Dáil Éireann - Volume 506 - 03 June, 1999

Ceisteanna–Questions Priority Questions. - Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht.

5. D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar intinn aici ráiteas a dhéanamh faoi scrúdú ar líon na nGaeilgeoirí sna Gaeltachtaí faoi láthair; an laghdú atá i gceist; agus an ndéarfaidh sí cén plean forbartha teanga atá aici as seo amach. [14734/99]

Éamon Ó Cuív: Tá mo Roinnse faoi láthair ag scrúdú na féidearthachtaí maidir le straitéis teangan don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm i gceantair áirithe Ghaeltachta ar bhonn píolótach. Bheadh sé i gceist sa stratéis seo na fadhbanna agus na deacrachtaí a bhaineann leis an teanga sa Ghaeltacht a aithint, leigheasanna a mholadh agus [70] plean a chur i bhfeidhm. Bheadh sé i gceist freisin mar chuid den stratéis seo scrúdú a dhéanamh ar staid na Gaeilge sna ceantair i gceist.

Tá scéimeanna nua a scrúdú freisin le cur le neart na Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar shampla, fógraíodh scéim campaí samhraidh le gairid d'aos óg na Gaeltachta agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas cinneadh a dhéanamh go luath faoi iarratas maidir le cúntóirí teangan.

Maidir le líon na nGaeilgeoirí sa Ghaeltacht bunaithe ar fhigiúirí an daonaireamh seo mar atá an scéal:

Contae

1986

1991

1996

Dún na nGall

18,823

17,574

17,788

Maigh Eo

8,071

7,096

7,481

Gaillimh

20,873

21,533

24,994

Ciarraí

6,142

5,945

6,132

Corcaí

2,846

2,686

2,756

Port Láirge

1,094

1,035

1,111

An Mhí

602

600

773

Iomlán

58,451

56,469

61,035

Go bunúsach, ó 1986 go 1996 tháinig méadú ó 58,000 go 61,000. Níl mé sásta, áfach, go dtugann na figiúirí sin léargas cruinn dúinn agus mar sin tá eolas á lorg agam ón bPríomh Oifig Staidreamh maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla i ngach toghroinn ceantar Gaeltachta ar fud na tíre. Ar ndóigh, ó thárla nár cuireadh an cheist seo cheana sa daonáireamh níl aon fhigiúirí comparáideacha ar fáil.

Mr. D. Carey: Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an freagra sin ach ní dúirt sé go raibh aon socrú nó córas nua á mholadh aige. Bhí an Teachta Molloy ag déanamh gearáin nuair a bhí sé sa bhFreasúra go raibh múinteoirí á gceapadh sa Ghaeltacht nach raibh aon Ghaeilge acu. An raibh an t-Aire Stáit i gcomhluadar leis an Aire Oideachais chun a fháil amach an bhfuil sé sin fíor i láthair na huaire?

Éamon Ó Cuív: Bhí cruinniú ag an Aire Oideachais liomsa agus le feidhmeannaigh ó Údarás na Gaeltachta agus ó mo Roinnse inné. Tógadh go leor ceisteanna leis an Aire faoi chúrsaí Gaeltachta, oideachas sa Ghaeilge agus na hoileáin. Tá sé seo á dhéanamh mar shraith de chruinnithe idir mo Roinn agus Ranna eile maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. I measc na gceisteanna a ardaíodh tá an cheist a chuir an Teachta anois – ceist inniúlacht mhúinteoirí chun múineadh agus feidhmiú trí Ghaeilge i scoileanna na Gaeltachta. Tá sé sin mar ábhar buartha: táimid ag gníomhú ar an gceist agus ta an t-Aire Oideachais ag scrúdú na ceiste. D'aontaigh muid na chéad chéimeanna eile a thógfaimid maidir leis an bpróiseas seo a bhrú chun cinn.

Mr. D. Carey: Táim sásta leis sin.

An Ceann Comhairle: Tá an t-am thart do [71] Cheisteanna Tosaíochta agus leanfaimid le Ceist a 6.