![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 461 - 14 February, 1996 Written Answers. - Use of Irish Language. Mr. D. Wallace Mr. D. Wallace 28. Mr. D. Wallace asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the level of use of the Irish language in everyday conversations; and the main steps, if any, he is taking to significantly increase this level of involvement. [3023/96] Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) 1315 Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Tá staitisticí maidir le húsáid na Gaeilge le fáil i [1315] dtuarascáil de chuid Institiúid Teangeolaíochta na h-Éireann dar teideal “Suirbhé Náisiúnta ar Theangacha 1993: Réamhthuarascáil (ITÉ 1993)”. Mar shampla deireann: — breis is an triú cuid de dhaoine fásta gur cainteoirí Gaeilge iad — thart ar 10 faoin gcéad de dhaoine fásta gur úsáid siad Gaeilge sa tseachtain roimhe sin — thart ar 40 faoin gcéad de dhaoine fásta go mbreathnaíonn siad ar chláracha i nGaeilge ar an teilifís — thart ar 31 faoin gcéad de dhaoine fásta go n-éistíonn siad le Raidió na Gaeltachta nó cláracha Gaeilge ar an raidió; agus — thart ar 16 faoin gcéad de dhaoine fásta go léann siad ailt i nGaeilge sna nuachtáin laethúla. Beidh ceist maidir le minicíocht úsáidte na Gaeilge sa Daonáireamh i mbliana a thabharfaidh eolas breise faoin scéal. Aithnítear i gClár an Rialtais chun Athnuachana gur gá, má táthar chun úsáid na Gaeilge a leathnú, go mbraithfeadh an pobal go gcuirfí fáilte roimh aon saoránach a bheidh ag iarraidh gnó a dhéanamh leis an Státchóras trí mheán na Gaeilge. Tá feachtas ar siúl chun feabhas a chur ar an bhfáil atá ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge sa Státchóras. 1316 Is é Bord na Gaeilge an Bord Stáit a bunaíodh chun an Ghaeilge, agus go háirithe a húsáid mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide, a chur chun cinn. Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an mBord chun na críche sin. I measc na n-iarrachtaí sin tá an Bord i mbun: — monatóireachta ar chur i bhfeidhm threoirlínte an Rialtais i leith an dátheangachais — teagmhálacha leis an Earnáil Ghnó chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn san earnáil sin — úsáid na Gaeilge a chothú sna healaíona agus i bhforbairt phobail — mar shampla, Amharclann de hÍde agus Coillte Mach, an Baile Dátheangach; agus — tacaíochta do thograí chun an Ghaeilge a chur chun cinn — ar nós Comórtas Glór na nGael, féilte agus ócáidí — chomh maith leis sin rinne an Bord feachtas fograíochta meán cumarsáide a choimisiúnú dírithe ar úsáid na Gaeilge a [1316] mhéadú i bhfómhar na bliana seo caite — feachtas a mheastar go raibh toradh fónta air. Is comhartha eile í de na hiarrachtaí atá ar bun ag an Rialtas chun úsáid na Gaeilge a leathnú ná bunú Theilifís na Gaeilge. Is fianaise í bunú na seirbhíse nua sin go n-aithníonn an Rialtas go bhfuil sé de cheart ag daoine, a roghnaíonn an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil, teacht a bheith acu, sa teanga sin, ar an earnáil chraoltóireachta theilifíse. Dáil Éireann 461 Written Answers. Use of Irish Language. Questions 19960214
| ||||||||||||||||||||||