Dáil Éireann - Volume 581 - 09 March, 2004

Written Answers - Decentralisation Programme.

  195. D’fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith dílárú na roinne go dtí Cnoc Mhuire; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [7716/04]

  Éamon Ó Cuív:Déanaim tagairt don bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 1007, 1010, 1013 agus 1017 ar 27 Eanáir 2004 maraon leis an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 150, 159, 167 agus 198 ar 4 Feabhra 2004.

Tá mo Roinn i mbun comhairle leanúnach lena baill foirne maidir leis an tslí is éifeachtaí chun an dílárú atá beartaithe a chur i bhfeidhm agus, mar chuid lárnach den phróiseas sin, tá gach eolas nua á sheachadadh ar na baill chomh luath agus a mbíonn teacht air.

Tá céimeanna éagsúla glactha ag mo Roinnse sa chomhthéacs sin le tamall anuas. Mar shampla: tá aonad díláraithe faoi leith bunaithe chun déileáil leis an gceist seo. Ardoifigeach feidhmiúcháin agus oifigeach cléireachais atá mar fhoireann san aonad seo — is don oifigeach pearsanra atá siad freagrach; tá coiste roinne curtha ar bun freisin ar a bhfuil ionadaíocht ó bhainistíocht shinsearach agus ó fhoireann mo Roinne; tá oifigeach faoi leith roghnaithe chun teagmháil a dhéanamh ar bhonn leanúnach leis an Roinn Airgeadais; tionóltar cruinnithe speisialta de choiste comhpháirtíochta mo Roinne agus baintear leas as na cruinnithe sin chun an fhoireann a choimeád ar an eolas maidir le gach gné den phróiseas dhíláraithe; bíonn mo Roinn i dteagmháil leis na ceardchumainn chomh maith agus tá an t-ábhar seo pléite leo ag an gcomhairle rannúil; tá socrú curtha ar bun chun fógraí nuachta faoin dílárú a eisiúint go rialta agus cuirtear gach doiciméad atá bainteach leis an [1345] bpróiseas díláraithe ar fáil don bhfoireann uile ar na fillteáin poiblí ar an gcóras ríomhphoist.

Chomh maith leis sin, tá mioneolas á bhailiú faoi láthair maidir leis na láthair atá i gceist don dílárúó thaobh mo Roinne de agus tá i gceist pacáistí eolais bunaithe ar sin a scaipeadh ar an bhfoireann go luath. Chomh maith leis sin, tá obair idir lámha maidir le córais a chur i bhfeidhm chun nósanna oibre sna rannáin éagsúla a chur ar thaifead agus chun múnlaí a fhorbairt d’fhonn aistriúéifeachtach fóirne a éascú amach anseo.

Question No. 196 answered with Question No. 122.

Question No. 197 answered with Question No. 142.

Question No. 198 answered with Question No. 153.