![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 490 - 07 May, 1998 Written Answers. - Fostaíochta Tionscail. Mr. McGinley Mr. McGinley 1195 7. D'fhiafraigh Mr. McGinley[1195]den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén líon fostaíochta a cuireadh ar fáil i ngach Gaeltacht le trí bliana anuas agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10837/98] Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Miss de Valera) Síle de Valera Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Miss de Valera): Glacaim leis gurb í an fhostaíocht lánaimseartha a cruthaíodh i dtionscail a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta atá i gceist go príomha ag an Teachta. Cuirfear an t-eolas sin ar fáil i dtábla sa Tuairisc Oifigiúil. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag an Údarás maidir le fostaíocht a chruthú do mhuintir na Gaeltachta. Mar shampla, i 1997 shrois iomlán na fostaíochta lánaimseartha i gcuideachtaí a fuair cúnamh ón Údarás an bhuaicphointe is airde riamh de 7,854 phost. Chomh maith leis sin shrois an fhostaíocht pháirtaimseartha agus shéasúrach an bhuaichphointe is mó riamh, is é sin, 4,110 post, sa bhliain chéanna. Tá glanghnóthachán iomlán fostaíochta lánaimseartha de bhreis agus 40 faoin gcéad bainte amach ag an Údarás i dtionscail faoina scáth sa Ghaeltacht le seacht mbliana anuas agus tá móriomlán na bhfigiúirí do phoist pháirtaimseartha agus shéasúracha méadaithe faoi dhó ó 1990 i leith. Is dul chun cinn suntasach é sin agus tréaslaim a saothar leis an Údarás. Postanna lánaimseartha a chruthaíodh i dtionscail a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta sna blianta 1995-1997.
Dáil Éireann 490 Written Answers. Fostaíochta Tionscail. Questions 19980507
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||