish. Accordingly, there will be no boundary changes before the coming Údarás elections. The Minister of State says that other issues, such as planning, the provision of State services through Irish and a co-ordinated linguistic policy, need to be addressed to protect Gaeltacht regions.

The Minister of the day has a great deal of work to do. The motion currently in circulation throughout the councils of Ireland, which calls on the Houses of the Oireachtas to pass legislation, such as a bill of rights for the Irish language, that would give practical effect to the constitutional status of Irish and would recognise, secure and strengthen the rights of Irish speakers, should now be brought on the horizon.

I believe the Gaeltacht is alive and well and will continue for generations. The State supports have been helpful, positive and constructive. I welcome and support all the activities in that area. However, we must radically reappraise [728] some of activities in regard to Irish culture in its broadest sense. We must invest much more money into attracting new ideas and developing modern, mainstream television programmes, which would bring alive young people's culture in Irish. Young people are moving on and the old ways are long gone. We must move with them, if we are to protect the future of our traditional language.

Labhrás Ó Murchú: Is mian liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit inniu agus roimh na rudaí a bhí le rá aige. Is duine é a sheasann an fód i gcónaí ar son na Gaeilge agus a thugann dea-shampla ina shaol agus ina shaothar ó thaobh cur chun cinn na teanga. Is beag duine a thuigeann an dúshlán atá romhainn tír fíordhátheangach a dhéanamh d'Éire ach tugann sé spreagadh agus dóchas dúinn i gcónaí.

Bhí mé im' thimire do Chonradh na Gaeilge le linn m'óige: thaisteal mé Contaetha Port Láirge, Loch Garman, Chill Chainnigh agus Thiobrad Árann theas ar feadh roinnt bhlianta. Ag an am bhí díospóireacht fhiachmhar ar siúl maidir leis an nGaeilge. Bhí daoine ann ag iarraidh atmasféar diúltach a chruthú ina leith agus daoine eile a bhí dearfach. Ach tháinig maitheas as mar bhí ar dhaoine féachaint ar cad é a bhí san oidhreacht teanga seo, an raibh dul chun cinn á dhéanamh nó an raibh gá ar bith leis an teanga, an raibh sé ag cabhrú nó ar cur bac linn mar náisiún agus b'fhiú an díospóireacht a bheith ann.

Tá athrú mór tagtha ar an saol anois agus an-deathoil le sonrú i measc an phobail. Is annamh a chloistear focal diúltach i leith na Gaeilge anois ach ní hionann sin is a rá go bhfuilimid ag baint gach tairbhe is féidir as an dea-thoil sin. Buaileann an Seanadóir Farrell liomsa sa Teach beagnach chuile lá agus ceistíonn sé mé maidir leis an nGaeilge ar an bhfocal seo nó siúd. Ní bhíonn an freagra agam i gcónaí ach bíonn díospóireacht eadrainn gach lá a chruthaíonn gur teanga bheo í an Ghaeilge; nílimid ag caint faoi stair a thuilleadh ach faoin teanga mar atá sí inniu. Táimid ag iarraidh foclaíocht nádúrtha a fháil ar na hathruithe atá tagtha ar an saol.

Tá an-chuid rudaí ann le tríocha bliain a thugann an-dóchas dom. Is cuimhin liom nuair a chéad bunaíodh Raidió na Gaeltachta bhí daoine den tuairim nach raibh ann ach tacaíocht béil agus nach seirbhís phroifisiúnta a bheadh ann. Ach chruthaigh Raidió na Gaeltachta go bhféadfaí seirbhís phroifisiúnta a chur ar siúl chuile lá. Agus bíonn díomá ar dhaoine nach féidir leo níos mó tairbhe a bhaint as mar tá a fhios acu gur seirbhís ar ardchaighdeán í.

Is cuimhin liom a bheith ag obair sa chomhairle contae i gCluain Meala aimsir na Nollag fadó agus bhí geamaireacht as Gaeilge ar an teilifís a bhí ar fheabhas. Agus nuair a bhí sos tae againn an lá dár gcionn san oifig bhí daoine ann a dúirt go raibh an gheamaireacht ar fheabhas ach gur trua gur i nGaeilge a bhí sé. Ba chruthú é seo go raibh dul chun cinn á dhéanamh mar bhí daoine ar bheagán Gaeilge ag rá go raibh rud éigin á [729] chailliúint acu toisc nach raibh Gaeilge acu agus go raibh ardchaighdeán ag baint leis.

Tá ardmholadh tuillte ag RTÉ freisin. Le fada bhí na heagrais Ghaeilge i gcónaí i ngleic le RTÉ ó thaobh easpa Gaeilge ar an stáisiún. Agus is minic go ndearna RTÉ iarracht feabhas a chur ar an scéal agus is minic eile go raibh cúlú ann,

Má fhéachaim siar ar chláir cosúil le Buntús Cainte agus Labhair Gaeilge Linn ba chóir aitheantas a thabhairt gur chabhraigh na cláir sin chun feabhas a chur ar Ghaeilge na ndaoine a bhí báúil leis an teanga. Níor leor an dea-thoil gan an t-oideachas sin.

Ní bhfuair Liam Ó Murchú riamh an creidiúint a bhí ag dul dó as Trom agus Éadrom. B'eisean an duine a léirigh an brí a bhí le dátheangachas. Is cuimhin liom a bheith ar an traein maidin amháin agus rinne mé comhrá leis an bhfreastalaí mar gheall ar Throm agus Éadrom an oíche roimhe sin. Dúirt duine amháin leis an duine eile, “An raibh tú ag féachaint ar an gclár sin aréir? An bhfaca tú riamh a leithéid de bhainisteoir bainc agus duine mór le rá eile – agus bhí siad ag caint as Gaeilge ar an gclár?” Cheap siad beirt go raibh set-up éigin i gceist ansin. An rud atá i gceist ansin nach na Gaeilgeoirí a bhí ag caint Gaeilge ach gnáthmhuintir na tíre agus bhí daoine eile in ann iad féin a aithint sna cláir sin.

