![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 463 - 14 March, 1996 Written Answers. - Iarratas Deontais Reachtála. Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív 32. D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ó Chomharchumann Inis Móir Teoranta ar Dheontas Reáchtála do 1996; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5261/96] Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Cuireadh in iúl do Chomharchumann Forbartha Inis Mór nach n-íocfaí deontas reachtála leis i ndiaidh deireadh na bliana 1995 toisc nach rabhthas sásta go mbíonn forbairt an oileáin i gcoitinne á chur chun cinn go héifeachtach aige. Bhuail mé le toscaireacht ón gcomharchumann ina dhiaidh sin agus, mar thoradh air sin, fuarthas plean oibre cúig bliana le fíordhéanaí a d'ullmhaigh an comharchumann i gcomhairle le coistí eile ar an oileán le hiarratas go níocfaí deontas reachtála i 1996. Tá an cás á bhreithniú ag mo Roinnse faoi láthair agus bheinn ag súil leis go mbeidh ar mo chumas deontas reachtála méadaithe a cheadú le haghaidh 1996 go luath. Dáil Éireann 463 Written Answers. Iarratas Deontais Reachtála. Questions 19960314
| ||||||||||||||||||||||