![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 627 - 14 November, 2006 Written Answers. - Clár Tógála Scoileanna. Mr. O’Shea Mr. O’Shea D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a chuirfidh an Roinn litir atá geallta chuig scoil i gContae Phort Láirge (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37674/06] Ms Hanafin Ms Hanafin Ms Hanafin: Tá an Roinn tar éis iarratas a fháil ar mhaoiniú mór caipitil ó údarás bainistíochta na scoile dá dtagrann an Teachta. Measúnaíodh an t-iarratas de réir na gcritéar tosaíochta a foilsíodh do thionscadail foirgníochta ar scála mór agus sannadh rátáil Bhanda a 2 dó. Tá foirniú réamheasta fadtéarmach na scoile dá leagadh amach faoi láthair ag an Rannóg Phleanála Scoileanna. Chomh luath agus atá sé seo socraithe cuirfear scéala chuig an scoil. Tá an Rannóg Phleanála Scoileanna ag súil go mbeidh ar a cumas an fhaisnéis seo a chur ar aghaidh chuig an scoil go gairid. Dáil Éireann 627 Written Answers. Clár Tógála Scoileanna. Questions 20061114
| ||||||||||||||||||||||