Molaim an clár Féach le Proinsias Mac Aonghusa freisin. Bhí cúrsaí reatha á phlé ansin le déanaí – ní ceist na Gaeilge ach gnáthchúrsaí an tsaoil – sin dul chun cinn. Ba chóir dúinn a bheith an-dóchasach as na hathruithe sin.

Maidir le Teilifís na Gaeilge, is féidir a rá go bhfuil sé nua-aimseartha cé go bhfuil fadhbanna ann maidir leis an tseirbhís a ghlacadh. Cailíní breátha, áille atá le feiscint ar na cláir agus TV3 ag feitheamh chun iad a ghoid. Thuig lucht bainistíochta Theilifís na Gaeilge go gcaithfí daoine óga cumasacha a earcú agus tiocfaidh feabhas diaidh ar ndiaidh ar an lucht féachana. Bhí sé de mhisneach againn méid áirithe airgid a chaitheamh le seirbhís den tsaghas sin a chur ar fáil le cruthú go rabhamar dáiríre ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge. Molaim gach duine a bhí páirteach san éacht sin.

Ní féidir an Ghaeilge a lua gan an Ghaeltacht a lua freisin. Is eol dom gur thug chuile dhuine anseo cuairt ar an nGaeltacht ag am éigin. Níor bhuail mé le héinne riamh a thug cuairt ar an nGaeltacht nár tháinig ar ais le hionspioráid – b'fhéidir nach raibh níos mó Gaeilge acu i gcónaí dá bharr ach thaitin sé leo a bheith ag caint faoina seal sa Ghaeltacht. Mar is cruthú an Ghaeltacht gur féidir tír dhátheangach a chur chun cinn – ní fiú a bheith ag caint ar leabhair nó ar phleananna. Infheistiú sa nGaeilge is ea an t-airgead a tugadh do Theilifís na Gaeilge agus do ghnóthaí eile agus aon laghdú a thagann ar an nGaeltacht, is laghdú é ar an gcúis féin.

Tá súil agam go gcuirfear béim níos mó ar an nGaeilge go háírithe i gcás daoine fásta agus go dtabharfar cuairt ar an nGaeltacht chun Gaeilge a fhoghlaim díreach mar a théitear go dtí an Fhrainc nó an Ghearmáin chun a dteangacha siúd [730] a fhoghlaim. Caithfear féachaint ar an nGaeltacht mar thobar na Gaeilge, tobar eolais agus oideachais.

Is cuimhin liom nuair a bhí an feachtas ar siúl anseo mar gheall ar dhul isteach san Eoraip bhí mise ar duine de na daoine a chuir ina choinne. Bhí mé i mo sheasamh ar ardán lá agus beirt eile liom agus é ag cur fearthainne agus seisear ag éisteacht linn. Bhí faitíos orm go gcuirfeadh an Eoraip isteach ar ár bhféiniúlacht náisiúnta. Tá mé sásta a admháil go raibh mé mícheart sa mhéid sin mar éinne a chuaigh ag taisteal ar fud na hEorpa riamh thug siad faoi deara nach í an tír seo amháin a bhí ag iarraidh a teanga féin a chothú agus a fhorbairt – má fhéachtar ar an obair atá á dhéanamh ag Rialtas na Fraince agus na milliún punt atá á chaitheamh acu chuile bhliain ar fud an domhain le cinntiú go mbeidh an stádas céanna ag an bhFraincis is atá ag an mBéarla. Tá an scéal amhlaidh leis an nGearmáinis agus thuig na daoine óga Éireannacha nárbh fhadhb í seo a bhain leis an tír seo amháin ach go raibh sé ann ar fud an domhain. Agus nuair a tháinig na daoine óga sin ar ais go dtí an tír seo bhí meas níos mó acu ar an nGaeilge.

B'fhéidir go bhfuilim mícheart sa mhéid seo ach shíl mé i gcás na gcomharthaí bóthair móra atá le feiceáil gurb í an Eoraip faoi ndear an Ghaeilge a bheith ar na comharthaí sin. Ní amháin an Ghaeilge a bheith ann ach méid na litreacha. Is cuimhin liom blianta fada ó shin nuair a bhí an-chuid daoine ag déanamh argóna le cinntiú nach mbeadh aon chúlú ann ó thaobh na gcomharthaí a bheith as Gaeilge chomh maith le Béarla agus b'fhéidir as Gaeilge amháin sna Gaeltachtaí. Tá siad dátheangach anois agus tá comharthaí dátheangacha le feiscint freisin ar na traenacha agus ag na haerphoirt. Cén chumhacht atá ag baint le seo? Conas is féidir le duine freastal ar scoil ar feadh 14 bliana agus Gaeilge a fhoghlaim don am sin agus gan é a bheith de mhisneach acu dhá abairt Ghaeilge a chur le chéile? Sin í an cheist i gcónaí. Bíonn sé de mhisneach ag daoine a gcuid Fraincíse a úsáid tar éis dhá bhliain. An freagra atá agamsa air ná gur thug na daoine óga faoi deara tar éis teacht as an scoil nach raibh an timpeallacht féin ag tacú leis an rud a bhí á dhéanamh taobh istigh den scoil. Ní raibh comharthaí le feiscint sa dá theanga.

Sna caogaidí tháinig foireann rugbaí go hÉireann ón mBreatain Bheag agus is cuimhin liom gur athraíodh na teidil ar na scannaín i bpictiúrlanna Bhaile Átha Cliath go dtí an Bhreatainis mar ómós do na cuairteoirí a bhí sa chathair. Go dtí go ndéantar an rud céanna in ómós do na daoine a bhfuil clann á tógáil acu le Gaeilge agus go bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus go bhfuil 25 faoin gcéad den phobal ag rá go bhfuil Gaeilge acu agus go mbeidh an húdáráis éagsúla sásta aitheantas a thabhairt do na daoine sin trí Gaeilge a chur ar fáil dóibh, beidh sé i gcónaí deacair aon dul chun cinn a dhéanamh sna scoileanna amháin.

