Dáil Éireann - Volume 438 - 09 February, 1994

Written Answers. - Scoil Shailearna, Indreabhán.

192. D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an gcuirfidh sí gach eolas ar fáil faoin gcinneadh airgead a chur ar fáil i Meastacháin 1994 le haghaidh Scoil Shailearna, Indreabhán, Contae na Gaillimhe.

Minister for Education (Ms Bhreathnach): Mar is eol don Teachta, tá an scéim tógála don scoil seo ar cheann de na scéimeanna a ndéanfar conradh ina leith i 1994.

Ní fios go fóil cé mhéid airgid a chaithfear ar an scéim seo i 1994.