Dáil Éireann - Volume 412 - 06 November, 1991

Written Answers. - Coibhneas idir Daltaí agus Múinteoirí.

120. D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais cad é an coibhneas idir daltaí agus múinteoirí i mbunscoileanna lán-Ghaelacha taobh amuigh den Ghaeltacht; an ionann é agus an coibhneas i mbunscoileanna Gaeltachta agus an bhfuil sé ar intinn aici aon athrú a dhéanamh ar an gcoibhneas.

Minister for Education (Mrs. O'Rourke): Sé an coibhneas idir daltaí agus múinteoirí i mbunscoileanna i gcoitinne ná 25.8.1. Níl sonnraí ar leith ar fáil faoin coibhneas idir daltaí agus múinteoirí i mbunscoileanna lán-Ghaelacha nó i mbunscoileanna Gaeltachta.