![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 458 - 28 November, 1995 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aistriú Feidhmeanna. Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív 22. D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta céard iad na feidhmeanna atá aistrithe ón Roinn Ealaíonn, Cultúir agus Gaeltachta go Bord na Gaeilge agus go dtí Údarás na Gaeltachta i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17505/95] Mr. M. Higgins Mr. M. Higgins Mr. M. Higgins: Aistríodh cúram na ceiste i gcoitinne maidir le cúnamh Stáit chun tréimhseacháin agus nuachtáin i nGaeilge a fhoilsiú ó mo Roinnse go dtí Bord na Gaeilge le héifeacht ó 1 Deireadh Fómhair 1995. 1601 Táim sásta go luíonn an cúram sin le feidhmeanna an Bhoird maidir le húsáid na Gaeilge mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide a chur chun cinn agus leis an mbaint atá aige cheana [1601] féin le cúrsaí fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge tríd an ÁIS. Níor aistríodh aon chúram eile ó mo Roinnse chuig Bord na Gaeilge agus níor aistríodh aon chúram chuig Údarás na Gaeltachta. Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív: An bhfuil scrúdú á dhéanamh maidir le haistriú feidhmeanna eile to dtí Bord na Gaeilge nó Údarás na Gaeltachta? Mr. M. Higgins Mr. M. Higgins Mr. M. Higgins: Ag an bpointe seo níl aon chinneadh déanta aon chúram eile a aistriú, ach, mar is eol don Teachta, tá sé ar intinn agam measúnú a dhéanamh ar obair agus ar chleachtais Ghaeilge i gcoitinne ach má tharlaíonn go mbeidh cinneadh eile ag teastáil nó moltaí á gcur ar aghaidh, sa chás sin rachfaí i gcomhairle leis an mBord nó leis an Údarás, ach níl aon rud beartaithe i láthair na huaire. Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív: An mbeadh an tAire buartha dá ndéanfaí cúraimí breise a aistriú go dtí an Bord agus an tÚdarás, go ndéanfaí lagú ar Roinn ná Gaeltachta tuilleadh thar mar atá déanta go dtí seo agus go mbainfí ón áit lárnach a bhíodh aige i saol na Gaeilge agus i saol na Gaeltachta? Mr. M. Higgins Mr. M. Higgins Mr. M. Higgins: Aontaím leis an Teachta nuair a deir sé go bhfuil athrú tagtha ar Roinn na Gaeltachta. Tá áit lárnach ag an Ghaeilge agus cúrsaí na Gaeltachta ann, príomhbhunchlocha na Roinne, atá níos tábhachtaí ná aon ghné eile dá cúraimí. Freisin, níl aon fhaitíos orm go dtiocfaidh lagú ar an Roinn. Ceapaim go bhfuil sé thar am, b'fhéidir, measúnú a dhéanamh ar na nithe atá ar siúl, ar na heagrais éagsúla agus an cinneadh is fearr a dhéanamh, Sin atá ar intinn agam a dhéanamh agus níl sé ar intinn agam aon rud a dhéanamh gan comhchainteanna a bheith agam leis na heagrais atá i gceist. Dáil Éireann 458 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. Aistriú Feidhmeanna. Questions 19951128
| ||||||||||||||||||||||