Dáil Éireann - Volume 652 - 23 April, 2008

Written Answers. - Clár Tógála Scoileanna.

D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le scoil úr (sonraí tugtha) a thógáil, an bhfuil suíomh úr aimsithe, an bhfuil an suíomh ceannaithe, cén staid ag a bhfuil cúrsaí pleanála don scoil ag an phointe seo; cén uair a chuirfear tús leis an obair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15530/08]

  Deputy Mary Hanafin: Táthar tar éis a iarraidh ar Oifig na nOibreacha Poiblí, a fheidhmíonn thar ceann mo Roinnse go ginearálta maidir le fáil suíomhanna do scoileanna, suíomh oiriúnach a aimsiú don scoil atá i gceist. Táthar tar éis suíomh oiriúnach a shainaithint agus tá fáil an tsuímh sin dulta ar aghaidh go dtí ardchéim. [920] Machnófar ceannach an tsuímh agus an tionscadal tógála atá molta don scoil i gcomhthéacs an Chlár ilbhlianach Tógála agus Nuachóirithe Scoileanna atá ar siúl ag mo Roinnse.