Ábhar dóchais eile is ea na gaelscoileanna, [731] ceann de na rudaí is mó a tharla don Ghaeilge sa chéad seo. Chruthaigh siad arís go raibh tuismitheoirí ann a raibh muinín acu as a bhféiniúlacht féin agus a raibh an Ghaeilge ag teastáil acu dá bpáistí agus a thuig go mbeadh oideachas d'ardchaighdeán le fáil acu trí mheán na Gaeilge.

Tréaslaím le gach éinne a raibh baint acu leis an ngluaiseacht sin. Ní hé amháin go mbeidh na scoláirí sin ag teacht ar aghaidh le Gaeilge ach tá súil againn go mbeidh seirbhísí le fáil acu sa mheánscolaíocht chomh maith.

Tá baint ag na tuismitheoirí leis an bhforbairt sin, a chruthaíonn go bhfuil an-dul chuin cinn go deo déanta.

Ní féidir gluaiseacht na Gaeilge a fhágáil as an áireamh agus dála gach gluaiseachta bhí sé seal thuas agus seal thíos. Bunaíodh Conradh na Gaeilge breis is céad bliain ó shin agus má bhreathnaítear ar an dearcadh a bhí acu ag an am ní dóigh liom go bhféadfaí a bheith chomh dóchasach ó thaobh na Gaeilge ar fud na tíre. Ach ó am na Young Irelanders ar aghaidh isteach go dtí bunú an Chonradh thuig siad má bhí aon bhriseach ann sa leanúnachas go mbeadh glúin ann nach mbeadh aon tuiscint acu ar an mbrionglóid mhór seo a bhi ag na laochra ag an am úd. B'shin gurb ionann anam na tíre agus an Ghaeilge. B'fhéidir nach bhfuil an manna sin chomh faiseanta anois ach go bunúsach bhí an ceart acu. Na daoine a chuir suim sa Ghaeilge, chuir siad suim sa tír i gcoitinne agus bhí siad lánsásta ag an am íobairt a dhéanamh agus gan aon rud pearsanta a fháil as.

An Conradh a thug an dea-shampla sin agus ó shin tá eagrais bhreátha eile tagtha ar an tír agus ní fhéadfaí iad go léir a lua. Ach táimid faoi chomaoin acu, cuid acu a dhéanann obair speisialta, cuid eile a mbíonn cúram níos fairsinge orthu.

Caithfear féachaint ar scileanna agus ar stíl nua. Ní aon mhaitheas a bheith ag cloí le modhanna oibre ná le fealsúnacht a bhí ann caoga bliain ó shin. Aon rud atá beo, tá sé ag athrú agus is fíor sin faoin nGaeilge freisin. Más féidir an teicneolaíocht nua a úsáid le ciall is féidir dul i bhfeidhm ar an-chuid daoine eile.

Glacaim leis go bhfuil an tAire chun coiste comhairleach don óige a bhunú. Sin ceann de na rudaí is fearr a chuala mé le fada an lá. Lig dóibh a gcuid tuairimí féin a thabhairt agus labhairt ar a son féin. Is féidir linn a bheith cinnte má gheibheann siad an seans go mbeidh siad chomh ciallmhar céanna le haon aos óg eile dá raibh. Bhí cuid againn anseo inár ndéagóirí nuair a thosaigh muid amach i ngluaiseachtaí agus is cinnte go mbíonn fuinneamh ar leith agus dóchas ag an aos óg. Ní bhíonn siad chomh coimeádach linne.

Is féidir leo freisin dul i bhfeidhm ar a aois ghrúpa féin, rud atá deacair do dhaoine fásta.

Anocht sa Dáil beidh díospóireacht ann ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ó Thuaidh agus ar an bhForas Trasteorann don nGaeilge. Molaim an tAire agus an Rialtas de bhrí gur thug siad tús áite don nGaeilge nuair a bhí na gníomhaireachtaí seo á gcur le chéile. Dá dtiocfadh sé níos [732] déanaí déarfadh daoine nach raibh an gradam céanna ag an nGaeilge is atá ag ábhair eile. Tá an Ghaeilge mar shnaidhm eadrainn agus ní bhaineann sí le haon pholaitíocht ná haon traidisiún ar leith. Is féidir leis na hAondachtóirí a bheith dílis don seanoidhreacht mar tá sé i bhfad níos sine ná aon deighilt pholaitiúil a tharla ina dhiaidh sin.

Is féidir leis an nGaeilge an dá thraidisiún sa tír seo a shnaidhmeadh le chéile. Ócáid stairiúil í seo sa Seanad inniu nuair atá cúrsaí Gaeilge á bplé trí Ghaeilge fad atá athaontú na tíre ó thaobh na Gaeilge ag tarlú freisin.

Mr. Ryan: Fáiltím roimh an Aire agus tá a fhios agam go bhfuil sé dáiríre faoin obair atá idir láimhe aige. Má deirim aon ní nach bhfuil go hiomlán dearfa, is chun cabhrú a deirim é.

I gcás na nGaeltachtaí, tá sé in am do dhaoine an seanrómánsaíocht a fhágaí taobh thiar díobh. Is cuimhin liom mo chéad chuairt ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne i 1971. Bhí sé lán de dhaoine breátha le Gaeilge mhilis ach ba é an méan aoise ná 70, gan ach leanbh nó dhó san áít. Bhí an áit go hiontach mar iarsma – ní raibh sé chun leanúint leis mar phobal tar éis b'fhéidir deich mbliana eile ach amháin gur tháinig athrú i bhfoirm tionscail, a thug seans do dhaoine fanacht ann. Inniu níl an Ghaeilge chomh milis is a bhí – tá sé measctha le Béarla; tá daoine ann nach labhraíonn Gaeilge a thuilleadh nuair nach gcloisfí ach Gaoluinn fiche cúig bliain ó shin ach tá sé i bhfad níos tábhachtaí go bhfuil an pobal beo agus tá seans anois don Ghaeilge sna pobail sin.

