Dáil Éireann - Volume 677 - 04 March, 2009

Written Answers. - Forbairt Ghaeltachta.

D’fhiafraigh Deputy Eamon Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith an triúr áisitheoir pobail sna Gaeltachtaí beaga, An Rinn, Ráth Chairn agus Uíbh Ráthach, a chur ar ais ina bpoist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8977/09]

  Deputy Éamon Ó Cuív: Tagraím don Teachta na ceisteanna dála roimhe seo a bhaineann leis seo –uimhir 311 agus 312 ar an 24 Feabhra 2009. Mar atá léirithe, baineann fostaíocht foirne na gcomhlachtaí forbartha áitiúla comhtháite leis na comhlachtaí iad féin. Níl aon fheidhm agam iontu.