Dáil Éireann - Volume 475 - 26 February, 1997

Written Answers - Tionscal Déantúsaíochta san Chlocháin Léith.

115. D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon phlean ag Údarás na Gaeltachta le tionscal déantúsaíochta a bhunú i gceantar an Chlocháin Léith i nDún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5496/97]

Minister for State at the Department for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. Carey): Tuigim go bhfuil tréaniarrachtaí ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun tionscail a aimsiú do spás tionsclaíoch áta ar fáil i gceantar an Chlocháin Léith agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir leis na hiarrachtaí sin. Tá sé ró-luath, áfach, a rá cén toradh a bheidh ar chúrsaí.