![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 1 - 21 January, 1919 2. CLEIRIGH i gCOIR AN LAE. AN CEANN COMHAIRLE AN CEANN COMHAIRLE AN CEANN COMHAIRLE Tá ceathrar cléireach uainn i gcóir gnótha an lae, agus molaim díbh - Diarmuid Ó hÉigeartaigh, Riseárd Ó Foghludha, Seán Ó Núnáin agus Pádraig Ó Síothcháin - An toil libh glacadh leó-san? [Is toil]. Iadso ná fuil le déanamh aca indiu acht éisteacht, is chughtha san atáim ag labhairt anois. Is amhla is feárr do gach duine aca gan éin liúirigh do dhéanamh, is cuma cad deirtear ar an nDáil.B'éidir go bhfuil roinnt daoine i láthair ná tuigeann an Ghaeidhilg: de dheascaibh an tsóirt sin oideachais atá in Éirinn le fada, tá, foríor, a lán Éireannach ann ná tuigeann teanga a dtíre féin, agus dá bhrigh sin tá orm cúpla focal do rádh insa Saxbhéarla ghioblach: We desire that there shall be no cheering whatever. Dáil Éireann 1 2. CLEIRIGH i gCOIR AN LAE. General Debate 19190121
| ||||||||||||||||||||||