Dáil Éireann - Volume 458 - 21 November, 1995

Written Answers. - Cás Cáin Bóthar.

95. D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil cén fáth a bhfuil ar dhuine a thug isteach carr ó Shasana i 1993 agus nár chuir ar an mbóthar é go dtí 1995, agus a bhfuil deimhniú aige dá réir ó na Gardaí, cáin bóthar dhá bhliain a íoc; agus chun a fhiafraí de an gceapann sé go bhfuil sé seo éagórach. [17441/95]

[983] Minister for the Environment (Mr. Howlin): Faoi Alt 20 den Act Airgeadais (Uimhir 2), 1992, tagann dliteanas cánach bóthair i gceist ó dhátha clárúcháin na feithicle sa Stát. Faoi Alt 117 den Act Airgeadais, 1995, cuireadh eisceachtaí ó cheanglas Alt 20 i bhfeidhm ó 2 Meitheamh 1995 ach níl éifeacht leo i leith feithicil a cláraíodh roimhe sin.