![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 470 - 30 October, 1996 Written Answers. - Ghaelscoil de hÍde, Óran Mór. Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív 176. D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist aici aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil de hÍde, san Órán Mór, i gContae na Gaillimhe, le haghaidh cúrsaí iompair scoile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19890/96] Minister for Education (Ms Bhreathnach) Niamh Bhreathnach Minister for Education (Ms Bhreathnach): Ní deintear ceist sheirbhís iompar scoile a chur ar fáil a bhreithniú go dtí go mbíonn aitheantas buan bronnta ar scoil. Cuireadh moladh chuig mo Roinn le déanaí maidir le h-aitheantas buan a thabhairt do Ghaelscoil de hÍde, Óran Mór, Contae na Gaillimhe. Tá an moladh seo á bhreithniú faoi láthair. Chomh luath is atá breith tugtha ag mo Roinn sa chás, cuirfear scéala dá réir chuig Bord Bainistíochta na Scoile. Dáil Éireann 470 Written Answers. Ghaelscoil de hÍde, Óran Mór. Questions 19961030
| ||||||||||||||||||||||