![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 490 - 07 May, 1998 Written Answers. - Oilean Inis Bigil. Mr. M. Higgins Mr. M. Higgins 77. D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil cinneadh tógtha aici i leith áiseanna taistil a chur ar fáil do mhuintir Inis Bigil. [10854/98] Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Miss de Valera) Síle de Valera Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Miss de Valera): Táim ar an eolas faoi chinneadh Chomhairle Chontae Mhaigh Eo cead pleanála a thabhairt chun carr-chábla a thógáil idir Inis Bigil agus Acaill. Mar atá ráite agam cheana sa Teach seo, thug mé cuairt ar Inis Bigil ar 29 Deireadh Fómhair 1997 agus phléigh mé na deacrachtaí a bhaineann le bealach sábháilte go dtí an mórthír agus ar ais le pobal an oileáin. Tuigim go bhfuil formhór na n-oileánach i bhfábhar carr-chábla mar leigheas ar na fadhbanna seo. 1233 [1233] Tá mo Roinnse ag súil le h-iarratas nua ar chúnamh i leith an tionscnaimh seo le costais athbhreithnithe bunaithe ar chinneadh Chomhairle Chontae Mhaigh Eo agus na coinníollacha a ghabh leis. Ach an t-iarratas sin a bheith faighte déanfar é a mheas, agus déanfar cinneadh ina leith chomh luath agus is féidir. Dáil Éireann 490 Written Answers. Oilean Inis Bigil. Questions 19980507
| ||||||||||||||||||||||