Dáil Éireann - Volume 488 - 11 March, 1998

Written Answers - Scéim na mBóithre Áise.

103. D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an mó iarratas atá faighte ina Roinn faoi scéim nua na mbóithre áise ó cheantair Ghaeltachta i nDún na nGall agus cén uair a bheidh cinneadh á dhéanamh ar na bóithre a gceadófar deontais ina leith. [6643/98]

Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Éamon Ó Cuív): Tá 530 iarratais faighte ag mo Roinnse ó Ghaeltacht Dhún na nGall faoi scéim na mbóithre áise 1998 agus tá na hiarratais sin a meas faoi láthair. Beidh ar mo Roinn dul i dteagmháil le Comhairle Chontae Dhún na nGall chun meastacháin chostais a fháil ar chuid de na bóithre seo. Déanfar cinneadh ar na bóithre a gcuirfear cúnamh ar fáil ina leith a luaithe is féidir.