![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 654 - 15 May, 2008 Written Answers. - Forbairt na nOileán. Deputy Dinny McGinley Deputy Dinny McGinley D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le haerstráice ar Oileán Thoraí agus cén uair a bhfuil súil aige go gcuirfear tús leis an obair. [18794/08] Deputy Éamon Ó Cuív Deputy Éamon Ó Cuív Deputy Éamon Ó Cuív: Ar iarratas ó mo Roinnse agus i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta, tá Comhairle Chontae Dhún na nGall i mbun an phróiséis chun Orduithe Ceannaigh Éigeantaigh a chur i bhfeidhm ar an dtalamh a theastaíonn don aerstráice ar Oileán Thoraigh. Is é an staid reatha ná go bhfuil na léarscáileanna agus na fógraí oifigiúla á réiteach ionas gur féidir seilbh dlíthiúil a fháil ar an suíomh. Tuigim go bhfuiltear ag súil go mbeidh dul chun cinn déanta ar an ghné seo den fhorbairt laistigh d’achar gairid. Question No. 33 answered with Question No. 10. Dáil Éireann 654 Written Answers. Forbairt na nOileán. Questions 20080515
| ||||||||||||||||||||||