![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 590 - 19 October, 2004 Written Answers - Limistéir Oifigiúla Gaeilge. Mr. O’Shea Mr. O’Shea 1114 [1114] 421. D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén moladh atá aige, má tá, chun seans a thabhairt do limistéir taobh amuigh den Ghaeltacht stádas Gaeltachta a bhaint amach agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [25144/04] Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív: Mar is eol don Teachta, tá conradh chun staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht bronnta ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Beidh an staidéar mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta. Tuigim go mbeidh na roghanna éagsúla tíreolaíocha agus deimeagrafaíochta, a mheastar a bheith oiriúnach mar bhunús chun na limistéir oifigiúla Ghaeltachta a shainiú, á scrúdú mar chuid den staidéar. Dáil Éireann 590 Written Answers Limistéir Oifigiúla Gaeilge. Questions 20041019
| ||||||||||||||||||||||