Dáil Éireann - Volume 492 - 17 June, 1998

Written Answers. - Oibreacha Riachtanacha Feabhsúcháin.

119. D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an [1241] dtuigeann sí na deacrachtaí atá ag iascairí a úsáideann an ché ag Mucros i gCill Charthaigh agus an bhfuil aon phleananna ag a Roinn le hoibreacha riachtanacha feabhsúcháin a dhéanamh gan mhoill. [14565/98]

Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Éamon Ó Cuív): Tá tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais suas go dáta — atá faighte ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall le déanaí — i leith na n-oibreacha feabhsúcháin atá riachtanach ar an gCé seo á meas ag mo Roinnse faoi láthair. Tá súil agam go ndéanfar cinneadh sa chás go luath. [1242]