Dáil Éireann - Volume 630 - 31 January, 2007

Written Answers. - An Teanga Ghaeilge.

D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cá fhad ar an meán a thógann sé air litir a fhreagairt as Béarla i gcomparáid leis an méid ama a thógann sé air litir a fhreagairt as Gaeilge. [2385/07]

  Éamon Ó Cuív: Mar Aire is é mo pholasaí agus mo chleachtas déileáil le litreacha san dá theanga oifigiúil go cothrom. Agus é sin ráite, má tá cás faoi leith ag an Teachta go gcreideann sé gur cuireadh moill ar litir de bharr na teanga oifigiúla inar scríobhadh í bheinn buíoch dá bhféadfadh sé sonraí maidir leis an litir sin, an teanga inar scríobhadh í san áireamh, a chur chugam agus fiosróidh mé an scéal ina leith.