Go dtí sin bhí baol ann go mairfeadh sé mar Ghaeltacht go dtí gur cailleadh an duine deireanach agus ansin go mbeadh radharc iontach ag stróinseírí a thiocfadh ar laethanta saoire agus gan le clos ach a dteangacha iasachta siúd.

Tá athruithe tagtha ar na Gaeltachtaí, athruithe nárbh fhéidir a sheachaint. Má bhí forbairt eacnamaíochta le teacht ar na ceantair sin ní fhéadfaí é a dhéanamh gan cuidiú ó dhaoine gan Gaeilge. Tá rudaí tar éis tarlú iontu nach dtaitníonn le daoine atá ag lorg iarsmalann sna Gaeltachtaí. Is cuimhin liom fear breá Gaeltachta ag rá le Gaeilgeoir as Baile Átha Cliath nach raibh sé sásta fanacht in áit nach raibh teilifís, pictiúrlann, carr nó meaisín níocháin aige chun cabhrú le Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliaith seansaol nach raibh oiriúnach dóibh ach a bhí oiriúnach do mhuintir na Gaeltachta a choimeád beo.

Tá sé in am dúinn an seanrómansaíocht a fhágáil taobh thiar dínn. Is cuimhin liom go bhfágtaí na sméara dubha ar thaobh an bhóthair i gCorca Dhuibhne mar nach raibh dóthain daoine óga fágtha san áit. Is maith go bhfuil sé sin go léir athraithe anois. Baineann na deacrachtai atá an nGaeltacht anois le saol an duine bheo agus ní le saol an phobail mhairbh.

Caithfear a admháil go bhfuil sé an-deacair teanga lag a threisiú. Ní heol dom ach dhá thír inar déanadh an éacht sin – an Iosrael áit a raibh teanga ag teastáil chun an pobal a aontú agus féin-mhuinín a mhúscailt iontu agus an Fhionnlainn atá ina sampla breá dúinne. Sa leab[733] har iontach a scríobh an tOllamh Joe Lee fé stair na tíre seo rinne sé cur síos ar an easpa muiníne a léirítear trí laige na Gaoluinne in Éirinn. An chomparáid a dhéanann sé ná idir an tír seo agus an Fhionnlainn agus deir sé go raibh céatadán níos ísle den phobal ag labhairt Fionlannais i lár na haoise deiridh ná mar a bhi ag labhairt Gaeilge sa tír seo. B'é an tSualainnis an teanga ba láidre agus d'éirigh leo é sin a athrú ionas gurb í an tSualainnis anois teanga na mionlachta sa tír sin agus an Fhionlannais an phríomh-theanga. D'éirigh i bhfad níos fearr leo ó thaobh na heacnamaíochta freisin agus tá sé suimiúil a thabhairt faoi deara go bhfuil ag éírí leo fós agus go bhfuil an mobile phone manufacturing firm is mó ar domhain bunaithe sa tír sin agus an teanga aisteach sin nach dtuigeann éinne eile agus a bhfuil siad an-bhródúil aisti, tá sí ag gach éinne sa tír mar aon le teanga nó dhó eile.

Is féidir é a dhéanamh ach caithfear a bheith dáiríre faoi. Tá rudaí déanta againn in ainm an teanga a chur ar aghaidh agus níor éirigh leo. Is fiú taighde domhanda a dhéanamh ar an tslí a thagann leanaí as an mbunscoil tar éis deich mbliana a chaitheamh ag foghlaim na Gaoluinnne ar feadh deich n-uaire sa tseachtain, daichead seachtain gach bliain, agus an deireadh níl siad ábalta comhrá simplí a choimeád ar siúl as Gaeilge. Sin ceann de na teipeanna is mó ó thaobh oideachais i dtír ar bith agus ba chóir an chúis atá leis a fhiosrú. Nuair is féidir le páistí óga teangacha iasachta a shealbhú, cén fáth nach feidir leo an Ghaeilge a shealbhú tar éis an méid sin ama? Is minic a bhuailim le múinteoirí bunscoile nach bhfuil in ann comhrá Gaeilge a choimeád ar siúl liomsa agus ní ró-thapa a labhraím agus ní ró-chasta an foclóir atá agam. Níl an chuid is mó de mhúinteoirí bunscoile na tíre seo in ann comhrá Gaeilge a choimeád ar siúl.

Má tá daoine ag múineadh Gaeilge nach bhfuil in ann í a labhairt, cad a dhéanfaidh siad? Leanfaidh siad le litriú, le léamh agus le rudaí eile ach ní bheidh siad in ann an rud is tábhachtaí a dhéanamh, sé sin, Gaoluinn a labhairt le leanaí sa chaoi is go labhróidh na leanaí as Gaoluinn. Tá ag teip ar an gcaiteachas ar mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna.

Sna gaelscoileanna, tar éis bliain amháin, tá leanaí in ann comhrá den chaighdeán a d'oirfeadh don aois sin a choimeád ar siúl as Gaoluinn. Má táimid dáiríre faoin mbunsprioc, an pobal a bheith compordach leis an nGaoluinn, caithfear féachaint ar an gceist seo.

Tá gluaiseacht na Gaoluinne nó establishments na Gaoluinne ann agus ní dóigh liom gurb ionann dearcadh na establishments seo agus maitheas na Gaoluinne. Caithfear a thuiscint nach ó ghluaiseacht oifigiúil na Gaoluinne a tháinig an chuid is mó de na gaelscoileanna ach ón gcosmhuintir in áiteanna cosúil le Baile Munna lena n-éileamh do chóras oideachais lánghaelach. Is beag cabhair a fuair na daoine sin ag an am, is cuma cén Rialtas a bhí i gcumhacht. Bhí státseirbhísigh ann a dúirt leo “You are not serious. You working-class people wanting a school through Irish amháin, [734] you must be joking.” Agus baineadh an-gheit as na daoine siúd.

