Dáil Éireann - Volume 606 - 04 October, 2005

Written Answers. - Calafoirt agus Céanna.

  385. D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte ina Roinn le haghaidh deontais do Chéidh Thamhnaigh, Cill Chartha, cén staid ag a bhfuil an t-iarratas á mheas agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26764/05]

  Éamon Ó Cuív:Tá iarratas faighte ag mo Roinnse sa chás seo mar aon le meastacháin i leith oibreacha éagsúla chun forbairt a dhéanamh ar an gcéibh atá luaite ag an Teachta. Déanfar an cás a mheas tuilleadh nuair a bheidh deontais faoi scéim na gcéibheanna beaga á gceadú arís amach anseo.