![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 523 - 11 October, 2000 Written Answers. - Ceapachán Múinteoirí Iarbhunoideachais. Mr. Sargent Mr. Sargent 281. D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth nach raibh aon teagmháil le lucht teagaisc Gaeilge tríú leibhéal sular cuireadh deireadh leis an gCeard-Teastas agus nár chuathas i dteagmháil leo ach oiread sular cuireadh an Teastas nua ar bun. [21531/00] Dr. Woods Dr. Woods 1869 [1869] Minister for Education and Science (Dr. Woods): I mí an Mheithimh, 1999, tar éis athbhreithniú a rinneadh ar an riachtanas a bhain leis an nGaeilge maidir le ceapachán múinteoirí iarbhunoideachais, fógraíodh nach mbeadh an riachtanas sa Ghaeilge ann a thuilleadh le haghaidh ceapacháin mar mhúinteoir iarbhunscoile i gcás bhunáite na múinteoirí sin nár ghá dóibh an Ghaeilge a úsáid ina ngnáthdhualgais laethúla. Measadh go raibh an riachtanas a bhain leis an nGaeilge diúltach, nach é an oiread sin de thairbhe a bhain leis agus go rachadh an t-athrú a bhí i gceist chun leasa do sheasamh na Gaeilge sna scoileanna agus i measc múinteoirí. Measadh, ina theannta sin, go mb'fhusa do mhúinteoirí aistríu idir tuaisceart agus deisceart na hÉireann mar gheall ar an socrú nua. Ba é cuspóir a bhain leis an leasú seo ná córas cóir a chur i bhfeidhm maidir leis na riachtanais a bhain le ceapacháin múinteoirí. Ar an ábhar sin, níor measadh gur ghá próiseas comhairleach a chur i bhfeidhm maidir leis an leasú áirithe sin. Chun freastal cóir a dhéanamh ar riachtanais an chórais iarbhunoideachais maidir le húsáid na Gaeilge mar mheán teagaisc agus cumarsáide, tugadh an teastas Gaeilge do mhúinteoirí iarbhunscoile isteach le héifeacht ó thosach na scoilbhliana 1999-2000. Nuair a bhí an siollabas don teastas Gaeilge do mhúinteoirí iarbhunscoile á cheapadh cuireadh cibé moltaí agus tuairimí maidir le hábhar an tsiollabais a cuireadh faoi bhráid na Roinne san áireamh. Cuirfidh mo Roinnse fáilte i gcónaí roimh aon mholtaí nó tuairimí faoin teastas Gaeilge do mhúinteoirí iarbhunscoile a thiocfaidh ónár gcomhpháirtithe. Dáil Éireann 523 Written Answers. Ceapachán Múinteoirí Iarbhunoideachais. Questions 20001011
| ||||||||||||||||||||||