D'éirigh linn cuid mhaith rudaí a dhéanamh. Tá níos mó Gaoluinne ag níos mó daoine sa tír seo ná mar a bhí 70 bliain ó shin. Ach má fhéachtar ar an méid airgid atá caite againn air, ní go ró-mhaith a d'éirigh linn.

An rud is measa a rinneamar ná coinníoll a leagadh síos go raibh Gaoluinn ag teastáil ó gach duine a bhí ag dul ag obair sa chóras poiblí, ach amháin do Bhaill an Oireachtais. Dá n-athróimis an rud ar fad agus a rá go bhfuileamar chun gnó an Oireachtais a dhéanamh trí Ghaoluinn agus gan aon bhrú a chur ar éinne eile, d'athrófaí an scéal ar fad. Ach b'fhéidir nach mbeimis in ann é sin a dhéanamh.

Tá an-mhímhacántacht ann i leith na Gaoluinne – agus ní hé an tAire atá i gceist agam ach teorainneacha na Gaeltachta. Tá argóint déanta ag an Aire gur fiú seans amháin eile a thabhairt do na pobail atá in ainm is a bheith ina Gaeltachtaí athrú teangan a chur chun cinn. An dea-shampla is fearr atá againn ná go bhfuil athrú ag teacht ar Ghaeltachta na Rinne, athrú beag, lag ach athrú fós féin. Ní ró-mhaith an chomhartha é do na daoine a labhraíonn Gaoluinn sna Gaeltachtaí go mbeidh toghchán ann d'Údarás na Gaeltachta agus go mbeidh daoine áirithe i gcathair na Gaillimhe ag vótáil ann agus daoine eile nach mbeidh. Muna bhfuil an tAire sásta teorainneacha na Gaeltachta a athrú, sin cúis amháin nach cóir an toghchán sin a reachtáil ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla. Má bhíonn toghcháin Údarás na Gaeltachta ann ar lá leo féin, ní vótáilfidh iontu ach muintir na fíorGhaeltachta agus ní bhacfaidh na daoine atá in ainm is a bheith ina gcónaí sa nGaeltacht leo.

Tá daoine ar aithne agamsa sna Gaeltachtaí a gceapann go bhfuil na toghcháin seo á reachtáil ar an lá céanna chun vóta níos mó a fháil ó na Béarlóirí. Sin a tharla an uair dheiridh nuair a chaill daoine cumasacha neamhspleácha a suíocháin agus go raibh an lá leis na Páirtithe móra, go mór mór i gcathair na Gaillimhe.

Mímhacántacht eile é an curaclam Gaoluinn céanna a chur ar fáil sa Ghaeltacht, i ngaelscoileanna agus i scoileanna eile. Níl ansin ach dallamullóg á chur againn orainn féin. Ní hionann iad na leanaí sin ó thaobh na Gaoluinne de.

Is dóigh le mo leanaí féin a bhfuil Gaoluinn réasúnta maith acu go mba chóir an Ghaoluinn den taobh tíre ina bhfuil an leanbh a mhúineadh don leanbh sin – Gaoluinn na Mumhan i gCúige Mumhan agus mar sin de. Agus ní mhúinfinn an caighdeán dóibh go dtí go bhfuil siad ábalta í a labhairt. Baintear an-gheit as leanaí na ngaelscoileanna nuair a théann siad go dtí an Ghaeltacht don chéad uair agus cé gur dóigh leo go bhfuil cumas maith Gaoluinne acu ní thuigeann siad focal thart orthu. Ní mór an chabhair dá bhféin-mhuinín é sin.

Tá rudaí áirithe le déanamh fós. I gcathair Chorcaí, caithfear Teilifís na Gaeilge a lorg i measc na gcainéal eile ar an multichannel toisc go bhfuil caineál Gearmánach ann a chuireann por[735] nography ar fáil go déanach istoíche. Ba chóir go mbeadh Teilifís na Gaeilge i measc na bpríomhchainéal agus d'fhéadfaí é sin a dhéanamh le reachtaíocht.

Anois go bhfuil an oiread sin airgid ag an tír ba chóir níos mó cabhrach a thabhairt do Theilifís na Gaeilge chun cláir eile a dhéanamh.

Tá an teanga ag athrú sa chóras tráchtála sa Ghaeltacht – tá sé deacair anois ar dhaoine dul isteach i dteach tábhairne agus deoch a lorg as Gaoluinn – in áiteanna i gCorca Dhuibhne ní thuigtear Gaoluinn agus níl sé sin go maith don turasóireacht.

Ní dóigh liom go n-oireann an t-atmasféar sna pubs agus sna caféanna ach oiread. Ní theastaíonn ó thurasóirí Atlantic 252 a chlos ann. Tá tithe samhraidh sa Ghaeltacht – agus tá ceann acu agam féin – ag cur an-bhrú ar phobal na Gaeltachta. Moladh amháin atá agamsa – agus ní dóigh liom gurb é seo polasaí mo pháirtí, ach is cuma faoi sin – má tá daoine ag tógáil tithe samhraidh tá siad ag baint úsáid as seirbhísí, ag úsáid talún agus ag cur brú ar dhaoine atá ag iarraidh clann a thógaint.

Mar sin is é mo mholadh ná gur chóir go mbeadh cáin ar thithe samhraidh sa Ghaeltacht, timpeall £500 sa bhliain ar gach tigh samhraidh. Ba chóir an t-airgead sin a úsáid san áit in a bhfuil an tigh samhraidh chun láithreacha tí, seirbhísí scoile agus mar sin de a chur ar fáil.

Thiocfadh cuid mhaith airgid isteach as a leithéid fiú amháin i gCorca Dhuibhne, áit a bhfuil eolas maith agam féin air. Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart nach bhfuil rud mar sin á íoc ag daoine gur féidir leo íoc as, daoine go bhfuil dhá thigh acu.

Miss Quill: Is é an córas atá againn sa Tigh seo ná gurb urlabhraí an pháirtí an dara urlabhraí ó thaobh an rialtais. Táim an-bhuíoch don Seanadóir an seans seo a thabhairt dom mar tá an t-am ag sleamhnú.

