![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 581 - 09 March, 2004 Written Answers - Údarás Na Gaeltachta. Mr. O’Dowd Mr. O’Dowd 146. D’fhiafraigh Mr. O’Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin tslí ar dhíol Údarás na Gaeltachta 13 theach saoire in Eanach Mheáin i gceantar na n-oileán i gConamara. [7669/04] Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív 1320 Éamon Ó Cuív:Ag a chruinniú ar 20 Feabhra 2004 rinne an t-údarás rogha maidir leis na tithe, atá luaite sa cheist ón Teachta, a dhíol, agus tá sé curtha in iúl dom go bhfuil an rogha sin á plé fós. Ní fíor dá bhrí sin go bhfuil an mhaoin díolta, ach is fíor go bhfuil próiseas idir lámha. Ardaíodh ceisteanna faoi dhíolachán beartaithe na maoine seo, áfach, agus tá tuairisc [1320] á lorg ag mo Roinn ina thaobh. Táthar ag súil le freagra go luath. Ní bheadh sé tráthúil agamsa ag an staid seo aon ní eile a rá faoi ghnó seo an Údaráis. Dáil Éireann 581 Written Answers Údarás Na Gaeltachta. Questions 20040309
| ||||||||||||||||||||||