![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 483 - 02 December, 1997 Written Answers. - Meastachán Bhord na Gaeilge. Mr. Kenny Mr. Kenny 353. D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráiteas faoin méadú de 15 faoin gcéad i meastacháin Bhord na Gaeilge; an ndéarfaidh sí cén chaoi ina gcaithfear an t-airgead breise seo; an ndéarfaidh sí an mbeidh sé fógraithe do na heagrais éagsúla foirm iarratais a chur isteach do Bhord na Gaeilge; agus an ndéarfaidh sí cad é an ceangal atá idir an Roinn agus an bord ó thaobh chaitheamh an airgid bhreise seo. [21540/97] Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Éamon Ó Cuív) Éamon Ó Cuív Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Éamon Ó Cuív): Is cúram do Bhord na Gaeilge é a chlár oibre a cheapadh agus a fheidhmiú chun an Gaeilge a chur chun cinn agus go háirithe a húsáid mar ghnáthmheán cumarsáide a fhorbairt. Tuigim ón mbord go mbeidh clár oibre na bliana 1998 á réiteach acu in oiriúint don deontas-i-gcabhair do £2.96m don bhliain sin. Bíonn teagmháil rialta idir mo Roinnse agus an bord mar is cuí ag leibhéil éagsúla maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Dáil Éireann 483 Written Answers. Meastachán Bhord na Gaeilge. Questions 19971202
| ||||||||||||||||||||||