![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 586 - 25 May, 2004 Written Answers. - Fógraíocht Ranna. Aengus Ó Snodaigh Aengus Ó Snodaigh 135. D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Eachtracha an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. [15137/04] Aengus Ó Snodaigh Aengus Ó Snodaigh 136. D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Eachtracha conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán Lá san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh Foinse le haghaidh fógraí. [15152/04] Aengus Ó Snodaigh Aengus Ó Snodaigh 137. D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Eachtracha cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán Foinse in 2003. [15167/04] Mr. Cowen Mr. Cowen Mr. Cowen: Ba mhaith liom Ceisteanna Uimh. 135, 136 agus 137 a ghlacadh le chéile. Braitheann rogha an mheáin fhógraíochta a úsáideann an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar mhórán rudaí ina bhfuil comhthéacs, cuspóir, agus oiriúnacht an mheáin san áireamh. Chuir an Roinn fógraí san dá nuachtán liostaithe ag an dTeachta i rith an dá mhí déag deireannach. Tá sé ar intinn againn leanúint ar aghaidh leis an bpolasaí seo agus, i mo thuairim, ní gá comórtas a chur ar bun fá choinne na ceiste seo. 445 [445] Chuir an Roinn dhá fhógra sa nuachtán Foinse i rith na mbliana 2003. Íocadh na gnáth táillí atá i bhfeidhm do Ranna an Stáit. Tá gach fógra a chuireann an Roinn socraithe le Brindley Advertising Limited, ag a bhfuil an conradh faoi láthair an tseirbhís seo a chur ar fáil. Dáil Éireann 586 Written Answers. Fógraíocht Ranna. Questions 20040525
| ||||||||||||||||||||||