![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 417 - 24 March, 1992 Written Answers. - Tionscal do Ghleann Cholm Cille (Dún na nGall). Mr. McGinley Mr. McGinley 96. D'fhiafraigh Mr. McGinley d'Aire na Gaeltachta an bhfuil socrú tionscal a lonnú i monarcha na mart i nGleann Cholm Cille; cén sórt tionscail atá i gceist; an dáta ar ceadaíodh an tionscal; agus cén uair a bheas sé faoi lánseol. Minister for the Gaeltacht (Mr. Wilson) John P. Wilson Minister for the Gaeltacht (Mr. Wilson): Tuigim ó Údarás na Gaeltachta: go bhfuil tionscal siúinéireachta le dul i mbun gnó sa mhonarcha i gceist — atá athchóirithe agus innealra nua curtha isteach inti ag na príomhaithe — thart faoi dheireadh na míosa seo; gur ceadaíodh an togra sin sa chéad dul síos i mí an Mheithimh 1990, gur ceadaíodh cúnamh breise dó i mí Aibreán 1991 ach go raibh moill lena thosú; agus go meastar go mbeidh an tionscal faoi lánseol laistigh de sé mhí nó mar sin ó dháta a thosaithe. Dáil Éireann 417 Written Answers. Tionscal do Ghleann Cholm Cille (Dún na nGall). Questions 19920324
| ||||||||||||||||||||||