Dáil Éireann - Volume 435 - 16 November, 1993

Written Answers. - Toghchán Údarás na Gaeltachta.

213. D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil dáta socair go fóill do thoghchán Údarás na Gaeltachta.

Minister of State at the Department of Arts, Culture and the Gaeltacht (Mr. Gallagher, Donegal South West): Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra ar Cheist Dála faoin ábhar céanna a thug mé ar 29 Aibreán seo caite. Níl dáta socraithe go fóill don chéad toghchán eile.