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom fíorchaoin fáilte a chur roimh an Aire Stáit. Chuir sé áthas orm éisteacht leis an díospóireacht a bhí ar siúl sa Tigh le beagnach dhá uair anuas agus éisteacht leis an líofacht Ghaeilge atá sa Tigh le linn dom a bheith ag obair i mo oifig.

Is ceart agus is cóir go mbeadh díospóireacht mar seo againn go háirithe sa Tigh seo agus Seachtain na Gaeilge ar siúl amuigh ansin i measc an phobail agus sinn ag iarraidh ar an bpobal breis Ghaeilge a labhairt. Bheadh sé an hait go deo muna mbeadh iarracht níos fearr á dhéanamh againne chun Gaeilge a labhairt an tseachtain seo go háirithe agus gan amhras gach seachtain i rith na bliana.

Táimid ag druidim i dtreo dheireadh na haoise seo agus is ceart agus is cóir go ndéanfaimis meastachán ar cad tá bainte amach againn le linn ha haoise seo. Conas tá staid na Gaeilge anois agus cad is cóir a dhéanamh chun staid na Gaeilge a leathnú a\gus sinn ag dul i dtreo na haoise nua? Measaim go bhfuil sé tráthúil a leithéid sin a [736] dhéanamh agus is dóigh liom gurb é sin an saghas machnaimh atá á dhéanamh againn anseo tráthnóna inniu.

Chomh fada agus a thuigim an scéal tá an Ghaeltacht ag dul i laige agus tá an Ghalltacht ag dul i dtreise. Tá ceist an dátheangachais i bhfad níos láidre anois ná mar a bhí sí tráth. Sin rud an-mhaith ar fad. Is céim í sin atá bainte amach ag gnáth-mhuintir na tíre seo. Is é sin go bhfuil an dátheangachas i réim anois agus go bhfuil cumas cainte sa dá theanga ag i bhfad níos mó daoine anois ná mar a bhí tráth.

Ba chóir go mbeadh mórtas orainn go bhfuil an méid sin bainte amach againn. Is trua, áfach. go bhfuil an Ghaeltacht ag dul i laghad. Cad is féidir linne a dhéanamh anois chun tabhairt faoin cheist sin agus chun teacht i bhfóirithint ar mhuintir na Gaeltachta chun an Ghaeilge a dhéanamh níos treise sa Ghaeltacht? Muna bhfuil an Ghaeltacht beo agus bríomhar ní bheidh an teanga sa chuid eile den tír mar sí an Ghaeltacht príomhfhoinse agus tobar na Gaeilge.

Fadó scríobh an file Seán Ó Ríordáin – fear a raibh an-chumas scríobhnóireachta aige agus an-bhá aige don Ghaeltacht – alt san Irish Times agus an príomhsmaoineamh a bhí san alt sin ná seo: muna bhfuil an Ghaeltacht láidir ní bheidh an Ghaeilge láidir, nó beo nó bríomhar sa tír seo. Réitím leis an tuairim sin.

An rud is ceart dúinn a dhéanamh anois ná iarracht níos láidre a dhéanamh chun cúrsaí eacnamaíochta sa Ghaeltacht a chur chun cinn mar muna mbíonn fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht beidh an Ghaeltacht á thréigint ag daoine óga ag dul go háiteanna eile sa tír nó thar lear. Má thréigeann an t-aos óg an Ghaeltacht cad tá in ann dí? Sin an chéad phointe gur mhaith liom féin a dhéanamh. Caithfimid iarracht i bhfad níos feárr a dhéanamh chun níos mó fostaíochta a chur ar fáil sa Ghaeltacht i dtreo is gur féidir le daoine óga a bhfuil togha na Gaeilge acu fanacht sa Ghaeltacht, a gclann a thógaint sa Ghaeltacht agus traidisiún na Gaeilge sa teaghlach a chur chun cinn ó ghlún go glún. Tá sé sin an-tábhachtach.

Ní leor go mbeadh daoine mar sinne ag dul uair amháin sa bhliain go dtí an Ghaeltacht agus an-spraoi a bhaint amach agus ansin imeacht as go ceann bliana eile. Ní leor é chun an Ghaeltacht a choimead beo. Is cabhair é don Ghaeltacht gan amhras mar d'fhéadfá a rá go gcuireann sin cúpla pingin isteach sa Ghaeltacht. Agus is cabhair é don Ghaeltacht nuair a bhíonn leanaí óga ag dul go dtí an Ghaeltacht i rith an tsamhraidh gach bliain chun an Ghaeilge a fhoghlaim, ach ní leor é. Caithfear fostaíocht fad-téarmach a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Táimid anois, nó tá an rialtas seo go háirithe, ag druidim i dtreo an réigiúnachais. Is maith an polasaí sin i leith na Gaeltachta agus i leith an choda eile den tír atá taobh amuigh de na bailte móra. Má chuirtear an polasaí sin i bhfeidhm agus má thugtar ardú céime don infrastruchtúr – na bóithre, taisteal agus access agus mar sin de – bheadh dóchas agam go dtiocfadh feabhas ar an [737] gceist agus go mbeadh deis ann an Ghaeltacht a láidriú arís – ní amháin don Ghaeltacht ach do mhuintir na tíre tré chéile. Is iontach an rud é do dhaoine mar sinne nach bhfuil comhnaí orainn sa Ghaeltacht go bhfuil an Ghaeltacht ann dúinne chun dul ann, feabhas a chur ar ár gcuid Gaeilge agus teangbháil a dhéanamh len ár dteanga dhúchais féin, cumarsáid a dhéanamh ní amháin leis an teanga labhartha ach le litríocht agus filíocht na Gaeilge chomh maith.

