Dáil Éireann - Volume 463 - 14 March, 1996

Written Answers. - Forbairt Thionscalra Turasóireachta.

14. D'fhiafraigh Miss Harney den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta i dtaobh an iarratais ó Udarás na Gaeltachta le haghaidh feidhmeanna speisialta chun an turasóireacht a chur chun cinn; cén toradh a tháinig as na cainteanna idir oifigigh de chuid na Roinne agus bainistíocht an Údaráis chun teacht ar shocrú inghlactha i dtaobh na ceiste mar a luadh i bhfreagra ar Cheist Dála Uimh. 96 an 31ú Eanáir 1995. [3238/96]

35. D'fhiafraigh Ms O'Donnell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta i dtaobh an iarratais ó Udaras na Gaeltachta le haghaidh feidhmeanna speisialta chun an turasóireacht a chur cun cinn; cén toradh a tháinig as na cainteanna idir oifigigh de chuid na Roinne agus bainistíocht an Údaráis chun teacht ar shocrú inghlactha i dtaobh na ceiste mar a luadh i bhfreagra ar Cheist Dála Uimh. 96 an 31ú Eanáir 1995. [3234/96]

Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 14 agus 35 le chéile.

Mar thoradh ar chomhráite idir [417] oifigigh de chuid mo Roinne agus bainistíocht Udarás na Gaeltachta tá ról aontaithe don eagraíocht sin i dtaca le forbairt thionscal na turasóireachta culturrtha, teanga agus oidhreachta sa Ghaeltacht ar scála teoranta.