![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 572 - 21 October, 2003 Written Answers. - Coimisiún na Galltachta. Mr. Gilmore Mr. Gilmore 126. D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aon phlean aige coimisiún na Galltachta a chur ar bun; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [24043/03] Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Éamon Ó Cuív): Níl aon phlean agam faoi láthair coimisiún na Galltachta a bhunú. Tá sé mar aidhm ag mo Roinnse an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn mórthimpeall na tíre. Ar ndóigh, tá freagracht ar leith ag Foras na Gaeilge maidir le cur chun cinn na Gaeilge go háirithe sna ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí anois agus is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís poiblí ar chaighdeán níos airde. Tá mé cinnte go mbeidh éifeacht mór-shuntasach ag an reachtaíocht nua chun stádas agus sofheichteacht na Gaeilge a mhéadú go mór ar fud na tíre. Question No. 127 answered with Question No. 102. Dáil Éireann 572 Written Answers. Coimisiún na Galltachta. Questions 20031021
| ||||||||||||||||||||||