Tá an Ghaeilge sa bhfaisean arís. Nuair a bhí mise óg bhí boladh an bhochtanais ag baint leis an nGaeilge agus bhí dearcadh ag an-chuid daoine mura raibh cumas cainte agat sa Bhéarla second-class citizen a bhí ionat. Tá an-athrú dearcaidh i leith na Gaeilge imithe i bhfeidhm sa tír seo le fiche bliain anuas agus is maith an rud é sin. Is rud faiseanta anois a bheith líofa sa Ghaeilge.

Tá na cláracha Gaeilge ar an teilifís spleodrach, beo agus bríomhar. Cuireann líon na ndaoine óga atá ag plé leis an nGaeilge ar Theilifís na Gaeilge agus ar stáisiúin eile gliondar croí orm. Mar sin mheasfá go mbeadh sé níos fusa don ghlúin seo an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chothú agus a chur ar aghaidh.

Feachtas eile atá imithe chun cinn go hiontach le blianta beaga anuas ná feachtas na ngaelscoileanna. Is iontach go deo anois líon na bpáistí óga atá ag freastal ar ghaelscoileanna. Rud ar mhaith liom a chur os comhair an Aire ná páistí a bhíonn ag freastal ar ghaelscoileanna ar feadh, b'fhéidir, ocht mbliana – go minic ní bhíonn meánscolaíocht tré Ghaeilge ar fáil dóibh. Is mór an laige é sin sa chóras oideachais. Ní bhíonn an leanúnachas ann agus is mór an caitheamh amú an méid sin ama a chaitheamh sa chóras oideachais ag foghlaim tré Ghaeilge muna mbíonn an leanúnachas ann. Cuirim é sin os comhair an Aire mar sprioc.

Ós ag caint ar oideachas atáimid, tá easpa téacsleabhar tré Ghaeilge ann, go háirithe sna hábhair teicneolaíochta agus eacnamaíochta. Sin laige an-mhór sa chóras oideachais. Tá sé an-deacair ar mhúinteoirí teacht ar théacsleabhair nua-aimseartha agus caithfear rud éigin a dhéanamh faoin laige sin.

Is iontach ar fad líon na dtuismitheoirí atá sásta anois oideachas tré Ghaeilge a lorg dá gcuid leanaí. Tugann sin an-mhisneach dúinn.

Ag tagairt don Ghaeltacht arís, measaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag daoine ar nós dochtúirí agus daoine eile sa chóras poiblí a théann isteach ag obair sa Ghaeltacht. Ach ní mar sin a bhíonn sé uaireanta. Sin laige an-mhór. Ní ceart go mbeadh daoine sa chóras poiblí ag dul isteach sa Ghaeltacht chun slí bheatha a bhaint amach muna bhfuil Gaeilge líofa acu agus é ar a gcumas an Ghaeilge a labhairt gach lá. Tá sin an-tábhachtach freisin.

Is trua nach bhfuil ach an t-aon pháipéar laethúil amháin ann go mbíonn aon Ghaeilge le léamh ann agus is é sin an Irish Times. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Irish Times [738] amháin as ucht an méid Gaeilge atá ann ach an saghas Gaeilge atá ann freisin. Táim ag smaoineamh ar Liam ó Muirthile ach go háirithe agus ar an intleacht atá ag an bhfear sin. Is iontach go deo na rudaí a scríobhann sé sa pháipéar sin. Muna mbeadh sí le léamh sna páipéirí bheadh sé an-deacair an Ghaeilge a choimeád beo. Is mór an trua é ach chomh fada agus is eol dom is é an Irish Times an t-aon pháipéar laethúil amháin go mbíonn an Ghaeilge ann go rialta. Is mór an trua é nach ndéanann na nuachtáin náisiúnta eile iarracht níos fearr chun beagáinín Gaeilge a fhoilsiú chun freastal ar na daoine a bhfuil meas acu ar an nGaeilge agus ar mhaith leo beagáinín léitheoireachta a dhéanamh tré mhéan na Gaeilge lá i ndiaidh lae.

Is iontach an rud é go bhfuil Teilifís na Gaeilge ann agus ag feidhmiú fé mar atá sé. Ach níl sé chomh héasca sin ar an-chuid daoine teacht ar an gcainéal sin agus ba mhaith liom go ndéarfadh an tAire é sin le Cathal Goan nó le pé duine atá i bhfeighil an stáisiúin sin. Bhí an scéal níos measa nuair a thosaigh an stáisiún ach tá sé ag dul i bhfeabhas anois. Tá sé níos éasca domsa anois teacht ar Theilifís na Gaeilge ná mar a bhí sé nuair a thosaigh sé. Ní ceart aon bhac a chur ar an access agus ba cheart go mbeadh muintir na tíre seo in ann teilifís tré Ghaeilge a fháil.

Measaim nach bhfuil an méid céanna Gaeilge ar theilifís RTÉ is a bhí tráth ach ní féidir liom a bheith cinnte faoi seo mar ní bhíonn mórán ama agam a bheith ag breathnú ar an teilifís. Is mór an trua é sin. Nuair a bhí an díospóireacht ar siúl maidir le Teilifís na Gaeilge a bhunú dúirt mé lá i ndiaidh lae nach ceart go mbeadh aon laghdú ar mhéid na Gaeilge ar RTÉ nuair a bheadh an tseirbhís nua ar fáil. Public service broadcasting atá i gceist anseo agus má tá laghdú ar mhéid na Gaeilge ann ba cheart don Aire dul chun cainte leo agus a rá leo go ndúrathas é sin sa Tigh seo inniu le linn Seachtain na Gaeilge 1999. Ba cheart don Aire a rá leo go bhfuil díomá orainn gurb amhlaidh atá an scéal. Tá dualgas orthu ar a laghad an méid Gaeilge a bhí ann tráth a chur ar fáil. Muna mbíonn Gaeilge timpeall orainn sna meáin chumarsáide, sna nuachtáin agus eile, ní bheidh sí beo sa tír seo. An laige is mó a bhí ann tráth ná go rabhamar ag brath ar an gcóras oideachais chun gach rud a dhéanamh agus tá sé faighte amach againn anois nach féidir leis an gcóras oideachais gach uile rud a dhéanamh. Déanann siad a ndícheall, God knows.

