![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 649 - 04 March, 2008 Written Answers. - Foghlaim na Gaeilge. Deputy Aengus Ó Snodaigh Deputy Aengus Ó Snodaigh D’fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na céimeanna atá a Roinn a ghlacadh chun an ceart bunúsach an Ghaeilge a fhoghlaim, is ceart a luaigh sé i litir 296/2008/ÉÓC/BMD 13 Feabhra 2008, a chur i ngníomh do gach duine in Éirinn, dóibh siúd atá tagtha chun cónaithe anseo san áireamh, agus an bhfuil aon teagmháil ag a Roinn le Ranna eile, nó leis an Rialtas, chun a chinntiú gur féidir le gach duine an ceart sin a chleachtadh, ar sin a éileamh. [8947/08] Deputy Éamon Ó Cuív Deputy Éamon Ó Cuív Deputy Éamon Ó Cuív: Is tagairt d’fhreagra ar chomhfhreagras a d’eisigh mé le déanaí atá luaite sa Cheist seo. Sa fhreagra sin, d’aontaigh mé le tuairimí a nochtaíodh maidir le deiseanna a thabhairt do dhaoine a raibh fonn orthu Gaeilge a fhoghlaim. Níl i gceist agam, áfach, forleathnú a dhéanamh ar chuile píosa comhfhreagrais chuig nó ó m’oifigse i bhfoirm freagra ar Cheist Dála. Dáil Éireann 649 Written Answers. Foghlaim na Gaeilge. Questions 20080304
| ||||||||||||||||||||||