![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 609 - 02 November, 2005 Written Answers. - Fostaíocht Gaeltachta. Mr. McGinley Mr. McGinley 422. D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na hiarrachtaí atáá ndéanamh le tionscal a lonnú ar an Chaiseal i nGort an Choirce i nDún na nGall agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31544/05] Mr. McGinley Mr. McGinley 423. D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na tionscail atá lonnaithe ar an Fhál Carrach i nDún na nGall, cad é an líon daoine atá fostaithe i ngach ceann acu agus an bhfuil pleananna ann le monarchana úra a bhunú nó breis fostaíochta a chruthú. [31548/05] Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív: Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 422 agus 423 le chéile. 376 Tuigim óÚdarás na Gaeltachta go bhfuil trí chomhlacht lonnaithe ar an eastát ar an bhFál [376] Carrach i láthair na huaire agus go bhfuil fostaíocht iomlán de 24 post i gceist iontu mar atá léirithe sa tábla seo a leanas:
Níl aon ghnó lonnaithe san fhoirgneamh ar an gCaiseal i nGort an Choirce san am i láthair. Tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an Údarás chun deiseanna fostaíochta a fhorbairt in iar-thuaisceart Dhún na nGall, chomh maith le bheith ag díriú ar pháirc ghnó Ghaoth Dobhair. Sa chomhthéacs sin, nuair atá príomhaithe nua á dtabhairt ar chamchuairt suíomh i nGaeltacht Dhún na nGall, tuigim go gcuirtear an Fál Carrach, Gort an Choirce agus ceantair eile san áireamh freisin. Dáil Éireann 609 Written Answers. Fostaíocht Gaeltachta. Questions 20051102
| ||||||||||||||||||||||||||||||