Is mór an t-áthas atá orm go bhfuil an saghas seo díospóireachta ar siúl anseo an tseachtain seo agus go bhfuil an-chuid tuairimí ag teacht ó mhuintir an Tí seo maidir le conas is féidir an Ghaeilge a choimeád beo. Ta dea-thoil á léiriú ag muintir an Tí seo i leith na Gaeilge. Níl ach cúpla rud sa tír bheag seo gur fiú a choimeád agus a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile – an ceol, an fhilíocht, an litríocht agus an teanga agus go minic is ionann iad sin go léir.

[739] Mr. Farrell: Níl Gaeilge líofa agamsa ach creidim sa seanfhocal “Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste”. Ba mhaith liomsa freisin fáilte a chur roimh an Aire go dtí an Teach seo. Nuair a bhí sé féin agus mé féin mar Sheanadóirí ar Chomhchoiste na Gaeilge chuireamar cúrsa Gaeilge ar bun chun cabhrú le Teachtaí Dála agus Seanadóirí a raibh suim acu sa Ghaeilge. Chomh maith leis sin chuireamar córas aistriúcháin ar fáil sa Teach seo agus d'oscail an Taoiseach ag an am, Cathal Ó hEochaidh, seomra na Gaeilge. Bhí téipeanna agus taifeadtaí agus leabhair Ghaeilge ar fáil ann. Cad a tharla do na háiseanna sin? Iarrfaidh mé ar bhaill na gcomhchoistí na hábhair seo a fháil agus a chur ar fáil do Bhaill na dTithe seo a bhfuil neart Gaeilge acu agus a dteastaíonn uathu Gaeilge níos fearr a labhairt.

Bhí suim mhór agam féin sa Ghaeilge le fada an lá. Nílimid chomh patriotic sa tír seo as we would like to believe. Cén fáth nach bhfuil brat na tíre ag eitilt i ngach scoil náisiúnta sa tír? Ba chóir é a ardú gach maidin agus é a thógáil síos gach tráthnóna.

Have we any love for our national flag or do we treat it as just another something?

Féach trasna ar mhuintir na Breataine. Tá a mbrat siúd ag eitilt ar gach scoil Breatainneach. Is amhlaidh in a lán tíortha eile. We must first have a love for our flag. National schools must engender the meaning of the flag in young people and fly it during school hours. There is some antipathy towards the national flag. Is brónach an scéal é.

An bhfaca sibh foirne ó thíortha eile nuair a thagann siad anseo chun cluichí a imirt? When foreign national anthems are being played at soccer, rugby or American football matches, teams stand to attention and sing. Irish teams do not do so. Watch our teams. Seasann siad le lámh anseo is ansiúd agus focal ina mbéal acu. Not one of them opens their mouth to sing. Very few national schools teach the national anthem. Cén fáth? Tá sé in am é sin a thosú. It is time we made it clear to schools that they should teach pupils to sing the national anthem. Foreign teams stand to attention and sing their national anthems. I appeal in particular to the GAA to pay greater attention to this issue and to ask teams to learn and sing the national anthem. If the GAA does not give the national anthem a place of honour on auspicious occasions then how can we expect others to do so?

Tá an Ghaeilge níos láidre ar fud na tíre anseo ná mar a bhí sé le fada an lá. Cloistear an-chuid daoine ag labhairt cúpla focail. Deir daoine go bhfuil an Ghaeilge an-deacair le foghlaim ach ní fíor sin.

Tháinig bean ón mBreatain a bhfuil seacht nó ocht teanga aici go Conamara chun Gaeilge a fhoghlaim. D'éirigh lei agus anois múineann sí Gaeilge i gConamara. Nach dtaispeánann sé sin [740] go bhfuil rud éigin mícheart le muintir na tíre seo?

Is mór an trua go bhfuil an teanga ag dul i laige sa Ghaeltacht. Níl a fhios agam cén fáth. Fuair mé mo chuid Gaeilge féin i nGaeltacht Chontae na Mí. Bhí mé ansin ar feadh deireadh seachtaine ceithre bliana ó shin agus bhí Gaeilge le clos i ngach áit agus chuidigh daoine liom sna siopaí Gaeilge a labhairt. Ach nuair a bhím i nDún na nGall nó i gConamara nuair a labhraím i nGaeilge faighim freagra i mBéarla. They have no time for people with broken Irish. English is the rule of the day.

Tá sé in am deontais a thabhairt do dhaoine ar fud na tíre chun monarchana agus mar sin de a thógáil agus fostaíocht a chruthú áit a mbeidh an Ghaeilge in úsáid. The language would flourish more quickly if we paid grants to people outside Gaeltacht areas who were prepared to create employment and make use of the Irish language. It is not right that Gaeltacht areas receive so many grants while not promoting the language as they should be doing.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Raidió na Gaeltachta ach nílim chomh sásta sin le Teilifís na Gaeilge. Labhartar an Ghaeilge go han-tapa agus gearrtar na focail ionomarca. Is maith an Ghaeilge atá ag an Seanadóir Quill. Labhraíonn sí Gaeilge simplí. Cén fáth nach féidir le muintir na teilifíse labhairt ar an gcaoi chéanna? For too long they have been giving the impression that Irish was difficult like Latin. They are trying to keep the grants for themselves and failing to promote the language as they should be doing.

An Cathaoirleach: Tá sé a sé a chlog anois agus caithfimid dul go dtí an chéad ghnó eile. Ní gá, áfach, go gcuirfí deireadh leis an díospóireacht seo inniu. Is féidir an gnó a fhágáil ar Riar na hOibre agus teach ar ais chuige lá eile.

Labhrás Ó Murchú: Tá sé i gceist teacht ar ais ar an gceist arís agus tuigim go bhfuil an tAire sásta teacht isteach le haghaidh dhá uair a chloig eile freisin. Tá liosta Seandóirí fós gur mhaith leo labhairt ar an ábhar agus socrófar dáta eile.