![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 457 - 26 October, 1995 Written Answers. - Obair Dheisiúcháin ar Ché Bhearna (Gaillimh). Mr. Clohessy Mr. Clohessy 18. D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuair sé iarratas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag iarraidh cabhair airgid chun obair dheisiúcháin a dhéanamh ar chéibh Bhearna, Contae na Gaillimhe, atá briste de bharr stoirmeacha an gheimhridh seo caite; an gcuirfeadh sé in iúl an bhfuil sé i gceist aige cabhair airgid a chur ar fáil don obair seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15775/95] Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív 73. D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige airgead a cheadú le caoi a chur ar Chéibh Bhearna, i gContae na Gaillimhe, a bhfuil droch-chaoi air; an bhfuil tacaíocht airgid don togra seo iarrtha ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15839/95] Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins) 1674 [1674] Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. M. Higgins): Tógfaidh mé Ceist Uimh. 18 agus Ceist Scríofa Uimh. 73 le chéile. Fuarthas iarratas le fíordhéanaí ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar dheontas mar chabhair chun oibreacha riachtanacha deisiúcháin a dhéanamh ag Cé Bhearna ar chostas measta de £58,000 agus tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil deontas de £50,750 ceadaithe agam don chomhairle chontae chun na críche sin. Seasfaidh an chomhairle chontae fuílleach an chostais agus beidh an obair le déanamh roimh dheireadh na bliana seo. Dáil Éireann 457 Written Answers. Obair Dheisiúcháin ar Ché Bhearna (Gaillimh). Questions 19951026
| ||||||||||||||||||||||