![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 651 - 03 April, 2008 Written Answers. - Irish Language. Deputy Dinny McGinley Deputy Dinny McGinley D’fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair a bheidh an chéad chruinniú eile ag Fóram na Gaeilge; cén chomhairle atá faighte aige ón bhFóram go dtí seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12323/08] Deputy Éamon Ó Cuív Deputy Éamon Ó Cuív Deputy Éamon Ó Cuív: Tá ról leanúnach ag Fóram na Gaeilge chun comhairle a chuir orm maidir le réimsí éagsúla i leith na Gaeilge. Bhí an cruinniú deiridh den Fhóram ar 13 Feabhra 2008 agus níl dáta socraithe don chéad chruinniú eile go fóill. Ag cruinniú a bhí agam le Fóram na Gaeilge ar 5 Márta 2007, aontaíodh go mbunófaí fo-choiste den bhFóram a d’fheidhmeodh mar nasc le mo Roinnse agus í ag gabháil leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a ullmhú. Bhí cruinnithe ag an bhfo-coiste i mí na Bealtaine 2007, Samhain 2007 agus Márta 2008. Beidh an chéad chruinniú eile acu ar 14 Aibreán 2008. I measc nithe eile, rinneadh plé ag na cruinnithe seo maidir le ceapachán comhairleoirí, cinn-teidil na straitéise agus an próiseas comh-chomhairleachta. Dáil Éireann 651 Written Answers. Irish Language. Questions 20080403
| ||||||||||||||||||||||