Dáil Éireann - Volume 628 - 29 November, 2006

Written Answers. - Foras na Gaeilge.

D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó bunaíodh Foras na Gaeilge sa bhliain 1999 cá mhéad airgid, arna shonrú bliain ar bhliain, a chuir siad ar ais chuig an Roinn. [40808/06]

  Éamon Ó Cuív: Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 509 uaidh den 1 Samhain 2006. Is fiú a lua ag an bpointe seo go raibh botún cló sa tríú sraith den tábla a bhain leis agus gur fuílleach €403,000 agus ní €3,000 a bhí i gceist sa bhliain 2001.