![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 584 - 27 April, 2004 Written Answers. - An Daonáireamh Náisiúnta. Mr. Sargent Mr. Sargent 106. D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na ceachtanna atá foghlamtha aige ó thorthaí an daonáirimh ó thaobh úsáid na Gaeilge go mórmhór bua na teanga sa Daingean, Co. Chiarraí. [11861/04] Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív: Dírím aird an Teachta ar na freagraí a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 80 den 25 Meitheamh 2003, 527 den 7 Deireadh Fómhair agus 70 den 27 Samhain 2003. 261 [261] Faoi mar a chuir mé in iúl cheana, is léir ó fhigiúirí an daonáirimh 2002 go bhfuil idir ábhar dóchais agus foláirimh iontu. Mar atá ráite agam, beidh sé mar aidhm lárnach agam, agus mé ag tabhairt faoi pholasaithe a fhorbairt amach anseo maidir le ról na teanga sa Stát, spreagadh agus tacaíocht a chur ar fáil chun cur leis an méid dóibh siúd a bhfuil deis acu Gaeilge a úsáid go laethúil. Tá mé cinnte, leis an gcur chuige ceart, agus le gach uile duine ag obair le chéile, gur féidir linn difríocht an-mhór a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht. Maidir leis an Ghaeltacht tááthas orm go bhfuil an Daingean chun tosaigh mar bhaile mór ó thaobh úsáid na Gaeilge de, de réir daonáireamh 2002. Tá infheistíocht suntasach déanta ag mo Roinnse i mbuanú na Gaeilge sa Ghaeltacht agus tá sé tábhachtach go bhfuil torthaí na hinfheistíochta sin le feiceáil sna figúirí is deireanaí. Question No. 107 answered with Question No. 103. Dáil Éireann 584 Written Answers. An Daonáireamh Náisiúnta. Questions 20040427
| ||||||||||||||||||||||