Dáil Éireann - Volume 614 - 14 February, 2006

Written Answers. - Scéim na mBoithre.

  462. D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an méid airgid a cheadaigh a Roinn le haghaidh bóithre ar Árainn Mhór, Contae Dún na nGall, i rith na bliana 2005, cad iad na bóithre a deisíodh agus cén méid a caitheadh ar gach bóthar acu sin. [5417/06]

  Éamon Ó Cuív: Cheadaigh mo Roinnse deontas iomlán de €226,150 do Chomhairle Chontae Dhún na nGall i 2005 chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar aon bhóthar déag ar Oileán Árainn Mhóir. Tá sonraí na ndeontas sin, chomh maith le briseadh síos ar an gcaiteachas go data, sa tábla leis seo.

Oibreacha feabhsúcháin ar bhóithre ar Oileán Árainn Mhóir, Contae Dhún na nGall, i 2005

Ainm an Bhóthair

Ceadaithe 2005

Íoctha 2005

Cosaint chósta a neartú taobh leis an bhóthar ag Trá Aphoirt

3,750

0

Ón phríomhbhóthar go bóthar áise i mBaile na Sratha

5,600

0

Bóthar áise i bPlochóg

9,100

0

Bóthar áise i Screig

10,800

0

Ón phríomhbhóthar ag Scréig an tSeabhaic go dtí teach áirithe i bPoll a’ Mhadaidh

11,900

0

[1341] An Cuarbhóthar — paistí briste a athchóiriú agus dromchla tarra a chur orthu

15,000

0

Bóthar Bhaile Ard, cóiriú a dheanamh ar an chuid den bhóthar a thit isteach agus an balla coinneála a dheisiú.

15,000

15,000

An bóthar ó chrosbhóthar Pholl a’ Mhadaidh a cheangal leis an gcuarbhóthar ag an Stáisiún RNLI

20,000

20,000

Bóthar áise i Leab Garbh

35,000

0

Droichead Bhaile na Trá go hAphort a dheisiú

40,000

0

Bóthar áise i bhFál a’ Ghabhann a dheisiú

60,000

60,000

Iomlán

226,150

95,000