![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 608 - 26 October, 2005 Written Answers. - Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Mr. M. Higgins Mr. M. Higgins 102. D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh cainteanna aige leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar thuarascáil na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna ar chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30725/05] Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív: Mar is eol don Teachta, is í an tAire Oideachais agus Eolaíochta atá freagrach as cúrsaí oideachais, ar a n-áirítear cúrsaí scolaíochta sa Ghaeltacht. I gcomhthéacs na freagrachta atá ormsa agus ar mo Roinnse i ndáil leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, áfach, bíonn teagmháil rialta leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus le hoifigigh a Roinne chun saincheisteanna ábhartha a phlé, ina measc bunscolaíocht agus meánscolaíocht sa Ghaeltacht. Dáil Éireann 608 Written Answers. Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Questions 20051026
| ||||||||||||||||||||||