![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 608 - 26 October, 2005 Written Answers. - Foclóir Béarla-Gaeilge. Dr. Upton Dr. Upton 1283 [1283] 100. D'fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an bhFoclóir Béarla-Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30721/05] Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív: Tá curtha in iúl dom ag Foras na Gaeilge go bhfuil an t-aischur ar fad a bhaineann le céim a haon den tionscadal foclóireachta faighte ag an bhforas ón gconraitheoir. Tá measúnú á dhéanamh faoi láthair ar na hábhair is déanaí atá curtha ar fáil ag an gconraitheoir agus táthar ag súil go mbeidh céim a haon curtha i gcrích go hiomlán faoi dheireadh na bliana. Maidir le céim a dó den tionscadal — tiomsú agus scríobh an fhoclóra féin — tá conradh déanta ag Foras na Gaeilge leis an bhforas Riaracháin chun measúnú neamhspleách a dhéanamh ar bhainistíocht riosca maidir leis an gcéim sin agus táthar ag súil go mbeidh an measúnú sin curtha i gcrích laistigh de mhí. Chomh maith leis sin, tá pleanáil ar siúl ag an bhforas chun na hacmhainní daonna inmheánacha a earcú a bheidh riachtanach le tabhairt faoi chéim a dó. Dáil Éireann 608 Written Answers. Foclóir Béarla-Gaeilge. Questions 20051026
| ||||||||||||||||||||||