![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 463 - 14 March, 1996 Written Answers. - Údarás na Gaeltachta. Kathleen Lynch Kathleen Lynch 424 25. Kathleen Lynch asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the number of jobs created by Údarás na Gaeltachta in the most recent year [424] for which figures are available; the average cost per job created in the most recent year for which figures are available; the plans, if any, he has to review the spending by Údarás on job creation; and if he will make a statement on the matter. [17767/95] Mr. M. McDowell Mr. M. McDowell 36. D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag Údarás na Gaeltachta i gcomhlíonadh a dhualgaisí fostaíocht nua a chruthú i gceantair Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi staid na fostaíochta sna Gaeltachtaí éagsúla. [3236/96] Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 25 agus 36 le chéile. I ráiteas a d'eisigh Údarás na Gaeltachta ag deireadh mí Eanáir maidir le torthaí na bliana 1995 léirítear —gur cruthaíodh 1,251 phost nua lánaimseartha sa bhliain sin i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón eagraíocht; —gur thug an meadú post seo an fhostaíocht i gcomhlachtaí a fuair cúnamh ón Údarás go buicphointe 6,835 post; agus. —gurb é £9,600 an meánchostas deontais in aghaidh an phoist sa bhliain sin. Thainig méadú 646 ar líon iomlán na bpost seasúrach chomh maith go dtí buaicleibhéal nua — 3,940. Maidir le hathbhreithniú ar chaiteachas an údaráis ar fhostaíocht a chruthú bíonn athbhreithniú den chineál sin ar siúl go leanúnach ag an Údarás féin agus ag mo Roinnse chun cur leis an éifeachtúlacht i gcoitinne agus chun deiseanna nua fostaíochta a thapú. Táim sásta go bhfuil a dhualgas maidir le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht á chomhlíonadh ag an Údarás — rud a léirítear leis na torthaí fiúntacha atá á mbaint amach that na blianta. 425 [425] Maidir le staid na fostaíochta sna ceantair Ghaeltachta éagsúla is fíor go bhfuil ceantair áirithe ina mbíonn sé deacair fostaíocht a chruthú iontu ach déanann an tÚdarás gach iarracht cúsaí fostaíochta a fheabhú sna ceantair sin agus tá dul chun cinn maith á dhéanamh de réir a chéile. Dáil Éireann 463 Written Answers. Údarás na Gaeltachta. Questions 19960314
| ||||||||||||||||||||||