![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 475 - 20 February, 1997 Written Answers. - Teilifís na Gaeilge. Mr. Callely Mr. Callely 61. Mr. Callely asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the level of viewership that Teilifís na Gaeilge has received to date; if he has satisfied himself with this level; and if he will make a statement on the matter. [4759/97] Mr. Molloy Mr. Molloy 69. D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta le líon na ndaoine le gléasanna teilifíse atá in ann Teilifís na Gaeilge a fháil agus an bhfuil aon rud beartaithe aige chun an scéal a fheabhsú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4805/97] Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 61 agus 69 le chéile. Dírím aird na dTeachtaí ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Tosaíochta ar 19 Nollaig 1996 faoin ábhar seo. Faoi mar a dúirt mé ar an ócáid sin, tá deimhnithe ag RTÉ go bhfuil sé indéanta do 93 faoin gcéad den daonra Teilifís na Gaeilge a fháil cé go mb'fhéidir go mbeidh ar suas le 20 faoin gcéad den daonra aeróg UHF a fháil. Tá raon de ghníomhaíochtaí bolscaireachta agus eile á ghlacadh agus á fhorbairt ag RTÉ, Teilifís na Gaeilge agus An Post d'fhonn cabhrú leo siúd a bhfuil an chomhartha ar fáil dóibh agus a dteastaíonn uathu Theilifís na Gaeilge a fháil ach a bhfuil fadhbanna acu teacht ar an tseirbhís. Maidir leis an lucht féachanna féin, atá difriúil ó cheist na glacadóireachta, baineann sé sin leis na roghanna pearsanta a mbíonn á ndéanamh ag daoine agus níl feidhm agam ina leith. Dáil Éireann 475 Written Answers. Teilifís na Gaeilge. Questions 19970220
| ||||||||||||||||||||||