![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 453 - 24 May, 1995 Written Answers. - Beairic an Mháma (Gaillimh). Éamon Ó Cuív Éamon Ó Cuív 972 38. D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Airgeadais an bhfuil aon socruithe déanta maidir le Beairic an Mháma i gContae na Gaillimhe a chur ar fáil, ar choinníollacha, don Choiste Pobail mar ionad pobail agus an bhfuil sé sásta [972] ráiteas a dhéanamh ina thaobh. [7254/95] Minister of State at the Department of Finance (Mr. Coveney) Avril Doyle Minister of State at the Department of Finance (Mr. Coveney): Cuireann Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in iúl dom go bhfuil sé ar intinn acu stáisiún nua a chur in ionad stáisiún na ngardaí atá faoi láthair ag an áit sin. Ní fios go fóill an mbeidh an sean-fhoirgneamh iomarcach do riachtanaisí an Stáit. Cé go bhfuil sé mar polasaí seasta ag na Coimisinéirí, maoin stáit iomarcach ar bith a thairiscint le díol ar an mhargadh oscailte, sa chás nach mbeidh foirgneamh an stáisiúin atá ann faoi láthair ag teastáil, beidh na Coimisinéirí ag dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt agus leis an Aire Airgeadais i leith a dhíol. Dáil Éireann 453 Written Answers. Beairic an Mháma (Gaillimh). Questions 19950524
| ||||||||||||||||||||||