![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 546 - 12 December, 2001 Written Answers. - Departmental Correspondence. Mr. McDowell Mr. McDowell 32. D'fhiafraigh Mr. McDowell den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén teagmháil a bhí aici le Roinn an Taoisigh i dtaobh na gceisteanna faoin nGaeilge a bheidh sa chéad daonáireamh eile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31825/01] Ms Coughlan Ms Coughlan Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Ms Coughlan): Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a tugadh ar Cheist Uimh. 60 den 29 Bealtaine 2001. Mar a dúradh sa bhfreagra sin, ní raibh comhráite ag oifigigh mo Roinnse le hoifigigh i Roinn an Taoisigh i dtaca le ceisteanna faoin nGaeilge sa chéad daonáireamh eile. Mar is eol don Teachta, is ceist leasaithe faoin nGaeilge a cuireadh i nDaonáireamh 1996 agus is gá go leanfar leis an gceist chéanna sa chéad Dhaonáireamh eile d'fhonn go mbeidh leanúnachas ann i dtaca le tuiscint a bhaint as na freagraí. Tá mé sásta go raibh éifeacht agus ciall leis na ceisteanna faoin nGaeilge sa Dhaonáireamh deireannach. Dáil Éireann 546 Written Answers. Departmental Correspondence. Questions 20011212
| ||||||||||||||||||||||