![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 490 - 07 May, 1998 Written Answers. - Deontas-i-gcabhair. Mr. McGinley Mr. McGinley 84. D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an dtuigeann sí na deacrachtaí a bheidh ag bád farantóireachta Oileán Thoraí i mbliana de bharr easpa áiseanna ag Cé Mhachaire Rabhartaigh; agus cad iad na pleananna atá aici le hiad a réiteach. [10893/98] Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Éamon Ó Cuív) Éamon Ó Cuív Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Éamon Ó Cuív): Tuigim na deacrachtaí a luann an Teachta. Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 24 den 11 Márta 1998. Níl an tuarascáil atá luaite san fheagra sin faighte ag mo Roinnse go fóill. Dáil Éireann 490 Written Answers. Deontas-i-gcabhair. Questions 19980507
| ||||||||||||||||||||||