![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 2 - 16 August, 1921 ELECTION OF DEPUTY SPEAKER. BEAN UI CHEALLACHAIN BEAN UI CHEALLACHAIN BEAN UI CHEALLACHAIN: Is mian liom Seán O Ceallaigh (“Sceilg”) d'ainmniú mar Leas-Cheann Comhairle. Fear léigheannta, ciallmhar iseadh é gur féidir linn ionntaoibh a bheith againn as. GEAROID O SUILLEABHAIN GEAROID O SUILLEABHAIN GEAROID O SUILLEABHAIN: Is áthas domhsa cuidiú leis an rún so. Na daoine go bhfuil baint acu le h-obair na hÉireann tá siad deimhnighthe dhe ná fuil aon easba céille ná tuigsiona ar an Teachta ó Chonndae Lughmhaighe. Rinne sé obair mhaith mar Cheann Comhairle roimhe seo. SEAN O CEALLAIGH SEAN O CEALLAIGH SEAN O CEALLAIGH: Sul a gcuirtear an mola so os cóir na Dála, ós rud é go samhluíonn sé dhom gurab é aon toil na Dála go nglacfainn-se leis an gcúram so arís, is mian liom a rá ná fuil aon chaitheamh agam-sa i na dhiaidh ach oiread is mar bhí an uair a cuireadh orm cheana é. An tráth ghlacas leis cheana níor shaoileas go mbeadh orm oiread oibre do dhéanamh ar son na Dála is mar thuit orm ó shoin. Tá dóchas agam gur fada a fágfar tusa againn, a Chinn Comhairle. Ach má sciobann an Rialtas iasachta uainn arís thú, is go mbead-sa saor, agus má's é rogha na Dála go raghfainn-se it' ionad, déanfad san, nó éinní eile go mbeidh gá leis, agus fáilte. Cuireadh an rún agus glacadh leis. Dáil Éireann 2 ELECTION OF DEPUTY SPEAKER. General Debate 19210816
| ||||||||||||||||||||||