Dáil Éireann - Volume 683 - 26 May, 2009

Written Answers. - Séadchomharthaí Náisiúnta.

D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Airgeadais cá bhfuil an leacht marmair a bhíodh ar crochadh gar don Fháiltiú i Scoil Éanna, Ráth Fearnáin i gcuimhne orthu siúd a fuair bás in 1916, agus nach ann dó a thuilleadh ó rinneadh athchóiriú ar an bhfoirgneamh. [21049/09]

  Deputy Martin Mansergh:Tógadh an leacht marmair as Scoil Éanna nuair a bhí oibrithe leasaithe a dhéanamh, agus beidh sé curtha ar ais in áit fheiliúnach nuair atá an t-ionad taispeantais réidh.

D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Airgeadais an bhfuil treoir tugtha ag Oifig na nOibreacha Poiblí do threoraithe turais ‘Ballaí agus Doirse’ sna tithe móra galánta agus sna hionaid stairiúla eile faoina stiúir, ag cur cosc ar thagairtí do na hÓglaigh agus dóibh siúd a d’fhulaing ar son na ‘Saoirse’ agus sa chogadh i gcoinne na Sasanach, nó má tá sí tugtha, an aistarraingeofar í. [21050/09]

  Deputy Martin Mansergh:Níor thug Oifig na nOibreacha Poiblí treoir mar sin. Tá gach turas fíor do stair na haoise i gceist.