Dáil Éireann - Volume 458 - 28 November, 1995

Written Answers. - Extension of Gaeltacht.

30. Mr. Timmins asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the plans, if any, he has to extend the Gaeltacht, particularly to areas that have Gael-scoileanna in the vicinity. [17787/95]

Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Níl aon phleananna agam faoi láthair chun cur leis na limistéir Ghaeltachta faoi mar atá siad leagtha síos in Orduithe na Limistéir Ghaeltachta, 1956-1982.

Tá athbhreithniú ar theorainneacha na Gaeltachta faoi chaibidil agam le tamall, áfach, agus tá réamhscrúdú déanta ag mo Roinn faoin ábhar. Tá comhráite ar siúl agam faoi láthair d'fhonn teacht ar an mbealach is fearr chun athbhreithniú cuimsitheach a chur i gcrích.