![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 416 - 20 February, 1992 Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Mr. McGinley Mr. McGinley 8. D'fhaifraigh Mr. McGinley d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn ag a Roinn ardú costaisí lóistín a cheadú do mhná tí na Gaeltachta a mbíonn daltaí coláistí Gaeilge samhraidh ar lóistín acu; agus má tá, cad é méid an ardaithe. Mr. Wilson Mr. Wilson Mr. Wilson: Níl sé i gceist méadú a dhéanamh ar an deontas a íocann mo Roinn faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana. Mr. McGinley Mr. McGinley Mr. McGinley: Cuireann sé brón orm an scéal sin a chloisteáil. Bhíomar ag súil go mbeadh ardú suntasach le fáil ag na mná tí i mbliana. Shíl na mná tí iad féin sin. An dtuigeann an tAire nach bhfuair siad aon ardú, chomh fada agus is eol dom, ó bhí 1990 ann, agus nach bhfuil siad ag fáil in aghaidh an lae ach trí phunt agus caoga pingin, agus tá a fhios againn go bhfuil an costas maireachtála ag dul suas i rith na bliana. Sílim go bhfuil sé thar am go dtabharfaí ardú do na mná tí seo. Caithfimid an caighdeán a choinneáil suas. Cuirtear lóistín maith ar fáil dóibh, cuirtear béilí maithe ar fáil dóibh agus d'iarrfainn ar an Aire athmhachnamh agus athscrúdú a dhéanamh ar an scéal agus fiú amháin ardú a thabhairt dóibh a choinneodh suas leis an ráta boilscithe. Mr. Wilson Mr. Wilson Mr. Wilson: Tá a fhios agam nach bhfuair siad ardú ar bith ó 1990 i leith ach fuair siad ardú suntasach sa bhliain sin agus níl an t-ardú ídithe go fóill. Tá cruthú de shórt éigin sa mhéid eolais seo, is é sin go bhfuil ardú ó 1986, ó 16,600 go dtí 20,594 d'fhoghlaimeoirí ag freastal ar na Gaeltachtaí. Aontaím leis an Teachta go bhfuil jab maith á dhéanamh ag na mná tí sin. Tá a fhios agam go bhfuil béilí maithe curtha ar fáil do na foghlaimeoirí. Ná déan dearmad gur chaith mise mar ógánach seal i nGaeltacht Thír Chonaill, ní i nGaoth Dobhair, mo léan, ach i Rann na Feirste, agus tá eolas agam ar na mná tí sin, chomh cumasach agus chomh maith agus atá siad do na scoláirí. Mr. McGinley Mr. McGinley 100 [100] Mr. McGinley: Thuigeamar gur cuireadh £150,000 breise ar fáil sa Cháinaisnéis do na coláistí Gaeilge. An bhfuil sé sin ann le tacaíocht a thabhairt do bhreis daoine a dhul chun na Gaeltachta nó an raibh sé ar intinn é a thabhairt do na mná tí, mar a bhíomar uilig ag súil leis? Mr. Wilson Mr. Wilson Mr. Wilson: Breis daoine. Mar a dúirt mé, nuair a bhí mé ag léamh amach na bhfigiúirí ansin, tá ardú tagtha ar an líon foghlaimeoirí ó 16,000 i 1986 go dtí 20,000. Dá bhrí sin táimid ag súil go mbeidh níos mó foghlaimeoirí ag dul go dtí na Gaeltachtaí éagsúla an samhradh seo chugainn. An Ceann Comhairle Seán Treacy An Ceann Comhairle: Anois caithfimid bualadh ar aghaidh go dtí ceist 9 agus d'fhéadfainn a rá leis an Aire, dá mbeadh ceist 4 ann roimh ré, rud nach raibh, bheadh sé leis na ceisteanna eile atá—— Mr. Wilson Mr. Wilson Mr. Wilson: Mar sin, caithfidh mé dul ag lorg ceist 4. An Leas-Cheann Comhairle Jim Tunney An Leas-Cheann Comhairle: Is é an t-eolas atá agam anseo ná go raibh tú chun Ceisteanna 4, 9, 25, 53 agus 91 a fhreagairt. Ach de bhrí nár fhreagair tú ceist 4 níos luaithe, tá mé ag glacadh, mar a tharlaíonn gach uair anseo, go gcuirfidh tú ceist 4 isteach leis na ceisteanna eile. Tá an Teachta Madeleine Taylor-Quinn sásta leis sin, agus is cuma má bhíonn éinne eile míshásta. Mr. McCartan Mr. McCartan Mr. McCartan: Tá ceist 4 thart? Leas-Cheann Comhairle Jim Tunney Leas-Cheann Comhairle: Níl Ceist 4 thart. Ní thuigeann an Teachta rialacha an Tí, agus tá glactha ag—— Mr. McCartan Mr. McCartan Mr. McCartan: I understand the Rules of the House but sometimes I do not understand your rules. Leas-Cheann Comhairle Jim Tunney Leas-Cheann Comhairle: The Chair is not responsible for the Deputy's ignorance of the rules. An tAire. Mr. Wilson Mr. Wilson Mr. Wilson: An prionsabal atá agamsa ná, ná déan nós, ná bris nós. Dáil Éireann 416 Ceisteanna — Questions. Oral Answers. Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Questions 19920220
| ||||||||||||||||||||||